Displaying 551-560 of 1296 results.
Comórtas Uí Chadhain
Created : 30 Jan 2023, 9:21 AM
Archived : 30 Mar 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas leis an bhfoireann díospóireachta; Cillian, Cuán, Ruairí, Lorcán, Lúc agus Cathal a chuaigh chomh fada le Craobh na hÉireann an tseachtain seo caite. Bhíodar le moladh go hard as a gcumas cainte. Tréaslaímid leo.
Comórtas Seanfhocail
Created : 30 Jan 2023, 9:19 AM
Archived : 30 Mar 2023, 12:00 AM
Críochnaigh an seanfhocal: Is olc an ghaoth nach... Le bheith san áireamh, seol d’fhreagra go dtí Eibhlís ag roimis an 3 Feabhra.
Iriseoirí an Lae Amárach
Created : 30 Jan 2023, 9:09 AM
Archived : 30 Mar 2023, 12:00 AM
Tá iriseoirí óga na Pobalscoile ag súil go mór leis an Modúl Idirbhliana Iriseoirí an Lae amárach a bheidh ar siúl ar líne aríst i mbliana ón 7 - 9 Márta.
Comórtas Labhairt na Gaolainne
Created : 27 Jan 2023, 6:54 PM
Archived : 27 Mar 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Páidí Mac Gearailt a bhuaigh spotduais na seachtaine seo. Buíochas speisialta le hAodhán Mac Gearilt i mBliain 1 a chabhraigh le Tom agus Ruairí (Coiste Gaeilge) leis an gcrannchur ar maidin.
Maidin Chaife ar mhaithe le Hope Guatemala
Created : 24 Jan 2023, 4:20 PM
Archived : 26 Mar 2023, 12:00 AM
D'eagraigh Bliain 6 ATF Maidin Chaife sa tseomra foirne inniu ar mhaithe le Hope Guatemala. Bhí an bia a d'ullmhaigh siad chomh blasta! Bhailíodar €180! Maith sibh!
Comórtas Lúthchleasaíochta Trastíre
Created : 25 Jan 2023, 10:21 AM
Archived : 25 Mar 2023, 12:00 AM
Beidh Comórtas Lúthchleasaíochta Trastíre Chiarraí ar siúl amárach, 26 Eanáir i gCill Airne. Beidh rásanna trastíre na Mumhan Thuaidh ar siúl ar an 2 Feabhra. Go n-éirí leis na lúthchleasaithe go léir!
Craobh na hÉireann - Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain
Created : 25 Jan 2023, 9:41 AM
Archived : 25 Mar 2023, 12:00 AM
Tabharfaidh foirne díospóireachta ó scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ó cheann ceann na tíre aghaidh ar Óstán na Páirce, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí chun dul san iomaíocht i gCraobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain inniu. Beidh an fhoireann shóisir ag iomaíocht ar son na scoile ag an ócáid seo:- Cillian, Cúan, Ruairí, Lorcán, Lúc agus Cathal. Go n-éirí libh!
Cispheil na mBuachaillí, Bliain 1
Created : 19 Jan 2023, 3:13 PM
Archived : 19 Mar 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas le foireann cispheile na mbuachaillí a bhuaigh i gcoinne Pailís Chaonraí inniu. PCD 17 , Pailís Chaonraí 15
King Cup - Rugbaí faoi 16
Created : 18 Jan 2023, 11:15 AM
Archived : 18 Mar 2023, 12:00 AM
King Cup - Rugbaí faoi 16 :Bhí bua maith ag foireann rugbaí na Pobalscoile inné i gcoinne Mungairit, Luimneach. Tá siad cáillithe don mbabhta leathcheannais. Comhghairdeachas libh!
Comórtas Labhairt na Gaeilge
Created : 13 Jan 2023, 2:53 PM
Archived : 18 Mar 2023, 12:00 AM
Comórtas Labhairt na Gaeilge Comhghairdeachas le Cuán Ó Fiannachta a bhuaigh spotduais na seachtaine seo agus buíochas speisialta le hAisling Ní Bhriain i mBliain 1 a chabhraigh le Tom agus Ruairí (Coiste Gaeilge) leis an gCrannchur ar maidin.