Displaying 561-570 of 1142 results.
Beannacht an lae
Created : 26 May 2022, 10:54 AM
Archived : 26 Jul 2022, 12:00 AM
Inniu agus sin ag fágaint slán leis an 6ú Bliain tagann Beannacht an lae ónar bPríomhoide Éamonn Mac Muiris agus é cur comhairle ar na daoine óga seo go bhfuil an saol atá rompu amach lán de féidireachtaí agus deiseanna iontacha agus aghaidh a thabhairt ar an saol san le buanseasmhacht. Go dtuga Dia grásta na buanseasamhachta dúinn. Buanseasmhacht: Steadfastness, Perseverance, Stability.
Dalta na Bliana 2022
Created : 25 May 2022, 12:56 PM
Archived : 25 Jul 2022, 12:00 AM
Bronnadh Dalta na Bliana 2022 ar Sarah Ní Chualáin ag Ócáid Cheiliúrtha Bhliain a 6 ar maidin. Comhghairdeachas leat Sarah!
Gradam Gaeltachta 2022
Created : 25 May 2022, 12:49 PM
Archived : 25 Jul 2022, 12:00 AM
Bhronn John Prendergast ó Thobar Dhuibhne gradam speisialta 'Gradam Gaeltachta' ar Liam Ó hÓgáin ag Ócáid Cheiliúrtha Bhliain a 6 ar maidin. Comhghairdeachas leat Liam.
Lúthchleasaíocht , 23 Bealtaine 2022
Created : 24 May 2022, 2:36 PM
Archived : 24 Jul 2022, 12:00 AM
Sháraigh Kieran Ó Catháin curiarracht nua sa chomórtas caitheamh meáchain. Anuas air sin, bhain sé an tríú háit amach sa rás 100m. Comhghairdeachas leis an bhfoireann sinsear 4 x 400m (David Ó Catháin, Antaine Ó Seaghdha, Malachaí Ó Ciardhubháin agus Seán Ó Fiannachta) an tríú háit amach sa rás sealaíochta. Comhghairdeachas libh go léir!
Fócas ar an Litearacht
Created : 24 May 2022, 11:49 AM
Archived : 24 Jul 2022, 12:00 AM
Nuair a bhíonn tú ag comhaireamh sa Bhéarla, bíonn na focail san uimhir iolra m.sh. three chairs ach sa Ghaolainn bíonn siad san uimhir uathu: Trí chathaoir Cúig lá Fiche bliain
Ciarraí, Seaimpíní Uile Éireann!!
Created : 21 May 2022, 8:29 PM
Archived : 21 Jul 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí le Hayley, Éabha, Sibéal agus Sadhbh a bhí ar fhoireann bhuachach Chiarraí faoi 14 inniu!
Cluiche Ceannais buaite ag PCD!
Created : 20 May 2022, 12:46 PM
Archived : 20 Jul 2022, 12:00 AM
Tá cluiche ceannais na scoileanna buaite ag PCD! An scór deirneach: 4:7 le 1:7. Pobalscoil Chorca Dhuibhne abú
Caid na gCailíní, Cluiche Ceannais na scoileanna inniu!
Created : 20 May 2022, 12:15 AM
Archived : 20 Jul 2022, 12:00 AM
Guímid gach rath ar fhoireann caide na gcailíní PCD atá ag imirt i gcoinne Meánscoil na Toirbhirte, Oileán Ciarraí i gcluiche ceannais na scoileanna inniu. Na Mistéallaigh, Trá Lí @ 11:00 r.n Tacaígí leo!
Cluiche Ceannais Uile Éireann , Ciarraí V Corcaigh faoi 14!
Created : 13 May 2022, 11:28 AM
Archived : 20 Jul 2022, 12:00 AM
Go n-éirí go geal le Hayley, Éabha, Sibéal agus Sadhbh a bheidh ag imirt ar fhoireann Chiarraí faoi 14 i gcoinne Corcaigh sa Chluiche Ceannais Platanam, i bPáirc Uí Rinn amárach. Go n-éirí libh a chailíní!
Dúchas an Daingin
Created : 19 May 2022, 3:27 PM
Archived : 19 Jul 2022, 12:00 AM
Scéal ó Mholscéal agus ábhar machnaimh agus údar dóchais i dtaobh na Gaolainne dhe. Beatha Teanga í a labhairt! www.molsceal.ie/nua/alt/?CID=6306317891112