Displaying 911-920 of 1142 results.
Bingó Mór na Scoile 8 Nollaig
Created : 06 Dec 2019, 10:48 AM
Archived : 06 Feb 2020, 12:00 AM
Beidh Bingó Mór na Nollag, oíche Dé Domhnaigh ar a 7.30p.m. Tá Comhairle na dTuismitheoirí ag lorg spotduaiseanna le haghaidh na hoícheanta Bingó, dá ba mhaith le tuismitheoirí / caomhnóirí duais éigin a thabhairt - is féidir iad a fhágaint istigh ag oifig na scoile. Christmas Bingo is on in school on Sunday at 7.30pm. The Parents Council is looking for spot prizes for bingo nights. If anyone would like to donate a prize, you can leave it in at the school office. Many thanks.
Cispheil na mBuachaillí faoi 19
Created : 04 Dec 2019, 3:36 PM
Archived : 04 Feb 2020, 12:00 AM
Bhuaigh an fhoireann Cluiche Ceannais, Réigiún an Iardheiscirt, inniu. 52 le 39. PCD abú! Bhí an cluiche ar siúl i dTrá Lí i gcoinne Villiers .
Díospóireacht
Created : 03 Dec 2019, 7:56 PM
Archived : 03 Feb 2020, 12:00 AM
Bhí dhá fhoireann ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne i mbun díospóireachta anocht i Luimineach. Beidh an fhoireann shóisearach ag dul go Craobh na hÉireann. Bhí an fhoireann shisearach le moladh go hard as a gcumas cainte.
Seó Bóthair sa scoil le Bliain 5
Created : 28 Nov 2019, 11:40 AM
Archived : 28 Jan 2020, 12:00 AM
Tháinig Seó Bóthair (Conradh na Gaeilge) chun ceardlanna idirghníomhacha a dhéanamh le daltaí Bhliain 5 Dé Máirt na seachtaine seo. Bhíodar ag plé na Gaeilge agus gairmeacha le Gaeilge agus a leithéid. Conradh na Gaeilge's Seó Bóthair visited the school this week and facilitated a workshop with 5th Years on Irish and career opportunities for those with fluency in Irish.
Aonach Gairmeacha san IT i dTrá Lí
Created : 28 Nov 2019, 11:35 AM
Archived : 28 Jan 2020, 12:00 AM
Thug Bliain 5 turas ar Aonach Gairmeacha san IT i dTrá Lí Dé Céadaoin seo caite. Bhí deis acu áiseanna nua spóirt an IT a fheiscint agus labhairt le hionadaithe ó na coláistí tríú leibhéal in Éirinn agus sa Bhreatain. Bhí ionadaithe ann ó na Gardaí agus an tArm chomh maith. 5th Years attended a Careers Fair in IT Tralee last Wednesday. They got to see the new sports facilities in the IT and to speak to representative from the various 3rd Level Colleges in Ireland and Britain. Representatives from the Gardaí and the Army were there as well.
Féile Bídh na Nollag sa Phobalscoil 27 Samhain
Created : 28 Nov 2019, 11:29 AM
Archived : 28 Jan 2020, 12:00 AM
Bhí taispeántas againn sa scoil aréir ar chócaireacht na Nollag leis an gcócaire aitheanta, Eleanor Walsh arb ón nDaingean ó dhúchas í. Bhí slua deas i láthair agus thug sí oidis dúinn a bheadh oiriúnach don Nollaig. Ócáid ana-thaitneamhach a bhí ann agus taimid fíor-bhuíoch d'Eleanor. Is ar mhaithe le Gairdín na gCéadfaí agus na Bithéagsúlachta, PCD ab ea an ócáid seo. Míle buíochas le daltaí na hIdirbhliana a chabhraigh. A Christmas Cookery demonstration was held in the school last night by the well-known chef Eleanor Walsh from Dingle. She prepared a variety of Christmas treats and dishes. We are grateful to Eleanor for the very enjoyable occasion and funds raised will go towards the school's Sensory and Biodiversity Garden. Many thanks to the Transition Year students who helped out on the night.
Tráth na gCeist FEACHTAS
Created : 22 Nov 2019, 1:05 PM
Archived : 22 Jan 2020, 12:00 AM
Bhí comórtas Tráth na gCeist Feachtas ar siúl inné agus bhí trí fhoireann ó PCD páirteach ann. Tá foireann amháin ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile - Antaine Ó Séaghdha, Diarmaid Ó Ciardhubháin, Michael Holden agus Maisie Hall. Comhghairdeachas! Three PCD teams took part in the Table Quiz Competition called Feachtas yesterday. One team is going forward to the next round - well done to all!
Scléip i gCorcaigh
Created : 22 Nov 2019, 12:58 PM
Archived : 22 Jan 2020, 12:00 AM
Ana-lá ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag comórtas Scléip na Mumhan i Mainistir Fhear Maí inniu. Comhghairdeachas leis na hiomaitheoirí iontacha go léir agus na buaiteoirí atá ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann. Buaiteoir sa chomórtas amhránaíochta aonair, sóisear: Meadhbh Nic an Ultaigh, Sa chomórtas Ceol Aonarach, Sinsear-Kaylin Ní Ghealbháin agus sa chomórtas Grúpa Amhránaíochta Pop-'Rince sa Bháisteach' b'iad Aisling Ní Dhubhaigh, Clare Ní Allurúin, Caitlin Holden, Ella Nic a tSíthigh, Isabel Holden & Meadhbh Nic an Ultaigh. Comhghairdeachas leo go léir!
Daltaí ag Tionól Gaeloideachas i gCorcaigh
Created : 22 Nov 2019, 12:49 PM
Archived : 22 Jan 2020, 12:00 AM
Bhí grúpa daltaí ó PCD i gCorcaigh ag Tionól Forbartha Gaeloideachas an tseachtain seo caite. Chuireadar taispeántas cultúrtha ar siúl dóibh siúd a bhí i láthair - an tAire Oideachais, Joe McHugh ina measc. De réir dealraimh, bhí an tAire ana-thógtha leo, go háirithe an Dreas Cainte ó Ruairí Ó hÓgáin. Bail ó Dhia oraibh! A group of PCD students were in Cork with their teacher Deirdre Ní Ghrainbhéil last week and performed for the attendees, including the Minister for Education, Joe McHugh!
Seachtain LGBTI+ Lá gan Éide Scoile inniu
Created : 22 Nov 2019, 11:58 AM
Archived : 22 Jan 2020, 12:00 AM
Bhí lá gan éide scoile againn inniu mar chomhartha tacaíochta don bpobal LGBTI+ agus mar léiriú ar éiteas uileghabhálach ár scoile. Seo an teachtaireacht a bhí ag an bPríomhoide dúinn go léir inniu: "Is scoil uileghabhálach sinn agus tá sé tábhachtach go mbraitheann gach duine compordach agus sábháilte sa scoil agus go bhfuil gach duine sásta glacadh le pobal uile na scoile. Éagsúlacht daoine, éagsúlacht smaointe agus éagsúlacht tuairimí a chuireann le fás agus forbairt pobail. Bímid ar fad bródúil as cé sinn féin mar dhaoine aonair agus mar phobal Phobalscoil Chorca Dhuibhne." We had a school uniform free day today as part of our LGBTI+ Awareness Week and the Principal addressed the school with this message: "We are an inclusive school and it's very important that everyone feels comfortable and safe in school and that everyone is happy to accept the entire school community. Diversity of people, diversity of ideas and opinions contribute to the growth and prosperity of communities. Let us all be proud of who we are as individuals and the PCD community."