Displaying 621-630 of 1280 results.
Nath na Seachtaine
Created : 16 Nov 2022, 12:21 PM
Archived : 16 Jan 2023, 12:00 AM
‘Toradh’ Toradh a thabhairt ar dhuine Dúrt leo fanacht socair agus ní thugadar aon toradh orm. Tabhair toradh ar do mháthair/ d’athair/ ar an múinteoir!
Fócas ar Litearthacht
Created : 16 Nov 2022, 12:18 PM
Archived : 16 Jan 2023, 12:00 AM
Spreag comhrá ar na Meáin Shóisialta!
Comórtas Seanfhocail
Created : 16 Nov 2022, 12:14 PM
Archived : 16 Jan 2023, 12:00 AM
Críochnaigh an seanfhocal: Na muca ciúine a.... Seol d’fhreagraí go dtí Eibhlís: roimis an Aoine an 2 Nollaig. Go n-éirí libh!
Am Comórtais!!!!!
Created : 16 Nov 2022, 10:31 AM
Archived : 16 Jan 2023, 12:00 AM
Am Comórtais!!!!! Má tá fonn ort dhá thicéad go dtí Taispeántas Cócaireachta Mark Moriarty a bheidh ar siúl in Óstán na Sceilge ar an Satharn beag seo ar a 6:30 i.n. a bhuachtaint, níl le déanamh agat ach an cnaipe 'Is maith liom' a bhrú, an teachtaireacht a roinnt agus clib a dhéanamh ar chara! Fogrófar an buaiteoir ar an Aoine ar a 1:30i.n. Go n-éirí libh!
Cispheil na gCailíní
Created : 16 Nov 2022, 9:30 AM
Archived : 16 Jan 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas le foireann cispheile na gcailíní Faoi 19 a bhuaigh inné i gcoinne Tairbeart.
Comhghairdeachas le Scoil Naomh Eoin Baiste!
Created : 16 Nov 2022, 9:29 AM
Archived : 16 Jan 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Scoil Naomh Eoin Baiste a bhuaigh Craobh 4/5 Oide Allianz Cumann na mBunscol Chiarraí Bhí cluiche dian acu in aghaidh Cill Chuimín ach thánadar tríd go láidir ag an deireadh. Maith sibh!
Rugbaí BL1
Created : 15 Nov 2022, 9:29 PM
Archived : 15 Jan 2023, 12:00 AM
Bhí foireann ag an bPobalscoil páirteach i mblitz rugbaí in Oileán Chiarraí le déanaí. Thugadar ana thaispeántas uathu.
Séadna
Created : 15 Nov 2022, 4:44 PM
Archived : 15 Jan 2023, 12:00 AM
Tá daltaí Bhl. 2 ag baint an-taitneamh as an dráma Séadna atá á léiriú ar stáitse ag Aisteoirí Chúil Aodha i Halla na Feothanaí.
Gaeilge 24!
Created : 15 Nov 2022, 3:57 PM
Archived : 15 Jan 2023, 12:00 AM
Bhain daltaí Bhl.1 súp as an lá inniu ar mhaithe leis an nGaeilge agus cúrsaí folláine. I measc na himeachtaí a bhí eagraithe dóibh: Seisiún HITT, Tráth na gCeist Beo, Rang Ióga, Rang Machnaimh agus a thuilleadh nach iad! #Gaeilge24
Go n-éirí le foireann Scoil Naomh Eoin Baiste Lios Póil inniu!
Created : 15 Nov 2022, 10:38 AM
Archived : 15 Jan 2023, 12:00 AM
Go n-éirí le foireann Scoil Naomh Eoin Baiste Lios Póil atá ag imirt sa Chluiche Ceannais de Chumann na mBunscol i gcoinne Cill Chuimín i bPáirc Aibhistín de Staic inniu @4.30i.n. Beidh ana-chuid daltaí (deartháireacha & deirfiúracha) ag taisteal ón bPobalscoil chun tacú leo.