Displaying 541-550 of 1142 results.
Inniu Lá Eorpach na dTeangachaI
Created : 26 Sep 2022, 10:03 AM
Archived : 26 Nov 2022, 12:00 AM
Ceacht spraíúil anseo learningapps.org/watch?v=pr5mkzhy222 Tuilleadh eolais faoin lá anseo: www.leargas.ie/languages/languages-european-day-languages/ Tá comórtas Labhairt na Gaolainne á thosnú againn do dhaltaí na scoile ar fad inniu. Beidh spotduais ar an Aoine.
Maidin Chaife
Created : 22 Sep 2022, 3:38 PM
Archived : 22 Nov 2022, 12:00 AM
Tá Maidin Chaife againn inniu sa tseomra foirne ar mhaithe le hOspís Chiarraí. Tá seirbhís iontach á chur ar fáil ag altraí sna haonaid cúraim ar fud na tíre.
Bl. 4 Seaschéaslóireacht
Created : 21 Sep 2022, 12:35 PM
Archived : 21 Nov 2022, 12:00 AM
Bhain daltaí na hIdirbhliana súp as an seaschéaslóireach i mBá an Daingin
Marc Ó Conchúir
Created : 21 Sep 2022, 10:47 AM
Archived : 21 Nov 2022, 12:00 AM
Tá Marc Ó Conchúir, iar-scoláire dár gcuid, ar fhoireann na Geelong Cats a bheidh ag tabhairt aghaidh ar na Sydney Swans i gCluiche Ceannais Caide na hAstráile, Dé Sathairn seo chugainn. Guimíd gath rath oraibh!
Comórtas Labhairt na Gaolainne tosnú ar an Luan, 26 Meán Fómhair!
Created : 21 Sep 2022, 10:44 AM
Archived : 21 Nov 2022, 12:00 AM
Tá comórtas Labhairt na Gaolainne á thosnú againn do dhaltaí na scoile ar fad arís Dé Luain seo chugainn, 26 Meán Fómhair agus tá dhá dhuais le buachtaint arís i mbliana chomh maith le spotduais gach Aoine. Mar is gnáth, seo a oibreoidh sé: Má chloistear dalta ag caint as Gaolainn taobh amuigh den seomra ranga (labhartar Gaolainn istigh sa tseomra ranga ar aon nós), sna pasáistí nó amuigh sa chlós, cuirfear ainm an dalta sin isteach sa chrannchur. Dá mhéid babhtaí a chloistear an dalta ag caint as Gaolainn is ea is mó babhtaí a chuirfear an ainm sa chrannchur agus is mó seans go mbuafaidh an dalta an duais! Labhair í agus mairfidh sí!
Siúlóid go Cnoc a Chairn!
Created : 21 Sep 2022, 10:34 AM
Archived : 21 Nov 2022, 12:00 AM
Chuaigh daltaí na hIdirbhliana ar shiúlóid go Cnoc a Chairn inné agus bhí ana lá acu. Is aoibhinn beatha an scoláire!
Caid na mBuachaillí - Go n-éirí le foirne caide na scoile sna cluichí inniu.
Created : 21 Sep 2022, 10:20 AM
Archived : 21 Nov 2022, 12:00 AM
Corn Uí Shúilleabháin, fé 19 PCD v Meánscoil na Trócaire Cnoc an tSeabhaic Corn an Bhráthair Choilm Taft, fé 15 PCD v Coláiste Naomh Proinsias, Baile an Róistigh
Fócas ar Litearthacht
Created : 20 Sep 2022, 2:53 PM
Archived : 20 Nov 2022, 12:00 AM
Tabhair faoi ndeara an litriú... 'An Ardteist' sa tuiseal ginideach • ag déanamh na hArdteiste • tar éis na hArdteiste • scrúduithe na hArdteiste

Pdf-1
Comhghairdeachas ó chroí lenár scoláirí a bhain torthaí iontacha amach san Ardteist!
Created : 16 Sep 2022, 11:54 AM
Archived : 16 Nov 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí lenár scoláirí a bhain torthaí iontacha amach san Ardteist le déanaí agus atá sásta leis na cúrsaí iar-mheánscoile a tairiscíodh dóibh. Guímid gach rath orthu ar chosán an tsaoil atá rompu amach sa choláiste, ag taisteal agus ag obair
Teagascóirí Aos Oideachais ag teastáil / Adult Education Tutors required
Created : 15 Sep 2022, 2:21 PM
Archived : 15 Nov 2022, 12:00 AM
Déan teagmháil ar 087-7951743 nó sf@pcd07.ie