Displaying 1051-1060 of 1298 results.
Rás capall buaite ag Tom Ó Conchúir, Bliain 2
Created : 28 Jan 2020, 3:27 PM
Archived : 28 Mar 2020, 12:00 AM
Bhuaigh Tom rás capall ansan le déanaí agus dhein sé agallamh ana-mhaith ar an Saol Ó Dheas, 23 Eanáir. Is féidir éisteacht leis anseo: www.rte.ie/radio/radioplayer/html5/#/rnag/21698313 Ard-fhear, a Tom.
Comórtas Irish Angus Beef
Created : 21 Jan 2020, 11:39 AM
Archived : 21 Mar 2020, 12:00 AM
D'imigh daltaí ón Idirbhliain go Luimneach go dtí an comórtas Certified Irish Angus. Sin iad, Jimí Ó Fiannachta, Mickey Ó Dubháin Kieran Ó Bambaire agus Marc Ó Mainín.
Cispheil na gCailíní, Bliain 1&2
Created : 21 Jan 2020, 11:34 AM
Archived : 21 Mar 2020, 12:00 AM
Tá an séasúr faoi lánseoil faoi láthair agus cad é cluichí á n-imirt ag na cailíní. Nár laga Dia iad!
Cispheil na mBuachaillí faoi 19
Created : 21 Jan 2020, 11:32 AM
Archived : 21 Mar 2020, 12:00 AM
Bhí mí-ádh leo sa Sciobairín Dé Máirt seo caite. Bhí ana-bhliain acu, áfach, agus d'éirigh leo Corn faoi 19 an iar-dheiscirt a bhaint amach. Tá ana-dhul chun cinn déanta acu i mbliana. Ár mbuíochas leis an uile dhuine a thaistil go dtí an Sciobairín agus a thug tacaíocht dóibh i rith na bliana ar fad.
An tEolaí Óg / Young Scientist Exhibition
Created : 21 Jan 2020, 11:31 AM
Archived : 21 Mar 2020, 12:00 AM
Chuaigh Bliain 2 ar thuras go Baile Átha Cliath go dtí an Comórtas Eolaí Óg. Bhí ana-lá acu!
Cuairt ó Thomás Mac an tSaoir
Created : 21 Jan 2020, 11:30 AM
Archived : 21 Mar 2020, 12:00 AM
Tháinig Tomás chun cainte le Bliain 6. Labhair sé leo faoi mheabhairsláinte agus faoi aidhmeanna pearsanta a bhaint amach. Tá sé imithe anois ar thuras eile, an uair seo tá sé ag imeacht ón Nua-Shéalainn, tríd an Astráil agus an Eoraip abhaile go Baile an Fheirtéaraigh.
Díospóireacht - Craobh na hÉireann sa Ghaillimh
Created : 21 Jan 2020, 11:28 AM
Archived : 21 Mar 2020, 12:00 AM
Comhghairdeachas leis an bhfoireann díospóireachta atá imithe chomh fada le Croabh na hÉireann. Beidh grúpa tacaíochta ag dul leo- go n-éirí go geal leo amárach! Beidh na díospóireachtaí á gcraoladh beo ar leathanach Facebook Molscéal óna 4.30pm amárach.
Daltaí ó Bhliain 4 ar thuras go dtí an Chéinia le Cara Projects
Created : 20 Jan 2020, 12:30 PM
Archived : 20 Mar 2020, 12:00 AM
Tá ceathrar dalta ón Idirbhliain - Faye Greely, Amy Partington, Molly Ní Shé agus Katie Ní Bhriain imithe go dtí Nairobi, príomhchathair na Céinia leis an ngrúpa ‘Cara Projects’. Bhíodar ann ar feadh coicíse ag obair in ionad tárrthála do chailíní ó 0-18 bliana d’aois. Thugadar cuairt ar na slumaí agus chuadar ar Safari leis. Bhí ar gach duine acu €2300 a bhailiú chun dul ann. Bhronn an Sagart Paróiste Sintiús na Nollag ó Mhainséar na Nollag ar na daltaí chun cabhrú leo. Breis agus €1000 a bhí i gceist anseo. Buíochas le gach éinne a thacaigh leo.
Comórtas Badmantan
Created : 20 Jan 2020, 12:24 PM
Archived : 20 Mar 2020, 12:00 AM
Ghlac Mia Ní Ainiféin, Ana Ní Bhrosnacháin, Ella Nic an tSíthigh agus Summer Nic Cárthaigh páirt i gcomórtas badmantan 14 Eanáir.
Scátáil Oighir ag Bliain 4 & 5
Created : 19 Dec 2019, 2:57 PM
Archived : 19 Feb 2020, 12:00 AM
i gCill Airne.