Displaying 571-580 of 1142 results.
Scoláireacht Quercus, Scoil an Dlí, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Created : 19 May 2022, 10:49 AM
Archived : 19 Jul 2022, 12:00 AM
Tá scoláireacht Quercus á bhronnadh ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh ar Shíomha Ní Ainiféin, iarscoláire na Pobalscoile, as an éacht a dhein sí sna scrúduithe anuraidh. Táimid an-bhródúil aisti. Comhghairdeachas Síomha.
Foireann Caide Chiarraí faoi 14
Created : 09 May 2022, 9:14 PM
Archived : 19 Jul 2022, 12:00 AM
9/5/2022 Comhghairdeachas le Sadhbh, Éabha, Hayley agus Sibéal a bhí ag imirt ar fhoireann bhuachach Chiarraí faoi 14 i gcoinne Co. na Gaillimhe ar an Domhnach. Beidh siad ag dul ar aghaidh go dtí an babhta ceannais (platanam) go luath. Go n-éirí libh.
#GaiscíPCD22
Created : 18 May 2022, 2:55 PM
Archived : 18 Jul 2022, 12:00 AM
Ar an 17 Bealtaine bhailigh pobal na scoile le chéile i bhforhalla na scoile chun aitheantas a thabhairt do dhaltaí a bhí rannpháirteach in imeachtaí éagsúla scoile i rith na bliana, idir Spórt, Fiontar, Junk Kouture, TechFéile, Press Pass, Coiste Gaolainne, Teangacha agus a thuilleadh nach iad. Bronnadh duais ar dhalta an ranga agus ar dhaltaí a léirigh comoibriú agus daltaí a chur an Ghaeilge chun cinn i rith na bliana. Bhí John Prendergast ó Thobar Dhuibhne i láthair don ócáid agus bhronn sé dhá ghradam speisialta ar na daltaí seo a leanas: Bronnadh 'Gradam Gaeltachta' ar Liam Ó hÓgáin, Bl. 6 agus 'Gaisce na Gaeltachta' ar Shinéad Ní Mhuircheartaigh, Bl.4. Comhghairdeachas libh go léir.
Comhnascadh idir PCD agus Coláiste Chroí Mhuire gan Smal, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.
Created : 18 May 2022, 12:52 PM
Archived : 18 Jul 2022, 12:00 AM
Bhí ana lá againn ar an Luan nuair a thug scoláirí na hIdirbhliana ó Choláiste Chroí Mhuire gan Smál ón Spidéal ar cuairt orainn. Bhí cad é ceol agus craic againn i dteannta chéile. Bhí deis ag an dá choiste Gaolainne am a chaitheamh le chéile am lóin agus cúrsaí Gaolainne á dtabhairt le chéile! Bhronn an Coiste Gaolainne leabhar agus dlúthdhiosca, 'Fad Saoil' le Joe Steve Ó Neachtain agus roinnt cóipeanna den leabhar 'Eadrainn Féin - Comóradh 50 bliain ó bhásaigh Máirtín Ó Cadhain' a chur na scoláirí le chéile ar an scoil. Ár mbuíochas libh. #AnGhaolainn#Gaeltachtaí#Grádonteanga
Junk Kouture, RTÉ2, Déardaoin @7pm
Created : 18 May 2022, 11:49 AM
Archived : 18 Jul 2022, 12:00 AM
Éinne nach raibh i láthair ag an gcomórtas Junk Kouture sa Bhord Gáis le déanaí beidh deis agaibh Isabel agus na hiomaitheoirí eile a fheiceáil ar an teilifís oíche amárach, an 19ú Bealtaine @7:00i.n. ar RTÉ2. Ar an gclár beifear ag tabhairt cuireadh speisialta d'iomaitheoir eile dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile i measc an naonúr a roghnaíodh cheana féin sa Bhord Gáis. Go n-éirí leat Isabel. Ná cailigí é!
Irisleabhar na Scoile 2022
Created : 13 May 2022, 1:18 PM
Archived : 13 Jul 2022, 12:00 AM
Beidh Irisleabhar na scoile ar díol ón Máirt seo chugainn ar aghaidh. Costas 5 euro a bheidh air. Tacaígí linn!
Kieran Ó Catháin!
Created : 13 May 2022, 1:13 PM
Archived : 13 Jul 2022, 12:00 AM
Tá Kieran Ó Catháin ag prapáil faoi láthair don chomórtas caitheamh méachain sna Mion Cluichí Oilimpeacha . Go n-éirí go geal leis agus leis na hiomaitheoirí go léir ó Chiarraí.
Lúthchleasaíocht – Torthaí 12/5/2022
Created : 13 May 2022, 12:58 PM
Archived : 13 Jul 2022, 12:00 AM
Tá dhá bhonn eile buaite ag scoláirí PCD i gComórtas Lúthchleasaíochta na Mumhan Thuaidh. Bhain Anna Ní Chonchúir, Bl 1, bonn airgid amach sa chomórtas caitheamh méacháin. Bhain Kieran Ó Catháin, Bl 1 an chéad áit amach sa rás 200m. Comhghairdeachas libh!
An Chéinia!
Created : 12 May 2022, 11:54 AM
Archived : 13 Jul 2022, 12:00 AM
Go n-éirí go geal le Sinéad Ní Mhuircheartaigh, Róisín Dalby, Córa Ní Shlattara, agus Órla Ní Chinnéide ó Bhliain a 4 atá ar a slí go Kenya inniu ar son Cara Projects . Guímid gach rath orthu.
Foireann Sacar Chiarraí faoi 16
Created : 12 May 2022, 3:08 PM
Archived : 12 Jul 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Béibhinn Nic a' tSithigh, Bl3, atá ar fhoireann Sacar Chiarraí faoi 16.