Displaying 991-1000 of 1142 results.
Cluiche ceannais caide na gCailíní
Created : 31 Jan 2019, 1:13 PM
Archived : 31 Mar 2019, 12:00 AM
Beidh cluiche ceannais na gcáilíní ag dul ar aghaidh inniu i dTuar na Fola, Luimneach, ar a 1pm. Busanna ag fágaint na scoile ar a 10.20am. PCD v Scoil Mhuire, Mainistir na Corann. Go n-éirí leo!
Scléip na hÉireann
Created : 31 Jan 2019, 10:04 AM
Archived : 31 Mar 2019, 12:00 AM
Comhghairdeachas leis na daltaí ar fad a ghlac páirt i Scléip i mBaile Átha Cliath ó Bhliain 2, 4 agus 5. Bhí ana-thaispáinteas acu agus léiríodar caighdeán ana-ard, bail ó Dhia orthu. Bhuaigh Katarina Nic Roibeard, Bliain 2 an chéad áit sa chomórtas ceoil aonarach sóisear. Comhghairdeachas léi!
ESB Creative TechFest
Created : 29 Jan 2019, 11:51 AM
Archived : 29 Mar 2019, 12:00 AM
Bronnadh drón DJI ar Tommy Finn agus James Ó Dubháin inné, tar éis dóibh an Duais Físiúil a bhuachtaint ag an ESB Creative Tech Fest, as an ngearrscannán "The Curtain Caller" a rinneadar san Idirbhliain. Sa phictiúr: Eva Corbett (Comhordaitheoir TechSpace), James Ó Dubháin, Tommy Finn, Pádraig Ó Dubhaigh (múinteoir).
Comhghairdeachas le Niamh Ní Chonchúir agus an fhoireann caide
Created : 28 Jan 2019, 12:39 PM
Archived : 28 Mar 2019, 12:00 AM
Bhuaigh foireann caide Iar-bhunscoile Idir-chúige na Mumhan an blitz a bhí acu Dé Sathairn i gContae na hIarmhí le pointe amháin! Comhghairdeachas leo.
Luthchleasaíocht Tras-Tíre
Created : 28 Jan 2019, 12:10 PM
Archived : 28 Mar 2019, 12:00 AM
D'éirigh go hiontach le foirne Bliain 1 agus 2 sna ráiseanna tras-tíre, Craobh na Mumhan le déanaí. Tháinig Bliain 1 sa 7ú háit as 21 agus tháinig Bliain 2 sa 9ú háit as 21. Tháinig Oscar Ó Donnagáin, Bliain 1, sa 16ú áit - dhobhair go ndein sé an bheart! Is áiteanna 1-15 a théann ar aghaidh! Dhein sé gaisce. An bhliain seo chugainn le cúnamh Dé. Tháinig Malacaí Ó Ciardubhain sa 9ú háit agus beidh sé ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na Mumhan ar an 13 Feabhra i bPort Láirge.
Niamh Ní Chonchúir ar fhoireann Caide Iar-Bhunscoile Idirchúige na Mumhan
Created : 25 Jan 2019, 10:17 AM
Archived : 25 Mar 2019, 12:00 AM
Tá Niamh Ní Chonchúir ó Bhl.6 roghnaithe ar fhoireann caide Iar-Bhunscoile Idirchúige na Mumhan. Go n-éirí go geal leo sa Blitz Náisiúnta a bheidh ar siúl i gCionn Átha Gad, Co. na hIarmhí amárach. Táimid an-bhródúil asat a Niamh. Beir bua!!
Díospóireacht Uí Chadhain buaite ag PCD!
Created : 24 Jan 2019, 12:47 PM
Archived : 24 Mar 2019, 12:00 AM
Tá Craobhchomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2019 buaite ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Comhghairdeachas le Paidí MacGearailt, Meabhdh Nic an Ultaigh agus Antaine Ó Séaghdha. Bail ó Dhia orthu agus ar na múinteoirí iontacha atá acu, Ciara Ní Shé agus agus Iníon Breathnach. Táimid ana-bhródúil astu!
Peil Cailíní Sóisear
Created : 23 Jan 2019, 3:37 PM
Archived : 24 Mar 2019, 12:00 AM
PCD 6:10 v Coláiste Mhuire Inis 3:10. PCD abú!
Peil na gCailíní Sinsir. PCD abú!
Created : 17 Jan 2019, 2:24 PM
Archived : 17 Mar 2019, 12:00 AM
PCD 5:07 , Meánscoil Ursuline, Durlas 3:06. PCD abú!
Cluiche ceathrú ceannais Chorn Uí Mhuirí - PCD abú
Created : 17 Jan 2019, 2:17 PM
Archived : 17 Mar 2019, 12:00 AM
PCD 1:05 , Coláiste Naomh Fhlannáin, Inis 1:03