Displaying 651-660 of 1142 results.
Lá Fhéile Pádraig
Created : 16 Mar 2022, 10:51 AM
Archived : 17 May 2022, 12:00 AM
Lá Fhéile Pádraig earraigh- Bíonn nead ar gach coill, Breac ar gach linn, Is laoigh i ngach cró in Éirinn Nó Comhfhaid lá is oíche Lá Fhéile Pádraig
Faisean Tapaidh-Bígí ar an Eolas!
Created : 16 Mar 2022, 12:48 PM
Archived : 16 May 2022, 12:00 AM
Cuireann faisean tapaidh go mór le hathrú aeráide agus truailliú timpeall an domhain. Táimidne i bPobalscoil Chorca Dhuibhne ag iarraidh ár bpáirt a dhéanamh chun an timpeallacht a chosint. Tá feachtas ar siúl ag an gCoiste Glas sa scoil: • Táimid ag iarraidh daoine a spreagadh chun éadaí athláimhe a cheannach, réiteach simplí amháin ar fhadhb an-chasta. • Molaimid do dhaoine níos lú éadaí a cheannach & iad a chaitheamh níos minicí. Tá dualgas orainn go léir an fhadhb seo a aithint agus ár nósanna a athrú. Bígí ag smaoineamh faoin dtimpeallacht agus sibh ag ceannach éadaí as seo amach! Bhí “Swap Shop” againn sa scoil inné. Tugadh éadaí isteach agus déanadh iad a mhalartú in ionad iad a chaitheamh amach. D’éirigh go hiontach linn!
Junk Kouture 2022
Created : 16 Mar 2022, 10:58 AM
Archived : 16 May 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le hAisling Ní Shúilleabháin agus Isabel Holden ó bhliain 4 a chur isteach ar an gComórtas Junk Kouture i mbliana. Tá culaith Isabel, Experi-Mental, cáilithe don gCraobh Réigiúnach a bheidh ar siúl ar shuíomh YouTube Junk Kouture an tseachtain seo chugainn. Go n-éirí go geal léi. Beidh tuilleadh eolais againn ina leith go luath!
Duaiseanna Blagála
Created : 15 Mar 2022, 3:04 PM
Archived : 15 May 2022, 12:00 AM
Bhronn Treasa Ní Mhainín, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, duaiseanna breátha ar dhaltaí na hIdirbhliana inniu. Bhí Dairena Ní Chinnéide, Scríbhneoir Cónaitheach na Pobalscoile i láthair ag an ócáid chomh maith. Grúpa 1: Sa chéad áit: Seán Ó Fiannachta Sa dara háit: Aisling Ní Dhubhaigh Sa tríú háit: Rachel Nic an Rí Sa cheathrú háit: Jeaic Mac Gearailt Grúpa 2: Sa chéad áit: Ellie De Paor Sa dara háit: Oscar Ó Donnabháin Sa tríú háit: Ana Ní Bhrosnacháin Sa cheathrú háit: Grace Ní Shé Comhghairdeachas libh go léir, is maith ann sibh!
Feachtas bailithe don Úcráin
Created : 15 Mar 2022, 8:18 AM
Archived : 15 May 2022, 12:00 AM
A chairde, Tar éis a bheith ag caint le Fiona Corcoran Dé Sathairn , agus léiriú uaithi ar an ngéarchéim sa Úcráin/Chernobyl leis na Teifigh, táimid ag eagrú feachtas bailithe earraí di, le seoladh go dtí an Ionad i gCorcaigh agus cuirfidh siadsan ar aghaidh é go dtí na hionaid atá acu cheana féin thall ansan. Táimid ag plé le Fiona le fada agus is duine iontach í, a dheineann gaisce agus obair na gcapall le muintir na hÚcráine le blianta fada. Tá rudaí áirithe de dhíth orthu agus tá an t-eolas san sa Phóstaeir iniata. Beidh an bailiú ag tosnú De Céadaoin 16ú agus tá sceideal leagtha amach ina dhiaidh san. Seo an rud: bheadh sé go diail dá mbeimisne chun tosaigh lenár mboscaí/beartanna féin Dé Céadaoin más féidir? Cuirimid thíos staighre iad sa Forhalla agus spreagfaidh sé na daltaí? Dála an scéil, bailíodh €1,830 sa ‘Bucket Collection’ Dé hAoine le cur leis an €1200 roimhe seo. Ar fheabhas Grmíle
Comhghairdeachas Max!
Created : 14 Mar 2022, 6:12 PM
Archived : 14 May 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Max Ó Nualáin-Cinnéide, Bliain 3, as an ngaisce atá déanta aige sa dornálaíocht le déanaí.
Niamh Ní Chonchúir
Created : 14 Mar 2022, 11:42 AM
Archived : 14 May 2022, 12:00 AM
Tá Cluiche Ceannais Chorn Uí Chonchúir buaite ag foireann caide Ollscoil Luimnigh. Bhí Niamh Ní Chonchúir, iarscoláire dár gcuid, ag imirt leo. Comhghairdeachas libh! Ollscoil Luimnigh 0-12 Coláiste na hOllscoile, Corcaigh 0-11
Mary Campbell Shea, Springfield
Created : 14 Mar 2022, 8:41 AM
Archived : 14 May 2022, 12:00 AM
Tá scéala báis, Mary Campbell Shea, Springfield, Massachusetts tagaithe chugainn agus dá bharr san tá ualach bróin agus uaignis á bhraith againn anseo sa Phobalscoil. B'í Mary an ósta gan locht a bhí ag ár bhfoireann cispheile i Springfield sa bhliain 2015. Chuir Mary agus a fear céile Joe fíor chaoin fáilte romhainn ina dtigh agus bhí císte milis speisialta agus bratach na hÉireann ann romhainn. Bean fhlaithiúil álainn ab ea Mary a chuir go mór lenár dturas a mhairfidh inár gcuimhne go deo. Bhí sí inár gcuideachta agus sin ag tabhairt turas cultúrtha ar chlub John Boyle O' Reilly. Chomh maith leis sin bhí lámh aici in eagrú ár gcluiche dúshlánach i gcoinne East Longmeadow sa halla cispheile suntasach i Springfield. Seolaimid ár gcomhbhrón ó chroí go dtí a fear céile Joe agus an chlann go léir. Leaba i measc na naomh go raibh aici. obits.masslive.com/us/obituaries/masslive/name/mary-campbell-obituary?id=33590612
Cluiche Chorn Ruiséal, Buachaillí faoi 15
Created : 11 Mar 2022, 9:53 AM
Archived : 11 May 2022, 12:00 AM
Dé Céadaoin, 10ú Márta, 2022 i bPáirc an Áthasaigh, Daingean Uí Chúis Pobalscoil Chorca Dhuibhne 4:10 v An Scoil Idirmheánach, Cill Orglan 3:05 Comhghairdeachas agus go n-éirí libh inniu!
Gairmthreoir
Created : 10 Mar 2022, 3:58 PM
Archived : 10 May 2022, 12:00 AM
Déardaoin, 3ú Márta Cainteoir ó MTU ag Bl.5 &6