Displaying 1031-1040 of 1275 results.
Cispheil na mBuachaillí faoi 19
Created : 21 Jan 2020, 11:32 AM
Archived : 21 Mar 2020, 12:00 AM
Bhí mí-ádh leo sa Sciobairín Dé Máirt seo caite. Bhí ana-bhliain acu, áfach, agus d'éirigh leo Corn faoi 19 an iar-dheiscirt a bhaint amach. Tá ana-dhul chun cinn déanta acu i mbliana. Ár mbuíochas leis an uile dhuine a thaistil go dtí an Sciobairín agus a thug tacaíocht dóibh i rith na bliana ar fad.
An tEolaí Óg / Young Scientist Exhibition
Created : 21 Jan 2020, 11:31 AM
Archived : 21 Mar 2020, 12:00 AM
Chuaigh Bliain 2 ar thuras go Baile Átha Cliath go dtí an Comórtas Eolaí Óg. Bhí ana-lá acu!
Cuairt ó Thomás Mac an tSaoir
Created : 21 Jan 2020, 11:30 AM
Archived : 21 Mar 2020, 12:00 AM
Tháinig Tomás chun cainte le Bliain 6. Labhair sé leo faoi mheabhairsláinte agus faoi aidhmeanna pearsanta a bhaint amach. Tá sé imithe anois ar thuras eile, an uair seo tá sé ag imeacht ón Nua-Shéalainn, tríd an Astráil agus an Eoraip abhaile go Baile an Fheirtéaraigh.
Díospóireacht - Craobh na hÉireann sa Ghaillimh
Created : 21 Jan 2020, 11:28 AM
Archived : 21 Mar 2020, 12:00 AM
Comhghairdeachas leis an bhfoireann díospóireachta atá imithe chomh fada le Croabh na hÉireann. Beidh grúpa tacaíochta ag dul leo- go n-éirí go geal leo amárach!
Beidh na díospóireachtaí á gcraoladh beo ar leathanach Facebook Molscéal óna 4.30pm amárach.
Daltaí ó Bhliain 4 ar thuras go dtí an Chéinia le Cara Projects
Created : 20 Jan 2020, 12:30 PM
Archived : 20 Mar 2020, 12:00 AM
Tá ceathrar dalta ón Idirbhliain - Faye Greely, Amy Partington, Molly Ní Shé agus Katie Ní Bhriain imithe go dtí Nairobi, príomhchathair na Céinia leis an ngrúpa ‘Cara Projects’.
Bhíodar ann ar feadh coicíse ag obair in ionad tárrthála do chailíní ó 0-18 bliana d’aois. Thugadar cuairt ar na slumaí agus chuadar ar Safari leis. Bhí ar gach duine acu €2300 a bhailiú chun dul ann.
Bhronn an Sagart Paróiste Sintiús na Nollag ó Mhainséar na Nollag ar na daltaí chun cabhrú leo. Breis agus €1000 a bhí i gceist anseo. Buíochas le gach éinne a thacaigh leo.
Comórtas Badmantan
Created : 20 Jan 2020, 12:24 PM
Archived : 20 Mar 2020, 12:00 AM
Ghlac Mia Ní Ainiféin, Ana Ní Bhrosnacháin, Ella Nic an tSíthigh agus Summer Nic Cárthaigh páirt i gcomórtas badmantan 14 Eanáir.
Scátáil Oighir ag Bliain 4 & 5
Created : 19 Dec 2019, 2:57 PM
Archived : 19 Feb 2020, 12:00 AM
i gCill Airne.
Caitheamh Píóg ar son Crumlin agus eile
Created : 19 Dec 2019, 11:06 AM
Archived : 19 Feb 2020, 12:00 AM
Bhí ana-gháirí againn sa scoil inné nuair a chaith daltaí píóga uachtair ar na múinteoirí bochta! Bhí ceathrar múinteoir cróga a ghlac páirt ann - Brenda, Tony, Séamus agus an príomhoide Éamonn agus crústaíodh píóg isteach san aghaidh orthu sa Halla ag am sosa!
Airgead bailithe ag daltaí Bhliain 3 do SVP
Created : 19 Dec 2019, 10:57 AM
Archived : 19 Feb 2020, 12:00 AM
Bhailigh 3D agus 3O €2440.20 ar shráideanna an Daingin inné ar son SVP. Is iontach flaithiúil iad na daoine. Míle buíochas leis na múinteoirí Geraldine agus Máirtín a chabhraigh leis na daltaí agus leis na siopaí a thacaigh leo chomh maith. Déanann na daltaí é seo gach bliain mar chuid den rang Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil.
Students from 3D and 3O collected €2440.20 on the streets of Dingle yesterday. People are very generous. Many thanks to the teachers Geraldine and Máirtín who helped the students with the collection and thanks too to the shops who gave their support. Students do this every year as part of their Civic Social and Political Education class.
An Nollaig!
Created : 17 Dec 2019, 11:55 AM
Archived : 17 Feb 2020, 12:00 AM
Tá ana-chuid rudaí ag tarlú timpeall na scoile anois agus sinn ag prapáil don Nollaig. Tá na maisiúcháin in airde ag Bliain 4 agus Mike, carúil na Nollag ráite, bailiúcháin do Chumann Naomh Uinseann de Pól ar siúl agus díolachán earraí deasa ag Fiontar (Bliain 4). Beidh an rang Fiontar ag díol a gcuid earraí in Ollmhargadh Uí Ghairbhí amárach - b'fhéidir go ngeobhadh sibh sóchmas éigin deas uathu i gcomhair na Nollag!
We are on the countdown for Christmas here in school. The decorations are up, thanks to the 4th Years and Mike, our Christmas carol service was on yesterday, we are currently collecting for St Vincent de Paul, and our Enterprise students (4th Years) are selling their wares in school today. Tomorrow they'll be selling them in Garvey's supermarket - call in to see them, you might pick up some stocking fillers for Christmas!