Displaying 591-600 of 1142 results.
Ceannairí Bhl.6!
Created : 09 May 2022, 8:58 PM
Archived : 09 Jul 2022, 12:00 AM
Táimid an-bhuíoch as Ceannairí Bhl 6. a dhéan an iarracht i mbliana ag cabhrú agus ag tacú le daltaí na scoile. Go n-éirí go geal libh sna scrúduithe agus sa saol amach anseo.
Sacar na gCailíní faoi 16
Created : 09 May 2022, 8:54 PM
Archived : 09 Jul 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Hayley Getkate, Ciara Ní Chinnéide agus Hannah Nic Gearailt a bhí ag imirt ar fhoireann Sacar Chiarraí le déanaí. Bhí Ciara ina captaen ar an lá. Comghairdeachas libh go léir.
Comortás Sacar i mBarcelona na Spáinne
Created : 09 May 2022, 8:47 PM
Archived : 09 Jul 2022, 12:00 AM
Bhí Tadhg Ó Cathail agus Seán de Róiste , Bl. 3 ag imirt ar fhoireann Sacar Chiarraí faoi 15 bliana a chuaigh go Barcelaona le linn laethannta saoire na Cásca. D'éirigh go hiontach leo. Comhghairdeachas ó chroí le Ciarraí, Seaimpíní na Sraithe, Barcelona 2022.
Fócas ar Litearthacht
Created : 09 May 2022, 8:44 PM
Archived : 09 Jul 2022, 12:00 AM
Bíonn focail a chríochnaíonn in -lann baininscneach, mar sin, ná déan dearúd séimhiú a chur orthu tar éis ‘an’: An bhialann Agus gan faic a dhéanamh leo má thosnaíonn siad le guta: An amharclann Agus ‘t’ a chur rompu má thosnaíonn siad le ‘s’: An tsaotharlann Eisceachtaí: salann (fir.) agus anlann (fir.)
Clár Aistrithe Scoile 2022
Created : 06 May 2022, 10:39 AM
Archived : 06 Jul 2022, 12:00 AM
Bhain scoláirí rang 6 an-sásamh as an gClár Aistrithe Scoile a thosnaigh anseo sa Phobalscoil tráthnóna inné. Buíochas leis na múinteoirí ar fad a bhí rannpháirteach sa chlár. An aidhm atá leis an gClár Aistrithe Scoile (clár 4 seachtaine) ná an próiseas aistrithe a éascú do na scoláirí agus iad ag teacht isteach go dtí an Pobalscoil i mí Mheán Fómhair.
Junk Kouture
Created : 05 May 2022, 6:21 PM
Archived : 05 Jul 2022, 12:00 AM
Go n-éirí go geal leat Isabel anocht!
An Baile Theas, Corcaigh
Created : 05 May 2022, 5:37 PM
Archived : 05 Jul 2022, 12:00 AM
Bhí ana lá ag Bliain 4 inniu.
Surfáil, BL 5!
Created : 05 May 2022, 4:23 PM
Archived : 05 Jul 2022, 12:00 AM
Bhí ana lá ag Bliain 5 ag Surfáil sna Machairí le Jamie Knox inné!
Surfáil, BL 4!
Created : 05 May 2022, 4:16 PM
Archived : 05 Jul 2022, 12:00 AM
Bhí ana lá ag Bliain 4 ag Surfáil sna Machairí le Jamie Knox an tseachtain seo caite!
Coiste Gaolainne PCD
Created : 04 May 2022, 8:59 PM
Archived : 04 Jul 2022, 12:00 AM
An Coiste Gaolainne ag obair go dian le hEdel Ní Bhraonáin ón nGaelbhratach a thug cuairt orainn ar scoil inné. Is maith ann sibh!