Displaying 971-980 of 1142 results.
Cuairt 2M ar Mhosc i dTrá Lí
Created : 28 Mar 2019, 2:59 PM
Archived : 28 May 2019, 12:00 AM
Thug an rang reiligiúin i mBliain 2M cuairt ar mhosc i dTrá Lí Dé Luain. Cuireadh fáilte mhór rompu istigh. D'fhoghlaim na daltaí a lán faoin áit agus táimid ana-bhuíoch don bpobal Moslamach a bhuail linn agus a chaith a gcuid ama linn. Sinne an chéad scoil riamh a thug turas ar an mosc, a dúradar.
Cluiche caide buaite ag na cailíní!
Created : 26 Mar 2019, 10:45 AM
Archived : 27 May 2019, 12:00 AM
Caid na gCailíní. PCD 5:08 v Coláiste Choilm, Corcaigh 2:10. PCD abú. Great win for our girls today. Well done!
Speictreascópacht i gCás le Bliain 5 agus 6 Ceimic
Created : 25 Mar 2019, 1:01 PM
Archived : 25 May 2019, 12:00 AM
Tháinig scoláire dochtúireachta ó UCC chugainn chun an ghníomhaíocht seo a dhéanamh lenár scoláirí agus an deis a thabhairt dóibh foghlaim faoin speictreascópacht i slí taitneamhach, praiticiúil. A UCC PhD student visited our students to give them the opportunity to learn about spectroscopy through a hand-on experience.
Luthchleasaí ó na Cluichí Oilimpeacha Speisialta sa scoil inniu!
Created : 25 Mar 2019, 12:45 PM
Archived : 25 May 2019, 12:00 AM
Bhí Gary O'Sullivan ó Oileán Chiarraí linn sa scoil inniu ag caint le Bliain 4. Bhain Gary bonn óir agus bonn airgid amach sna Cluichí Oilimpeacha Speisialta in Abu Dhabi le déanaí. Bhí sé go diail é a bheith linn sa scoil - míle comhghairdeachas leis!
Scrúdú Cainte na hArdteistiméireachta don Ghaeilge do dhaltaí Bliain a 6
Created : 21 Mar 2019, 2:32 PM
Archived : 21 May 2019, 12:00 AM
Beidh Scrúdú Cainte na hArdteistiméireachta don Ghaeilge do dhaltaí Bliain a 6 ar bun sa Scoil ar an Mháirt 26ú Márta go dtí an Aoine an 29ú Márta. Go n-eirí leo
An Seó Seoigh déanta!
Created : 21 Mar 2019, 10:27 AM
Archived : 21 May 2019, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Bliain 4 as an éacht a dheineadar ar stáitse agus cúlstáitse an tseachtain seo caite. Chuireadar matinée agus dhá seó ar siúl dúinn agus bhíodar nótálta ar fad. Bhí daltaí ceoil ó bhlianta éagsúla ag seinnt mar chuid den seó - comhghairdeachas leo siúd as a phroifisiúnta is a bhíodar. Comhghairdeachas mór leis ag dul do na múinteoirí a d'eagraigh, a spreag agus a stiúraigh! Míle buíochas leis na tuismitheoirí agus muintir an bhaile a chuir duaiseanna ar fáil agus a tháinig chun tacú leis na daltaí. Congratulations to 4th Year students for a fantastic performance on stage and backstage last week. They put on a matinee and two shows. They were very entertaining. Students from other year groups provided the music for the show and congratulations to them for their professionalism. Many congratulations to the teachers who organised, encouraged and directed! Many thanks to the parents and members of our local community who provided prizes and came along to support the students.
Seó na hIdirbhliana ag tosú amárach!!
Created : 11 Mar 2019, 6:48 PM
Archived : 11 May 2019, 12:00 AM
Ar an 12ú agus an 13ú Márta beidh daltaí na hidirbhliana ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag léiriú Seó Ilsiamsa sa halla ag a 7:30i.n Bainfidh idir óg agus aosta taitneamh as an seó seo. Beidh míreanna difriúla sa seó ar nós: ● Mamma Mia ● An tOllSeó ● “Africa” le Toto ● Na Ciontóirí Óga Beidh ticéidí ar fáil ar an oíche. An costas a bheidh ar thicéid ná €10 do dhaoine fásta agus €5 do dhaltaí/scoláirí,€20 do chlann (2 tuismitheoirí,2 leanbh/scoláirí). Tá súil againn go mbeidh sibh ann agus go dtabharfaidh sibh tacaíocht dúinn!!! Daltaí na hidirbhliana Pobalscoil Chorca Dhuibhne 2019 Fourth years students from Pobalscoil Chorca Dhuibhne will be staging a variety show called Seó Seoigh on the 12th and the 13th of March at 7:30pm in the school hall and the show will be performed through Irish. The transition year students have been practising their dance routines, song lyrics and acting since last September. The show will present a variety of entertaining selections from such shows as: ● Mamma mia ● An Greatest Showman ● “Africa” le Toto ● The Young Offenders “Come to the show and sing along with your favourite songs as all genre of music will be catered for” Admission prices: adults €10, children €5, family €20 Transition Year students of Pobalscoil Chorca Dhuibhne 2019
Maxim, Junk Kouture 2019
Created : 08 Mar 2019, 10:00 PM
Archived : 09 May 2019, 12:00 AM
Tá Maxim ag dul ar aghaidh go dtí an Babhta Ceannais sa 3 Arena ar an 2ú Bealtaine 2o19. Comhghairdeachas Maxim!
Comhghairdeachas lenár bhfoireann Robotics!
Created : 06 Mar 2019, 4:05 PM
Archived : 06 May 2019, 12:00 AM
Comhghairdeachas leis an bhfoireann Robotics as róbat láidir, tapaidh a thógaint, an códú a dhéanamh agus teacht sa dara háit sa rang-ordú ag an gcomórtas VEX Robotics Ireland inniu san IT Trá Lí. Ana-éacht ar fad!
Naoise Mac Gearailt i Strasbourg le Rotary Ireland
Created : 04 Mar 2019, 12:47 PM
Archived : 04 May 2019, 12:00 AM
Bhuaigh Naoise duais sa Youth Leadership Development Competition agus chaith sé lá le déagóirí eile ó thíortha ó ar fud na hEorpa ag obair mar MEP sa Pharlaimint. Euroscola an t-ainm atá ar an togra. Comhghairdeachas mór le Naoise!