Displaying 281-290 of 1275 results.
Oireachtas Rince na Mumhan
Created : 01 Dec 2023, 10:59 AM
Archived : 31 Jan 2024, 12:00 AM
Comhghairdeachas le cailíní PCD a ghlac páirt in Oireachtas Rince na Mumhan le déanaí - Sadhbh Madeley, Bl.2, Mairéad Ní Dhubhaigh agus Katie Ní Éanacháin, Bl. 4. Nár laga Dia sibh!
Comórtas Labhairt na Gaelainne
Created : 01 Dec 2023, 10:56 AM
Archived : 31 Jan 2024, 12:00 AM
Tá spotduais na seachtaine seo, dearbhán do cheaintín na scoile agus ticéad go dtí an chéad Laochra Am Lóin eile sa Bhliain Nua buaite ag Sarah Ní Chonchúir i mBliain 5. Buíochas le Mairéad Ní Dhubhaigh agus Niamh Nic Dhómhnaill (Coiste Gaelainne) a d'eagraigh an crannchur maidin inniu!


Comórtas Seanfhocail
Created : 01 Dec 2023, 10:53 AM
Archived : 31 Jan 2024, 12:00 AM
Cispheil na gCailíní faoi 19C.
Created : 01 Dec 2023, 9:44 AM
Archived : 31 Jan 2024, 12:00 AM
Foireann faoi 19C a bhi ag imirt inné. Ní raibh an bua acu ach bhi sprid iontach acu. Beidh lá eile ag an bPaorach!
Cispheil na gCailíní faoi 16 B.
Created : 29 Nov 2023, 4:16 PM
Archived : 29 Jan 2024, 12:00 AM
Níor éirigh le foireann na Pobalscoile an ceann is fearr a fháill ar fhoireann Thrá Lí an babhta seo ach thugadar ana thaispéantas uathu.
Cispheil na gCailíní faoi 16 B.
Created : 29 Nov 2023, 1:32 PM
Archived : 29 Jan 2024, 12:00 AM
Go n-éirí le foireann na gCailíní atá cáilithe anois don gcluiche ceannais a bheidh ar súil @ 2:30 i.n. inniu!
Teagascóirí Aos Oideachais ag teastáil /Adult Education Tutors required.
Created : 28 Nov 2023, 12:46 PM
Archived : 28 Jan 2024, 12:00 AM
Teagascóirí Aos Oideachais ag teastáil /Adult Education Tutors required.
Déan teagmháil ar 087-7951743 nó sf@pcd07.ie
Pdf-1
Feachtas bailithe airgid
Created : 24 Nov 2023, 1:18 PM
Archived : 24 Jan 2024, 12:00 AM
Tá feachtas bailithe airgid ar bun againn faoi láthair chun cabhrú le costas an Cubbie.
- Tá cártaí urraíochta ag na daltaí don rith Santa 5 km
- Tá cuntas Gofundme. Tá an nasc anseo má theastaíonn ó éinne é a scaipeadh: https://gofund.me/da6a8cc0
- Bhí comórtas cispheile eagraithe i rith an deireadh seachtaine agus bailíodh €720.
Go raibh maith agat.
Comórtas Labhairt na Gaolainne
Created : 24 Nov 2023, 1:15 PM
Archived : 24 Jan 2024, 12:00 AM
Ba í Bea Ní Loinsigh (Bliain 1) a bhuaigh spotduais na seachtaine seo, dearbhán do cheaintín na scoile agus ticéad go dtí an chéad Laochra Am Lóin eile sa Bhliain Nua. Comhghairdeachas leat! Buíochas le Mairéad Ní Dhubhaigh (Coiste Gaelainne) a dhein an tarrac ar maidin. Níl le déanamh agaibh ach Gaelainn a labhairt le chéile timpeall na scoile le bheith san áireamh.
Stephen Kiernan
Created : 24 Nov 2023, 1:10 PM
Archived : 24 Jan 2024, 12:00 AM
Thug an scríbhneoir/ spreagthóir, Stephen Kiernan píosa cainte an-spreagúil uaidh agus é ag déanamh cur síos ar an leabhar atá foilsithe aige 'Brilliant Mondays - How Ordinary People Achieve Extraordinary Things' do dhaltaí ó Bhl.4, 5 agus 6 le déanaí. Mhínigh sé dóibh conas na prionsabail agus na príomhsmaointe atá sa leabhar a chur i bhfeidhm.