Displaying 601-610 of 1142 results.
Rás 5km- Bailíodh €995 do Chumann Naomh Uinseann de Pól!
Created : 03 May 2022, 3:34 PM
Archived : 03 Jul 2022, 12:00 AM
Bailíodh €995 do Chumann Naomh Uinseann de Pól ag an rás 5km ar an Aoine. Go raibh mile maith agaibh go léir as bhur dtacaíocht agus flaithiúlacht.
Ócáid staire i bPCD anocht@ 7:00i.n!
Created : 03 May 2022, 3:17 PM
Archived : 03 Jul 2022, 12:00 AM
Beidh ócáid staire á reáchtáil againn sa scoil anocht. Is iontach an phribhléid dúinn go mbeidh an tOllamh Paul Rouse ó UCD agus an staraí áitiúil Noel Ó Murchú linn don ócáid. ‘Sport and War’ a bheidh faoi chaibideal ag Paul agus beidh Noel ag díriú isteach ar ‘Réabhlóidí agus Trioblóidí 1913 – 1923’. Beidh na léachtaí ag tosnú ar a 7.00 i.n. agus beidh fáilte roimh chách.
Press Pass 2021:
Created : 03 May 2022, 3:10 PM
Archived : 03 Jul 2022, 12:00 AM
Bronnadh duaiseanna Press Pass inniu ar scoil ar Chiara Ní Ghéibheannaigh agus Isolde Ní Dhubhagáin a bhuaigh an comórtas Press Pass anuraidh. Comhghairdeachas libh a chailíní!
Fócas ar Litearthacht
Created : 03 May 2022, 11:57 AM
Archived : 03 Jul 2022, 12:00 AM
Lá Bealtaine (1 Bealtaine) Oíche Bhealtaine (an oíche roimhe) Tine Chnámh (bonfire) Idir dhá thine Bhealtaine (in a dilemma)
Cluiche Ceannais na Mumhan, Mionúir B
Created : 03 May 2022, 11:50 AM
Archived : 03 Jul 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Caoimhe, Neasa agus Kayla a bhí ar fhoireann bhuachach Chiarraí ar an Domhnach. Beidh siad ag dul ar aghaidh go dtí an babhta leathcheannais ar an 20ú Iúil. Go n-éirí libh.
Féile na nGael 2022!
Created : 03 May 2022, 11:44 AM
Archived : 03 Jul 2022, 12:00 AM
Bhuaigh 'An Ghaeltacht' Féile na nGael Chiarraí, Roinn 2, ag an deireadh seachtaine. Beidh siad ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile den chomórtas. Comhghairdeachas libh!
Podchraoladh GAA inniu ag 11:15r.n
Created : 03 May 2022, 11:36 AM
Archived : 03 Jul 2022, 12:00 AM
Beidh an Irish Examiner linn inniu chun taifead beo a dhéanamh ar a bPodchraoladh Spóirt ag tuairimíocht ar an gcluiche idir Ciarraí agus Corcaigh a bheidh ar siúl i bPáirc Uí Rinn an Satharn beag seo. Paul Rouse a chuirfidh an podchraoladh i láthair agus beidh Dara Ó Cinnéide, iar-chaptaen Chiarraí, Ronan McCarthy iar-imreoir agus iar-bhainisteoir Chorcaí agus Éamonn Mac Muiris, iar-bhainisteoir Chiarraí ar an bpainéal.
Rás 5 km - Torthaí
Created : 29 Apr 2022, 7:15 PM
Archived : 29 Jun 2022, 12:00 AM
Na buachaillí is tapúla: Sa chéad áit: Seán Ó Fiannachta (17:59) Sa dara háit: David Ó Catháin (18:01) Sa tríú háit: Malachaí Ó Ciardubháin (18:30) Kieran Ó Catháin (buachaill is tapúla i ngrád sóisear - 19:17) Na cailíní is tapúla: Sa chéad áit: Ella Ní Shítigh (24:10) Sa dara háit: Eibhlín Ní Dhuibhghinn (27:16) Sa tríú háit: Niamh Ní Uallacháin agus Sarah Ní Allaráin (31:28) An múinteoir is tapúla: Pádraig Ó Conchúir (21:43)
Rás 5km
Created : 29 Apr 2022, 6:58 PM
Archived : 29 Jun 2022, 12:00 AM
Bhí rás 5km an-taitneamhach againn ar scoil inniu agus an lá ina uain mheala. Bhí an scoil ar fad rannpháirteach sa rás ar mhaithe le Cumann Naomh Uinseann de Pól. Ár mbuíochas le gach éinne a bhí chomh fial linn.
An Comórtas Aistritheoirí Óga
Created : 29 Apr 2022, 1:53 PM
Archived : 29 Jun 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Liam Ó hÓgáin atá i mbliain a 6 as an duais don aistriúchán is fearr i gCúige Mumhan a bhaint amach. Bhronn Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt na duaiseanna ag ócáid in Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh i mBaile Átha Cliath. Rinne Liam téacsanna a aistriú ó Bhéarla agus Fraincis go Gaeilge. Ardfhear a Liam.