Displaying 531-540 of 1142 results.
Fiseáin na seachtaine !
Created : 30 Sep 2022, 11:32 AM
Archived : 30 Nov 2022, 12:00 AM
Seo sraith físeáin ó BLOCTG4 agus iar scoláirí dár gcuid Nicole, Jeaic, Muireann agus Franz ag cur síos ar a bheith Óg sa Ghaeltacht! Mar a deir an seanfhocal 'Níl aon tínteán mar do thínteán féin! twitter.com/BLOCTG4/status/1575576445577228288/video/1 twitter.com/BLOCTG4/status/1575214055345774593/video/1 twitter.com/BLOCTG4/status/1574851658588295185/video/1 twitter.com/i/status/1574489276338806784
Rang Eolaíochta Bhliain 3
Created : 30 Sep 2022, 10:52 AM
Archived : 30 Nov 2022, 12:00 AM
Bhí daltaí bhl. 3 ag obair an-dian sa rang Eolaíochta inniu agus iad ag féachaint ar chill oinniúin faoi mhicreascóp!
Airgead bailithe ag daltaí don 'Greater Chernobyl Cause
Created : 30 Sep 2022, 10:49 AM
Archived : 30 Nov 2022, 12:00 AM
Labhair Fiona Corcoran ón 'Greater Chernobyl Cause' le daltaí na hIdirbhliana le déanaí. Bhailigh na daltaí €2,600 ar an lá céanna. Tá an charthanacht an-bhuíoch as an tacaíocht a fuaireadar ó mhuintir Chorca Dhuibhne. Go raibh maith agaibh ar fad as an tacaíocht a thugabhair don bhfeachtas seo. Le chéile is fearr sin!
Caid na mBuachaillí
Created : 29 Sep 2022, 2:25 PM
Archived : 29 Nov 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas lenár scoláirí a bhí ag imirt ar fhoireann buacach Abhainn an Scáil/Lios Póil/An Daingean i gCluiche Ceannais Mionúir na gClub 2022, urraithe ag Muintir Uí Chatháin agus Ollmhargadh Super Valu, i gcoinne na Foidhrí le déanaí.
Cispheil na gCailíní faoi 16
Created : 29 Sep 2022, 10:37 AM
Archived : 29 Nov 2022, 12:00 AM
Go n-éirí le foireann na gcailíní faoi 16 inniu PCD V Coláiste Íde
Searmanas Bronnta don mBlagáil
Created : 28 Sep 2022, 12:08 PM
Archived : 29 Nov 2022, 12:00 AM
Bhí Treasa Ní Mhainín ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne linn ar scoil inné chun na duaiseanna blagála a bhí ar siúl roimis laethanta saoire an tSamhraidh a bhronnadh ar dhaltaí. Daltaí a bhí i mBliain 2 ag an am: Sa chéad áit: Jamie Ó Loinsigh (Duais 125 euro) Sa dara háit: Aaron Ó Cualáin (Duais 100 euro) Bronnadh teastas molta agus leathchéad euro an duine ar na daltaí seo a leanas: - Pádraig Ó Mainín - Ellie Nic Gearailt - Tamim Rahman Daltaí a bhí san Idirbhliain ag an am: Sa chéad áit: Páidí Mac Gearailt (Duais 200 euro) Sa dara háit: Róisín Dalby (Duais 175 euro) Bronnadh teastas molta agus duais de leathchéad euro an duine ar na daltaí seo a leanas: - Aileen Ní Shlattara - Isabel Holden - Méadhbh Nic an Ultaigh - Clare Ní Alarúin Tá Bliain 2 agus Bliain 4 i mbun blagála faoi láthair. Go n-éirí go geal libh leis!
Sinéad Ní Mhuircheartaigh, Bliain 5
Created : 28 Sep 2022, 12:03 PM
Archived : 28 Nov 2022, 12:00 AM
Bhronn John Prendergast ó Thobar Dhuibhne, gradam speisialta 'Gaiscí na Gaeltachta' ar Shinéad Ní Mhuircheartaigh, Bliain 5, ar scoil inné as an obair iontach a dhéanann sí an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal agus ar scoil. Comhghairdeachas leat, a Shinéad!
Conor Corduibh, Bl.4
Created : 28 Sep 2022, 12:01 PM
Archived : 28 Nov 2022, 12:00 AM
Conor Corduibh, Bl.4 Tá Jamie Ó Flannúra, iarscoláíre dár gcuid agus Conor Corduibh, Bliain 4, thall ag an mBig E i Springfield Massachusetts faoi láthair agus obair iontach á dhéanamh acu beirt le Comhaontas Turasóireachta Chorca Dhuibhne! Tá an ceart ar fad agaibh... Draíochtúil i gcónaí!!
Cluichí Caide inniu!
Created : 28 Sep 2022, 10:53 AM
Archived : 28 Nov 2022, 12:00 AM
Corn Uí Shúilleabháin, fé 19 PCD v Meánscoil na Trócaire Cnoc an tSeabhaic Beidh an cluiche idir PCD agus Meánscoil na Trócaire, Cnoc an tSeabhaic ar siúl inniu i bPáirc an Ághasaigh ar a 1.00i.n. Corn an Bhráthair Choilm Taft, fé 15 PCD v Coláiste Naomh Proinsias, Baile an Róistigh i nGort na Crócaigh i gCill Airne, ar a 1:30i.n.
Scéala Spóirt
Created : 26 Sep 2022, 10:12 AM
Archived : 26 Nov 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí le Marc Ó Conchúir, iar-scoláire na scoile as an éacht atá bainte amach aige ar fhoireann Na Geelong Cats a bhuaigh Cluiche Ceannais Caide na hAstráile Dé Sathairn seo caite. Seo mír nuachta ó TG4 faoin ghaiscíoch óg! youtu.be/mqjn4VhTrWc