Displaying 961-970 of 1296 results.
Bhur dtuairimí ag teastáil! / Your input needed!
Created : 30 Apr 2021, 12:53 PM
Archived : 30 Jun 2021, 12:00 AM
Tá cúrsa nua Gaeilge á chur le chéile don Ardteist agus tá comhairliúchán ar siúl na laethanta seo mar gheall air. Tá na hathruithe atá siad ag moladh suntasach go maith agus bheadh impleachtaí acu dár ndaltaí. Tá cruinniú ar líne ag Gaeloideachas chun tuismitheoirí a chur ar an eolas mar gheall air, Dé Céadaoin an 5 Bealtaine ar a 7pm. Seo an nasc chuige. gaeloideachas.ie/comhairliuchain-dreachtsonraiocht-nua-don-ghaeilge-sa-tsraith-shinsearach/?lang=ga A new Irish course for the Leaving Cert is being drafted and a consultation process is happening at the moment. The changes to the course are significant and will have implications for our students. Gaeloideachas is organising an online meeting to inform parents about the proposed changes on Wednesday 5th May at 7pm. Here is the link: gaeloideachas.ie/comhairliuchain-dreachtsonraiocht-nua-don-ghaeilge-sa-tsraith-shinsearach/?lang=ga
Gradaim an Gharda Síochána / Garda Youth Achievement Awards
Created : 23 Apr 2021, 10:21 AM
Archived : 23 Jun 2021, 12:00 AM
Ceiliúrann Éachtaí Óige an Gharda Síochána an obair iontach a dhéanann déagóirí timpeall na tíre. Bíonn na daltaí molta ag múinteoirí agus daoine a aithníonn a gcuid iarrachtaí agus faigheann 25 dóibh ó gach contae gradam. I mbliana fuair ceathrar cailíní ón scoil an gradam, Faye Greely, Molly Ní Shé, Maisie Hall agus Edie Hall. Fuair Maisie agus Edie dámhachtain fiúntais as an obair a dhéanann siad lena bpobal agus fuair Faye agus Molly an phríomhduais ghrúpa. Fuaireadar an duais as an obair eiseamlárach a dhéanann siad le CARA. Mar sin beidh siad ag bogadh ar aghaidh go dtí an chraobh náisiúnta. Táimid ana-bhródúil astu!
Duais Fiontar buaite ag James Ó Gráinne, Bl. 5!
Created : 23 Apr 2021, 9:56 AM
Archived : 23 Jun 2021, 12:00 AM
Tá daltaí scoile, James Ó Gráinne i mBliain 5 tar éis comhlacht ceart a bhunú. Is éacht dochreidte é seo. An fhealsúnacht atá taobh thiar de ná earraí inmharthanta atá neamh-dhíobhalach don timpeallacht a chur ar an margadh. Tá réimse táirgí aige a déantar as hemp agus ábhar eile agus díolanna sé iad le scoileanna, coláistí agus siopaí. Tá gradam mór le rá buaite ag James le déanaí agus tuairisc air sin sa nuachtán an Independent le déanaí. Tá a thuilleadh eolais faoi chomhlacht agus táirgí James le fáil ag www.skyscraper.ie . Bail ó Dhia air agus gach rath ar a chuid oibre!
Seosaimh Ó Críodáin ar Molscéal!
Created : 23 Apr 2021, 9:41 AM
Archived : 23 Jun 2021, 12:00 AM
Bronnadh “Laoch na nÓg” ar Sheosaimh Ó Críodáin mar aitheantas ar a chuid oibre le hógánaigh Chorca Dhuibhne agus le hógánaigh Mhuscraí le blianta fada. Táimid ana-bhuíoch dó anseo sa Phobalscoil! t.co/99mnAhGBru (twitter.com/MOLSCEAL/status/1384539350193541121?s=03)
Dea scéala Fiontraithe Óga na Pobalscoile!
Created : 22 Apr 2021, 4:03 PM
Archived : 22 Jun 2021, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí le Sibéal Ní Ógáin, Caoimhe Ní Bheaglaoich agus Aoife Feirtéar Bliain 4 atá tar éis an Chraobh Náisiúnta Chlár na gComhlachtaí 2021 a bhuachtaint le Cártaí Feasa. Rachaidh siad ar aghaidh chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag Craobh na hEorpa! Comhghairdeachas chomh maith le Ciara Ní Geibheannaigh, Edie Hall agus Miriam Ní Shúilleabháin Bliain 4 a bhuaigh an duais nualaíoch do Bain Triail As! Éacht den scoth bainte amach agaibh! Comhghairdeachas leis lena múinteoir Trish Uí Éanacháin a thug tacaíocht agus spreagadh iontach dóibh. twitter.com/UdarasnaG/status/1385236816400424961?s=20
Fiontar
Created : 22 Apr 2021, 10:22 AM
Archived : 22 Jun 2021, 12:00 AM
Go n-éirí go geal le fiontraithe óga na scoile atá le dul san iomaíocht inniu chun áit a bhaint amach i gCraobh na hEorpa do fhiontraithe óga. Foclaíocht feirmeoireachta ón mBaile Uachtarach le hEoinín Feirtéar agus a iníon Aoife Feirtéar Bliain a 4 le feiscint sa bhfíseán thíos. twitter.com/tuairiscnuacht/status/1385092533135499272?s=20 twitter.com/MOLSCEAL/status/1382383038949163016?s=20
Beannacht Dé leis an Athair Ó hIceadh
Created : 15 Apr 2021, 10:28 AM
Archived : 15 Jun 2021, 12:00 AM
Bhíomar riamh ana-bhuíoch don Athair Ó hIceadh anseo i bPobalscoil Chorca Dhuibhne. Is minic a thagadh sé isteach agus cabhair agus comhairle a thabhairt dúinn le drámaí agus ceolchoirmeacha agus píosaí a ullmhú don Oireachtas. Bhí bua na cruthaitheachta agus na hamharclanaíochta go láidir ann agus ní bhíodh leisce go deo air na buanna sin a roinnt linn. Fear é a bhíodh i gcónaí lán d'fhuinneamh agus joie de vivre agus é lúfar aclaí go dtí an deireadh. Bhí seans linn é a bheith inár measc. Suaimhneas síoraí air.
Scléip 2021!
Created : 15 Apr 2021, 10:08 AM
Archived : 15 Jun 2021, 12:00 AM
Comhghairdeachas le gach duine a ghlac páirt sa Chraobh Cheannais de Scléip Gael Linn aréir. Bhí ard-chaighdeán agus taispeántas iontach le cloisint. Agus dhein daltaí PCD: Aisling Ní Dhubhaigh, Adriana Dargyte, Clare Ní Allarúin, Cora Ní Shlattara & Ella Nic a tSíthigh, Bliain 3 agus Michael Holden, Bliain 5 ana-léiriú ar son na scoile. Maith sibh go léir - éacht mór an Chraobh a bhaint amach! Comhghairdeachas le Michael Holden a tháinig sa tarna háit sa chomórtas Ceol Aonarach Sinsear. Is féidir libh féachaint siar ar an gCraobh anseo: YouTube: youtu.be/oBtADL3ifL0 Facebook: www.facebook.com/gaellinnie/videos/1141243982969889/
Craobh Scléip ANOCHT @7pm!! Bígí Linn!!
Created : 14 Apr 2021, 5:00 PM
Archived : 14 Jun 2021, 12:00 AM
Seo an dá nasc chuig craoladh Craobh Scléip 2021 tráthnóna inniu, 14 Aibreán, ag 7i.n. YouTube: youtu.be/oBtADL3ifL0 Facebook: www.facebook.com/gaellinnie/videos/1141243982969889/ Go n-éirí leis na hAlpacas, Clare Ní Allarúin, Ella Nic an tSithigh, Adriana Dargyte, Aisling Ní Dhubhaigh, Viktorie Céchova & Cora Ní Shlattara agus Michael Holden PCD abú!
Go leor gradam buaite ag daltaí PCD ag TechFéile / Lots of awards for PCD students at TechFéile!
Created : 26 Mar 2021, 11:30 AM
Archived : 26 May 2021, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí le Sibéal Ní Ógáin, a ainmníodh mar scoláire na bliana ag #TechFéile2021 tar éis di bheith páirteach i 5 thionscnamh iontacha - dhá ghearrscannán, dhá phodchraoladh & beochan físe a rinne sí féin. Comhghairdeachas chomh maith le Caoimhe Ní Bheaglaoich, Maisie Hall & Sibéal Ní Ógáin a tháinig sa chéad áit sa chatagóir "Léiriú Fuaime" lena togra "Podchroladh PCD", faoi stiúir a múinteoir, Sinéad Ní Riain. Bhí ceol den scoth ón ngrúpa "Alpacas" i mBl.3 le feiceáil & le clos ann, maith sibh cailíní, agus le Deirdre Ní Ghrainbhéil, a múinteoir. Clare Ní Allarúin, Ella Nic an tSithigh, Adriana Dargyte, Aisling Ní Dhubhaigh, Viktorie Céchova & Cora Ní Shlattara a bhí i mbun seo. Comhghairdeachas chomh maith leis an ngrúpa seo ó Bhl.4 a chuir an gearrrfhíseán alainn "Dianghlasáil i gCorca Dhuibhne" le chéile - ainmníodh é sa ghearrliosta deireanach den 3 cinn is fearr sa tír. Maith sibh le gach éinne eile a bhí páirteach ann: Edie Hall, Malachaí Ó Ciardhubháin, Caoimhe Nic Eoin, Siún Ní Eartáin, Sibéal Ní Ógáin, Miriam Ní Shúilleabháin agus David Ó Catháin. Agus maith thú Aisling Ni Dhubhaigh a bhí mar láithreoir áitiúil dúinn anseo. Comhghairdeachas leo go léir, an-bhródúil astu. (Pádraig Ó Dubhaigh)