Displaying 311-320 of 1142 results.
Ceardlann Scannánaíochta
Created : 18 Apr 2023, 2:45 PM
Archived : 18 Jun 2023, 12:00 AM
Sa cheardlann scannánaíochta is deireanaí a bhí ag daltaí na hIdirbhliana, d'fhoghlaim siad faoi bheochan íomhá ar íomhá [Stop-motion Animation]
Táimid ag súil lena gcuid oibre a fheiceáil go luath!
Cairt Inbhuanaitheacht Chorca Dhuibhne
Created : 18 Apr 2023, 10:40 AM
Archived : 18 Jun 2023, 12:00 AM
Bhí daltaí ó Chomhairle na Mac Léinn agus ó Choiste Gaolainne na Pobalscoile, Ella Ní Ainiféin, Tom Ó Neachtain agus Ruairí Ó hÓgáin chomh maith le daltaí ó West Springfield High School Massachusetts, SAM agus Conor Cordubh páirteach in ócáid in Óstán na Sceilge inné nuair a deineadh an chairt inbhuanaitheacht a lainseáil go hoifigiúil.
West Springfield High School i bPCD
Created : 17 Apr 2023, 8:44 AM
Archived : 17 Jun 2023, 12:00 AM
Cuirfimid fáilte is fiche roimh dhaltaí, mhúinteoirí agus thuismitheoirí West Springfield High School!
Duais don Script Scannán is fearr buaite ag Malachaí Ó Ciardhubháin dá scannán trí Ghaeilge 'Nellie' !
Created : 13 Apr 2023, 1:57 AM
Archived : 13 Jun 2023, 12:00 AM
Bhuaigh Malachaí Ó Ciardhubháin gradam don Script Scannán is fearr dá scannán ‘Nellie’ sa Chomórtas Scannánaíochta 'Fresh Film' a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath aréir. Comhghairdeachas ó chroí Malachaí.
Comórtas Scannánaíochta ar RTÉ2 Dé Céadaoin 12 Aibreán @7:00 i.n.
Created : 11 Apr 2023, 5:33 PM
Archived : 11 Jun 2023, 12:00 AM
Beidh an chomórtas scannaíochta á chraoladh ar RTÉ 2 @7:00 i.n. amárach.
Go n-éirí le gearrscannán Mhalachaí agus le Páidí & Antaine na príomhcharachtair sa scannán.
Beannachtaí na Cásca oraibh go léir!
Created : 01 Apr 2023, 11:31 AM
Archived : 08 Jun 2023, 12:00 AM
Nathanna deasa cainte
Bia glan na Nollag agus éadach deas na Cásca!
Aoine an Chéasta is mór an céasadh bainne a ól, Is Domhnach Cásca is mór an náire a bheith gan feoil!
Bonn uile Éireann buaite ag Kieran Ó Catháín!
Created : 04 Apr 2023, 10:56 AM
Archived : 04 Jun 2023, 12:00 AM
Bhain Kieran an chéad áit amach sa chomórtas caitheamh meacháin faoi 16 bliana. Comghairdeachas Kieran!
Inniu an chéad lá d‘Aibreán!
Created : 01 Apr 2023, 11:22 AM
Archived : 01 Jun 2023, 12:00 AM
Sceimhle! Sceimhle! An chéad lá
‘gheimhreadh
Scanradh! Scanradh! An chéad lá ‘shamhradh
Amadán! Amadán! An chéad lá d‘Aibreán
Comórtas Labhairt na Gaeilge
Created : 01 Apr 2023, 10:00 AM
Archived : 01 Jun 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas le hEmma Ní Chonchúir, Bl.6 a bhuaigh spotduais na seachtaine!
Comhghairdeachas leis le Katie Ní Mhóráin i mBl. 1 a chríochnaigh an seanfhocal;
Mura bhfuil agat ach pocán gabhair, bí i lár an aonaigh leis!
Buíochas le Jessie agus Mela a chabhraigh le Tom agus Ruairí (Coiste Gaeilge) leis an gcrannchur ar maidin.
Nellie!
Created : 30 Mar 2023, 2:27 PM
Archived : 30 May 2023, 12:00 AM
Seo nasc go dtí an scannán gairid a chruthaigh Malachaí don Chomórtas Scannánaíochta 'Fresh Film' . Is iad Páidí Mac Gearailt agus Antaine Ó Séaghdha na príomhcharachtair sa scannán.
Go n-éirí le Malachaí inniu. ![32.png](https://fonts.gstatic.com/s/e/notoemoji/15.0/1f415/32.png)
![32.png](https://fonts.gstatic.com/s/e/notoemoji/15.0/1f415/32.png)