Displaying 761-770 of 1142 results.
Turas Tíreolaíochta ag Bliain 6 go Cill Airne
Created : 11 Oct 2021, 12:26 PM
Archived : 20 Dec 2021, 12:00 AM
Comórtas Uí Chadhain
Created : 19 Oct 2021, 12:38 PM
Archived : 19 Dec 2021, 12:00 AM
Bhí ana dhíospóireacht againn i mBaile Bhúirne in Óstán Ghobnatan aréir. Raghaidh an dá fhoireann ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile.” Foireann Shóisir Ruairí Ó hUanacháin Éimhín Dalby Sibéal Ní Shéaghdha Foireann Shinsir Meadhbh Nic an Ultaigh Róisín Dalby Páidí Mac Gearailt Mórchomhghairdeachas libh go léir!!
Tobar Eoin
Created : 19 Oct 2021, 12:19 PM
Archived : 19 Dec 2021, 12:00 AM
Le blianta beaga anuas tá ár gcairde ó Thobar Eoin (St. John of God) ag teacht chugainn uair sa tseachtain. Bíonn ár ndaltaí Idirbhliana ag obair agus ag foghlaim leo aoi stiúir Iníon de Brún ina rang sóisialta. Thar na blianta bhíodh cóisir Nollag againn leo i dTobar Eoin agus sa scoil. Ba dlúthchairde iad faoi dheireadh na bliana agus is minic go dtugaimis cuairt orthu. Roimis dhúnadh na scoile de bharr Covid bhí díolacháin cístí ag na daltaí ar mhaithe le Tobar Eoin agus deineadh thart ar chúig chéad euro. Cabhróidh sé seo leis an seomra céadfaí nua atá acu i dTobar Eoin. Táimid ag súil go mór é sin a fheiscint agus go mbeidh ár gcairde in ann filleadh ar an scoil chugainn go luath
Lá Domhanda Sláinte Meabhrach 2021.
Created : 12 Oct 2021, 3:42 PM
Archived : 12 Dec 2021, 12:00 AM
Dhein Bl 6 Eac Bhaile bricfeasta aoibhinn i gcomhair Lá Domhanda Sláinte Meabhrach 2021.
Físeán na Seachtaine
Created : 11 Oct 2021, 12:29 PM
Archived : 11 Dec 2021, 12:00 AM
Iarscoláire na scoile seo agus a ghnó féin oscailte aige sa Daingean. Ard-fhear PJ! twitter.com/MOLSCEAL/status/1446445883378253827?s=20
Deividas Uosis ar cuairt againn!
Created : 11 Oct 2021, 12:26 PM
Archived : 11 Dec 2021, 12:00 AM
Tháinig ár n-iarscoláire Deividas ar cuairt chugainn an tseachtain seo caite. Ta sé age baile ón Astráil áit a bhfuil sé ag imirt Aussie Rules leis na Brisbane Lions.
Ospís Chiarraí
Created : 11 Oct 2021, 12:15 PM
Archived : 11 Dec 2021, 12:00 AM
Bhí maidin chaife againn ar scoil le déanaí agus bailíodh €642 d'Ospís Chiarraí.
Ellie de hÓra ar fhoireann Chiarraí faoi 14
Created : 11 Oct 2021, 12:08 PM
Archived : 11 Dec 2021, 12:00 AM
Seo í Ellie a bhí ar phainéal Chiarraí faoi 14 i mbliana. Imríonn Ellie mar bhádóir. Nár laga Dia í!
Sibéal - TechSpacer na Bliana!
Created : 11 Oct 2021, 12:03 PM
Archived : 11 Dec 2021, 12:00 AM
Sibéal Ní Ógáin, Bl 5 ag glacadh le gradam TechSpacer na Bliana ó Jack Chambers Dé hAoine seo caite in DCU i mBÁC. Bhí ár n-iarscoláire Jamie Ó Flannúra ann leis agus é ag obair le TechSpace. Comhghairdeachas a Shibéal! www.radiokerry.ie/news/kerry-secondary-school-student-wins-national-technology-award-254042
Crannchur na hIdirbhliana
Created : 07 Oct 2021, 11:06 AM
Archived : 07 Dec 2021, 12:00 AM
Comhghairdeachas leis na buaiteoirí seo a leanas a bhuaigh na duaiseanna sa chrannchur a d'eagraigh Bliain 4 le déanaí: 1. Aisha Scharer - Dearbhán €150 Óstán na Sceilge @dingleskellig 2. Hannah Mai Hutch - Dearbhán €100 Fitzgerald's Hardware @homevaluedingle 3. Róisín Ní Shíthigh - Dearbhán €50 Walsh's Pharmacy @walshspharmacydingle Táimid fíorbhuíoch don trí ghnó sin as na duaiseanna sin a chur ar fáil dúinn agus as tacú lenár scoil agus lenár ndaltaí!