Displaying 261-270 of 1275 results.
Tráth na gCeist na Nollag
Created : 22 Dec 2023, 11:34 AM
Archived : 22 Feb 2024, 12:00 AM
Tá Tráth na gCeist againn ar scoil ar maidin eagraithe ag Bliain a 6. Guímid Nollaig mhór mhaith agus Bliain Nua faoi mhaise oraibh go léir.
Carúil na Nollag
Created : 22 Dec 2023, 11:19 AM
Archived : 22 Feb 2024, 12:00 AM
D'eagraigh Roinn an cheoil searmanas álainn dúinn ar scoil inné. Chanadar carúil na Nollag i nGaeilge, i nÚcráinis, i nGearmáinis, i bhFraincis agus i Laidinis! Léiríodar scéal na Nollag dúinn chomh maith. Ár mbuíochas le Deirdre agus Máiréad a stiúraigh an tráthnóna.
Scátáil Oighir le Bliain 3 i Luimneach
Created : 22 Dec 2023, 10:45 AM
Archived : 22 Feb 2024, 12:00 AM
Bhí ana lá againn ar an mbóthar le daltaí na 3ú bliana! Scátáil i Luimneach agus bia agus siopadóireacht sa Chrescent ina dhiaidh.
Comórtas Labhairt na Gaelainne
Created : 22 Dec 2023, 10:32 AM
Archived : 22 Feb 2024, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí le James Ó Slattara i mbliain 1 a bhuaigh duais mhór na Nollag, dearbhán do shiopa spóirt Uí Ghairbhí agus le Ciarán Ó Móráin a bhuaigh duais an díoltóra.
Buíochas leis an gCoiste Gaelainne, Maedhbh Ní Shé (Cathaoirleach) agus Aisling Ní Dhubhaigh (Leas-Chathaoirleach) agus le Seán Maidhc Ó Mainín a d'eagraigh an crannchur ar maidin.
Comórtas Amhránaíochta na Nollag le Bliain 1.
Created : 22 Dec 2023, 9:15 AM
Archived : 22 Feb 2024, 12:00 AM
Bhí bús ag Bliain 1 le mí anuas agus iad ag prapáil don gcomórtas amhránaíochta idir na ranganna. Ní raibh puinn eatarthu ach biad Rang 1L a thug na cosa leo sa deireadh! Comhghairdeachas leo!
Scátáil Oighir i gCorcaigh
Created : 22 Dec 2023, 8:59 AM
Archived : 22 Feb 2024, 12:00 AM
Chuaigh daltaí Bhliain 5 go Corcaigh inné ag scátáil agus ag siopadóireacht. Bhí ana chuileachta acu! 
Margadh na Nollag sa Phobalscoil
Created : 22 Dec 2023, 8:55 AM
Archived : 22 Feb 2024, 12:00 AM
D'eagraigh rang na hIdirbhliana margadh na Nollag i halla na scoile inné. Bhí earraí aoibhinn lámhdhéanta ar díol acu agus bhí cluichí agus comórtaisí eagraithe acu chomh maith. Bhí spriorad na Nollag le brath timpeall na scoile.
An Nollaig ar an mBlascaod.
Created : 22 Dec 2023, 8:41 AM
Archived : 22 Feb 2024, 12:00 AM
Ár mbuíochas le Máirín Ní Laoithe Uí Shé a tháinig isteach chun labhairt le rang Gaelainne Bhliain 1 agus 2 inné. Thug sí cuntas ana dheas dóibh faoin Nollaig ar an mBlascaod agus na nósanna a bhíodh acu i rith na Nollag.
Glanadh cairteacha
Created : 12 Dec 2023, 11:17 AM
Archived : 22 Feb 2024, 12:00 AM
Tá cairteacha na múinteoirí chomh glan le scilling ag daltaí an LCA! Go raibh míle maith agaibh! 

Scátáil Oighir i gCorcaigh.
Created : 20 Dec 2023, 12:13 PM
Archived : 20 Feb 2024, 12:00 AM
Chuaigh daltaí na hIdirbhliana go Corcaigh ag scátáil le déanaí. Bhí ana-lá acu i dteannta a chéile. 