Displaying 271-280 of 1275 results.
Bailiúchán ar mhaithe le Cumann Naomh Uinseann de Pól.
Created : 20 Dec 2023, 12:07 PM
Archived : 20 Feb 2024, 12:00 AM
Bhailigh daltaí Bhliain 2 €3,500 ar shráideanna an Daingin inné ar mhaithe le Cumann Naomh Uinseann de Pól. Ár mbuíochas le gach éinne a chabhraigh agus a thacaigh leo.
Rás Santaí
Created : 20 Dec 2023, 10:58 AM
Archived : 20 Feb 2024, 12:00 AM
Rás Santaí
D'éirigh linn Rás Santaí a bheith againn ar deireadh! Cé go raibh ceathanna troma báistí ann ar an lá, níor chuir sé seo aon lag mhisneach ar na lúthchleasaithe!
An chéad áit: Tiarnan Ó Loinsaigh (Sóisear - 17:39 nóim)
An dara háit: Eoin Ó Muircheartaigh
An chéad áit: Oscar Ó Donnagáin (Sinsear)
An chéad cailín: Jessie Ní Loingsigh
Múinteoir: Eoghan Ó Gealbháin
Culaith is fearr: Aodhán Ó Súilleabháin (Sóisear)
Culaith is fearr: Kieran Ó Ceilleachair (Sinsear)
Táimid go mór faoi chomaoin ag na gnóanna áitiúla : Harrington's. Ollmhargadh Uí Ghairbhí, An Diner, Siopa Spóirt Uí Ghairbhí agus Bean in Dingle a thug duaiseanna dúinn agus do na Gardaí a threoraigh gach éinne go sábhálta timpeall an Daingin.
Dr. Jerry Reen linn.
Created : 19 Dec 2023, 12:44 PM
Archived : 20 Feb 2024, 12:00 AM
Bhí an Dr. Jerry Reen, léachtóir Mhicribhitheolaíochta i gColáiste na hOllscoile Corcaigh (agus iarscoláire de chuid CBS An Daingin) ag labhairt le na daltaí i mBliain 5 & 6 go bhfuil suim acu Eolaíocht a dhéanamh sa choláiste.
Ranganna Oíche – Eanáir 2024
Created : 19 Dec 2023, 10:36 AM
Archived : 19 Feb 2024, 12:00 AM
Griangrafadóireacht/Photography 8 wk €140
Spáinnis/Spanish 8 wk €140
Iodáilis/Italian 8 wk €140
Ranganna Giotár do Thosnaitheoirí/Fred Cooke Guitar lessons for beginners 8 wk €140
Fraincís / French 8 wk €140
Gaeilge/ Irish
Garchabhair/First Aid
Pilates (Clinical)
Safe Pass
Teagmháil: 087 7951743 nó sf@pcd07.ie
Fócas ar Litearthacht
Created : 15 Dec 2023, 11:51 AM
Archived : 19 Feb 2024, 12:00 AM
Comórtas Labhairt na Gaelainne
Created : 15 Dec 2023, 1:20 PM
Archived : 15 Feb 2024, 12:00 AM
Bhronn Róisín Ní Ógáin agus Sadhbh Nic Fhloinn (Coiste Gaelainne) dhá spotduais an tseachtain seo, ceann ar Dhara Mac an tSíthigh i mBliain 1agus ceann ar Órla May Ní Ghrifín i mBliain 2. Comhghairdeachas libh.

Bronnfar dearbhán 50 euro le haghaidh siopa spóirt Uí Ghairbhí Dé hAoine seo chugainn. Le bheith san áireamh, níl le déanamh agaibh ach Gaelainn a labhairt le chéile timpeall na scoile!
Rugbaí na mBuachaillí faoi 19.
Created : 12 Dec 2023, 10:43 AM
Archived : 12 Feb 2024, 12:00 AM
Rugbaí na mBuachaillí faoi 19.
Bhí bua maith ag foireann PCD ar fhoireann St. Clement’s inniu. Comhghairdeachas libh!
Tá an Nollaig buailte linn..
Created : 05 Dec 2023, 2:35 PM
Archived : 05 Feb 2024, 12:00 AM
Tá na maisiúcháin curtha in airde ag Bliain 1 agus las an té is óige sa scoil, Séan Ó Mainín, na soilse ar an gcrann Nollag! 
Bús ceoil ag daltaí na Pobalscoile ag Scléip
Created : 01 Dec 2023, 12:08 PM
Archived : 31 Jan 2024, 12:00 AM
Comhghairdeachas leis na daltaí ar fad a ghlac páirt i Scléip na Mumhan. Comhghairdeachas speisialta leis na daltaí a bheidh ag dul ar aghaidh go Craobh na hÉireann i mí Eanáir. 
Rince Cruthaitheach: Grúpaí – Sinsear;
‘Le Chéile’, ó Bhliain 4.
Amhránaíocht Aonair sa stíl Pop/Rac/Rap, le tionlacan ó Fhuaimrian Taca – Sinsear;
Claire Ní Allarúin, Bliain 6. agus Nell Ní Shé, Bliain 5.
Amhránaíocht Aonair sa stíl Pop/Rac/Rap, le féintionlacan– Sinsear;
Ana Ní Bhrosnacháin, Bliain 6.
Ceol Uirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol - Sóisear;
Borko Veysel, Bliain 2.
Ceol Uirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol - Sinsear;
Tadhg Ó Conaill, Bliain 5.
Ger Carey ar stáitse i Siamsa Tíre i dTrá Lí.
Created : 01 Dec 2023, 11:01 AM
Archived : 31 Jan 2024, 12:00 AM
Chuaigh an Idirbhliain go dtí Siamsa Tíre chun an seó grinn, Psycho Spaghetti le Ger Carey a fheiscint ar stáitse.