Displaying 1011-1020 of 1142 results.
Díospóireachtaí Uí Chadhain
Created : 06 Dec 2018, 10:19 AM
Archived : 06 Feb 2019, 12:00 AM
D'éirigh leis an bhfoireann sóisear sna Díospóireachtaí inné. Beidh siad ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann ag deireadh mhí Eanáir. Bail ó Dhia orthu! Maidir leis an bhfoireann iontach sinsir - ní raibh faic eatarthu féin is an fhoireann a bhuaigh orthu. Tréaslaímid leo as an dtaispeántas thar barr a dheineadar inné.
Corn Uí Shúilleabháin
Created : 06 Dec 2018, 10:14 AM
Archived : 06 Feb 2019, 12:00 AM
Bhí cluiche Corn Uí Shúilleabháin ar siúl inné agus bhuaigh PCD le dhá phointe. Beidh siad ag dul ar aghaidh go dtí an babhta ceannais. Dáta le cinntiú. Go n-éirí leo!
Other Voices
Created : 06 Dec 2018, 10:11 AM
Archived : 06 Feb 2019, 12:00 AM
Bhí ana-bhaint ag PCD leis an bhféile Other Voices i mbliana. Ar an Aoine 30 Samhain, tháinig Dáithí Ó Drónaí isteach chugainn chun ceolchoirm a chur ar siúl dúinn. Bhí grúpa timpeall 27 dalta ó Bhliain 4, 5, 6 ag obair don bhFéile i rith an deireadh seachtaine agus anuas air sin bhí ár gceoltóirí féin páirteach sa Music Trail. Bhí an grupa Togra ag seinnt i Murphy's Ice Cream ar an Satharn agus bhí an grúpa traid Ceoltóirí Duibhneach ar an Trail chomh maith. Tá oiread seans linn a bheith ag marachtaint sa Daingean, áit chultúrtha, cheolmhar, gan trácht ar an mbua agus an talann atá ag ár ndaltaí féin!
Scléip ar Scoil!
Created : 20 Nov 2018, 3:25 PM
Archived : 20 Jan 2019, 12:00 AM
Bhí cur i láthair ceoil agus rince do Bhliain 1 ar siúl tráthnóna inniu. Go n-éirí libh amárach ag Scléip na Mumhan. #oideachasceoil #bíagceol
Cispheil na gCailíní, Cadettes
Created : 20 Nov 2018, 12:00 PM
Archived : 20 Jan 2019, 12:00 AM
Coláiste Mhuire Inis 34- PCD 33 Mí-ádh le 3 soicind fágtha! Tá seans fós acu ar an Déardaoin an cluiche leathcheannais a shroichint!
Cispheil na gCailíní, Sinsear
Created : 20 Nov 2018, 11:58 AM
Archived : 20 Jan 2019, 12:00 AM
Corn na Scoileanna faoi 19, Coláiste Mhuire, Inis 23 -PCD 46 PCD Abú!
Tuismitheoirí / Parents: Íocaíochtaí scoile ag teastáil / Payments due
Created : 19 Nov 2018, 12:33 PM
Archived : 19 Jan 2019, 12:00 AM
Bliain 1 - tá íocaíocht €12 le déanamh do ghleacaíocht. First Years - gymnastics payment of €12 to be made. Bliain 2 - tá táillí le híoc ar leabhartha agus gleacaíocht. Second Years - school books and gymnastics payment to be made. Bliain 3 - tá táillí leabhartha le híoc. Third Years - school books payment due. Bliain 5 - tá íocaíocht €13 le déanamh don Aonach Gairmeacha. A payment of €13 is needed for the Careers Fair. Má bhaineann rugbaí leat, tá íocaíocht €10 le déanamh ansin don mbus. If your child plays rugby, the cost is €10 for the bus. Míle buíochas as iad a íoc tríd an Aip. Is Scoil Glas sinn agus cabhraíonn sé seo an timpeallacht a chaomhnú. We would appreciate it if you made these payments using the School App as part of our Green School Policy
Bronnadh na mBonn in Óstán an Rós i dTrá Lí
Created : 19 Nov 2018, 12:15 PM
Archived : 19 Jan 2019, 12:00 AM
Bronnadh bonn na Mumhan ar thriúr cailíní ó PCD a shroich an cluiche ceannais i mbliana do Chiarraí faoi 16. Is iad sin Rachel Ní Chonchúir, Mairéad Ní Chíomháin agus Lisa Nic Gearailt. Bronnadh Geansaí Chiarraí orthu leis - an geansaí a chaitheadar agus iad ag imirt sa chluiche ceannais.
Seachtain Seas an Fód i gcoinne bulaíocht LADT (LGBTI)
Created : 19 Nov 2018, 12:09 PM
Archived : 19 Jan 2019, 12:00 AM
D'éirigh go hiontach leis an tseachtain feasachta LGBTI. An tseachtain seo caite, thóg gach scoil ar fud na tíre seasamh i gcoinne bulaíocht homafóbach, trasfhóibeach agus défhóibeach a mbíonn ar a lán daoine óga LADT (LGBTI) cur suas leis. Táimidne meáite ar sheasamh maith a thógaint anseo i bPobalscoil Chorca Dhuibhne mar is scoil sinn atá bródúil as an eiteas cuimsitheach atá againn. Dhein na daltaí i mBliain 4 jab iontach ag eagrú maisiúcháin agus lá gan éide scoile ina raibh ar gach duine sa scoil dath ar leith a chaitheamh. Bhí díolachán cupchístí ar dhathanna difriúla ann chomh maith!
Corn Uí Mhuirí
Created : 15 Nov 2018, 9:47 AM
Archived : 15 Jan 2019, 12:00 AM
PCD v Coláiste de la Salle, Maigh Chromtha. PCD abú!!