Displaying 291-300 of 1142 results.
Painéal Mionúr Chiarraí 2023
Created : 02 May 2023, 2:56 PM
Archived : 02 Jul 2023, 12:00 AM
 
Comhghairdeachas le Paudie Mac Gearailt, James de hÓra, Aodhna Ó Beaglaoich agus Seán Ó Cuinn atá ainmnithe ar phainéal mionúr an chontae 2023.
Foireann Rugbaí Chiarraí faoi 17
Created : 02 May 2023, 2:55 PM
Archived : 02 Jul 2023, 12:00 AM
Bhí na daltaí seo a leanas, Diarmuid Ó Ciardubháin, Ronan Ó Conchúir, Cathal Ó Dufaigh, James Ó Néill, JJ Mac Liam agus Stanley Knight ag imirt ar fhoireann Rugbaí Chiarraí faoi 17 i rith an deireadh seachtaine.  Comhghairdeachas libh!
Corpoideachas le Bliain.4
Created : 28 Apr 2023, 9:16 AM
Archived : 28 Jun 2023, 12:00 AM
 32.png32.png32.pngBhain Bliain 4 súp as an ngalf dhá mhaide, an sacar agus an galf mearaí maidin inné.
Togra.
Created : 28 Apr 2023, 9:10 AM
Archived : 28 Jun 2023, 12:00 AM

Má tá suim ag éinne sa togra seo téigí ag caint le hEibhlís Ní Chearna.

Comórtas Scileanna Gairme 2023
Created : 27 Apr 2023, 2:25 PM
Archived : 27 Jun 2023, 12:00 AM

Ghlac Ruairí Ó hÓgáin agus Ella Ní Ainiféin, Bliain 4, páirt sa Chomórtas Scileannta Gairme 2023 agus bronnfar Teastas Molta orthu beirt ag ócáid bhronnta i mBaile Átha Cliath ar an gCéadaoin, 10 Bealtaine. Beidh an tAire Oideachais i láthair ag an ócáid. Comhghairdeachas leo!

Comórtas Iriseoireachta, Press Pass
Created : 27 Apr 2023, 2:19 PM
Archived : 27 Jun 2023, 12:00 AM

Tá Grace de Bhál agus Oisín Ó Fearghail cáillithe do bhabhta ceannais Press Pass a bheidh ar súil sa Staid Aviva ar an 9 Bealtaine 2023.  Go n-éirí libh!    

Comórtas Cócaireachta
Created : 27 Apr 2023, 2:15 PM
Archived : 27 Jun 2023, 12:00 AM
Bhain Tom Ó Neachtain, Bliain 4, an tríú háit amach sa chomórtas cócaireachta 'Savour our Flavour' a bhí ar súil inné i mBaile Uí Mhaolmhuaidh. Comhghairdeachas Tom!  32.png32.png32.png
Bonn na Mumhan sa Chaid buaite ag Hayley, Hannah, Sadhbh agus Jessie!
Created : 25 Apr 2023, 1:48 PM
Archived : 25 Jun 2023, 12:00 AM

 32.png32.png 

Tá bonn na Mumhan sa chaid faoi 16A  buaite ag Hannah Nic Gearailt agus Sadhbh Ní Shlattara, Bl.3,  bonn na Mumhan faoi 16B buaite ag Hayley Ní Fhlaithearta, Bl.3 agus bonn na Mumhan faoi 14A buaite ag Jessie Ní Loingsigh. 

 Comhghairdeachas a chailíní.  32.png Táimid an-mhórálach go deo asaibh!
Comórtas Labhairt na Gaolainne
Created : 21 Apr 2023, 2:11 PM
Archived : 21 Jun 2023, 12:00 AM
B'í Sibéal Ní Shéaghdha (Bliain 2) a bhuaigh spotduais na seachtaine seo maidin inniu.  Comhghairdeachas leat! Buíochas le Rubi Ní Chinnéide a chabhraigh le Caoimhe Ní Chíobháin agus Louise Ní Chíobháin (Coiste Gaeilge) leis an tarrac ar maidin!
 
Spotduais na seachtaine seo: Ticéad go dtí Laochra Am Lóin#3 an mhí seo chugainn agus dearbhán 5 euro do cheaintín na scoile.  Buíochas le hEdie Hall i mBliain 6 (Coiste Gaeilge) a dhearaigh an dearbhán álainn don cheaintín!
 
Jessie ag imirt ar fhoireann Chiarraí i gCraobh Chaide na Mumhan faoi 14 A amárach!
Created : 21 Apr 2023, 2:07 PM
Archived : 21 Jun 2023, 12:00 AM

Go n-éirí go geal le Jessie Ní Loingsigh, Bl. 1 a bheidh ag imirt ar fhoireann Chiarraí i gCraobh Chaide na Mumhan faoi 14 A i Mala amárach.