Displaying 301-310 of 1275 results.
An Idirbhliain
Created : 16 Nov 2023, 10:31 AM
Archived : 16 Jan 2024, 12:00 AM
Bhí ana lá ag daltaí na hIdirbhliana ar a dturas go dtí Páirc Spraoi Kartworld i gCnocán na Biolraí i gCorcaigh inné.
Rugbaí na mBuachaillaí faoi 16
Created : 15 Nov 2023, 4:43 PM
Archived : 15 Jan 2024, 12:00 AM
Kings Cup
Níor éirigh le foireann rugair na Pobalscoile an ceann is fearr a fháill ar fhoireann Mhala an babhta seo ach thugadar ana thaispéantas uathu.


Pionsóireacht le Bl.4
Created : 15 Nov 2023, 2:37 PM
Archived : 15 Jan 2024, 12:00 AM
Bhí daltaí ó Bhliain 4 ag foghlaim conas pionsóireacht a imirt inniu le cabhair ó Phatrick Dight ó Chumann Pionsóireachta na hÉireann.
Oireachtas na Samhna 2023
Created : 13 Nov 2023, 12:49 PM
Archived : 15 Jan 2024, 12:00 AM
Ba mhaith linn tréaslú leis na daltaí seo a leanas a ghlac páirt san Oireachtas i mbliana.
Róisín Ní Ógáin agus Seán Dalby a bhain an chéad áit amach leis an Agallamh Beirte, Buairt & Clampar i dTigh Bheití & Muiris.
Róisín Ní Ógáin a bhain an chéad áit amach san Aithriseoireacht chomh maith.
Sadhbh Nic Fhloinn a chan Amhrán na Leabhar sa Chomórtas Amhránaíochta faoi 12.
Seán Ó Mainín a ghlac páirt sa Chomórtas Scéalaíochta leis an scéal Dónall Dubh.
Cillian Ó Dálaigh a ghlac páirt sa Chomórtas Scéalaíochta (As láthair).
Luke Ó Beaglaoi agus Jason Ó Grifín (As láthair) a ghlac páirt sa Chomórtas Agallamh Beirte le Obair Bhaile.
Éimhín Dalby & Sibéal Ní Shéaghdha a ghlac páirt sa Chomórtas Agallamh Beirte le Nain agus Gráinne.
Comhghairdeachas libh go léir, táimid an-mhórálach asaibh go léir. Bail Ó Dhia oraibh.
Bonn Óir buaite ag Mattias Ó Coileáin sa snámh!
Created : 14 Nov 2023, 8:37 AM
Archived : 14 Jan 2024, 12:00 AM
Seó Bóthair
Created : 13 Nov 2023, 4:41 PM
Archived : 14 Jan 2024, 12:00 AM
Thug an Seó Bóthair cuairt ar rang na hIdirbhliana ar an gCéadaoin. Spreagann an cheardlann idirghníomhach seo daltaí a chur ag smaoineamh faoi na deiseanna fostaíochta agus cúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil. Bhain na daltaí an-taitneamh as an gceardlann!
Turas go Dún Chaoin leis an Idirbhliain
Created : 13 Nov 2023, 12:55 PM
Archived : 14 Jan 2024, 12:00 AM
Chuaigh na ranganna Gaeilge i mBliain 4 ar thuras go Dún Chaoin le déanaí . Dheineadar Siúlóid na Cille agus chaitheadar cúpla uair an chloig in Ionad an Bhlascaoid.
Cork Pops
Created : 13 Nov 2023, 2:33 PM
Archived : 13 Jan 2024, 12:00 AM
Bhain Bliain a 1 an-taitneamh as a dturas go dtí Ceolchoirm
Cork Pops a bhí ar siúl i gCorcaigh le déanaí.


Comórtas Labhairt na Gaelainne
Created : 10 Nov 2023, 1:55 PM
Archived : 13 Jan 2024, 12:00 AM
Tá spotduais na seachtaine, dearbhán do cheaintín na scoile agus ticéad go dtí an chéad Laochra Am Lóin eile buaite ag Killian Mac Gearailt i mBliain 1. Buíochas le Jay agus Joe Ó Laighléis a chabhraigh le Tom Ó Neachtain agus Niamh Nic Dhomhnaill (Coiste Gaelainne) leis an tarrac maidin inniu.
Seachtain Feasacha 'Seas Suas' ón 6 - 10 Samhain
Created : 10 Nov 2023, 12:22 PM
Archived : 10 Jan 2024, 12:00 AM
Teastaíonn uainn go mbraithfeadh gach uile duine inár scoil sábháilte, cothrom lena chéile agus go léireófaí ardmheas dá chéile sa scoil i gcónaí.
I dteannta chéile is fearr sin.