Displaying 611-620 of 1142 results.
Fócas ar Litearthacht
Created : 27 Apr 2022, 11:55 AM
Archived : 27 Jun 2022, 12:00 AM
Idir
Leanann séimhiú idir nuair a chiallaíonn sé ‘i measc’ nó both nó nuair a bhíonn liosta i gceist:
Bhí idir bhuachaillí agus chailíní i láthair
ACH
Ní leanann séimhiú nuair a bhíonn spás nó am i gceist:
Idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh
Idir meán oíche agus a dó a chlog
Cleachtadh beag duit:
1. Bhí idir (páistí) _________ agus (múinteoirí) ______ ansin.
2. Stop mé uair amháin idir (Gaillimh) ________ agus (Sligeach) _______.
Freagraí: Idir pháistí agus mhúinteoirí. / Idir Gaillimh agus Sligeach.
Comhghairdeachas le Kieran Ó Catháin!
Created : 26 Apr 2022, 3:20 PM
Archived : 27 Jun 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Kieran Ó Catháin a tháinig sa chéad áit sa chomórtas caitheamh méachain sa Lee Vale Open Sports in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (MTU) i gCorcaigh ag an deireadh seachtaine.
Ócaid Staire & Podchraoladh GAA an Irish Examiner - Dé Máirt 3 Bealtaine
Created : 26 Apr 2022, 3:17 PM
Archived : 27 Jun 2022, 12:00 AM
Tá ócáid staire á reáchtáil againn an tseachtain seo chugainn, Dé Máirt an 3 Bealtaine mar chuid de, Deich mBliana de Chomóradh Céad Bliain 1913 -1923. Is iontach an phribhléid dúinn go mbeidh an tOllamh Paul Rouse ó UCD agus an staraí áitiúil Noel Ó Murchú linn don ócáid. Beidh na léachtaí a thabharfaidh siad beirt ag luí isteach ar an tréimhse úd.
‘Sport and War’ a bheidh faoi chaibideal ag Paul agus beidh Noel ag díriú isteach ar ‘Réabhlóidí agus Trioblóidí 1913 – 1923’. Beidh na léachtaí ar siúl sa Phobalscoil ag tosnú ar a 7.00 i.n. agus beidh fáilte roimh chách.
I rith an lae, ar an Máirt beidh Paul ag labhairt le buíon daltaí ar an Stair agus an tábhacht a bhaineann léi mar ábhar scoile.
Chomh maith leis sin, táimid an-bhuíoch don Irish Examiner a bheidh linn chomh maith chun taifead beo a dhéanamh ar a bPodchraoladh Spóirt ag tuairimíocht ar an gcluiche idir Ciarraí agus Corcaigh a bheidh ar siúl i bPáirc Uí Rinn ar an Satharn dár gcionn.
Cailíní PCD ar fhoireann Chiarraí faoi 14 amárach!
Created : 22 Apr 2022, 4:06 PM
Archived : 22 Jun 2022, 12:00 AM
Guímid gach rath oraibh.
Foireann Rugbaí Chorca Dhuibhne!
Created : 20 Apr 2022, 12:14 PM
Archived : 20 Jun 2022, 12:00 AM
Aibreán 2022
Comghairdeachas le foireann Rugbaí Chorca Dhuibhne a bhuaigh Cluiche Ceannais na Mumhan Thiar, faoi 16, i gcoinne Oileán Chiarraí.
Comhghairdeachas Katie!
Created : 20 Apr 2022, 12:02 PM
Archived : 20 Jun 2022, 12:00 AM
Aibreán 2022
Comhghairdeachas le Katie Ní Éanacháin, Bliain 2, a bhí i measc an chéad leath chéad rinceoir ag Oireachtas Rince na Cruinne i mBéal Feirste le déanaí.
Ard bhean Katie!
Foireann Cispheile Garvey Warriors!
Created : 20 Apr 2022, 12:00 PM
Archived : 20 Jun 2022, 12:00 AM
Aibreán 2022
Comghairdeachas le hAivaras Uosis agus Foireann Cispheile Garvey Warriors a bhuaigh an Corn Náisiúnta agus Corn na Sraithe .
Comhghairdeachas libh!
Daltaí ar fhoireann Chiarraí faoi 15!
Created : 11 Apr 2022, 5:55 PM
Archived : 20 Jun 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le hOisín Ó Dubhda, Seán Ó Cuinn, Cathal Ó Fearghail (Captean) a bhí ag imirt le Ciarraí, faoi 15, agus a bhuaigh in aghaidh Chill Dara i gCill Dara.
Cluiche Ceannais Pheil na mBan Roinn 2 Shraith Náisiúnta Lidl 2022!
Created : 11 Apr 2022, 5:29 PM
Archived : 20 Jun 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Niamh agus Louise, iar-scoláirí dar gcuid, a bhí ar fhoireann bhuacach Chiarraí i gcluiche Ceannais uile-Éireann na Sraithe.
Foireann Cispheile Uile Éireann faoi 18!
Created : 12 Apr 2022, 4:57 PM
Archived : 13 Jun 2022, 12:00 AM
Aivaras Uosis, Bl 5 i bPobalscoil Chorca Dhuibhne agus foireann Cispheile Uile Éireann faoi 18 ar a slí go dtí an Bhreatain Bheag.
Sruthlú Beo: www.bblplayer.co.uk/