Displaying 981-990 of 1142 results.
Nicole Ní Dhubhshláine - iar-scoláire
Created : 04 Mar 2019, 12:40 PM
Archived : 04 May 2019, 12:00 AM
Tá Nicole sa dara bliain sa choláiste i gCorcaigh ag déanamh staidéir ar an nGaolainne agus ar an gCeol. Fuair Nicole scoláireacht Quercus agus í ag dul chun na hOllscoile agus anois tá an dara scoláireacht fachta aici as barr feabhais a cuid ceoil - is é sin an Scoláireacht Comhaltas de chuid na hOllscoile. Comhghairdeachas ó chroí léi.
Corn Uí Mhuirí, Cluiche Ceannais, Márta 2, 2019
Created : 02 Mar 2019, 7:48 PM
Archived : 30 Apr 2019, 12:00 AM
PCD abú!
Corn Uí Mhuirí, Cluiche Ceannais, ATHIMIRT
Created : 02 Mar 2019, 11:27 AM
Archived : 30 Apr 2019, 12:00 AM
Pobalscoil Chorca Dhuibhne v Coláiste Bhréanainn. PCD abú!
Slán le Bríd Ní Mhóráin
Created : 12 Feb 2019, 12:36 PM
Archived : 12 Apr 2019, 12:00 AM
Chaith Bríd tréimhse fada, tairbheach mar scríbhneoir cónaitheach i bPobalscoil Chorca Dhuibhne ó 2008-2018. Dheineadh sí ceardlanna scríbhneoireachta le scoláirí ó Bhliain 1 agus 2 agus ceardlanna filíochta le Bliain 4. Dhein Bríd obair den scoth leis na daltaí agus spreag sí iad chun dánta agus prós a scríobh. Foilsíodh a gcuid oibre gach bliain san iris Comhar agus chuir mórán acu isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais agus eile i gcaitheamh na mblianta. Is mó duine acu a fuair gradam de bharr spreagadh agus díograis Bhríd. Is iad Oidhreacht Chorca Dhuibhne a mhaoinigh an scéim Scríbhneoir Cónaitheach agus is mór againn anseo sa scoil an chabhair agus an maoiniú sin. Bhíodh Bríd i mbun léirmheastóireachta ar na blaganna a chuireadh scoláirí in airde ar an suíomh blagála leabharthaleite.edublogs.org/. Bhí baint aici leis an togra ealaíne Ár mBaile Coiteann anuraidh, tráth ar chabhraigh sí le daltaí dánta a chumadh mar thionlacan le píosaí ealaíne a dheineadar ar théamaí a bhí bainteach leis an gcomhshaol. Tá an taispeántas sin againn i bhfoirm leabhair agus mar fhíseán agus le feiscint leis ar fhallaí na scoile. Guímis gath uile rath ar Bhríd agus í ar scor. Tuigimid go maith nach díomhaoin a bheidh sí! Nár laga Dia tú, a Bhríd!
An comórtas Junk Kouture
Created : 12 Feb 2019, 12:22 PM
Archived : 12 Apr 2019, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Maxim Ó Súilleabháin ó Bhliain 5 atá roghnaithe le dul ar aghaidh go dtí an gcraobh réigiúnach de Junk Kouture i Luimneach ar an 8 Márta. Is comórtas cruthaitheach é Junk Kouture ina ndéanann daltaí éadaí a dhearadh as aon saghas ábhar is maith leo. Tá Maxim tar éis 'rig out' a dhearadh déanta as seana-ábhar ón bpictiúrlann an Phoenix. An ainm atá ar phíosa leis siúd ná Cinematic. Má tá suim agat dul go Luimneach don gcomórtas, tabhair d'ainm do Bhrenda Ní Fhrighil chomh luath agus is féidir mar díolann na ticéidí ana-thapaidh. Caith vóta do Maxim ag www.boijunkkouture.com idir an 18-22 Feabhra. Chun Vótáil téir go dtí www.boijunkkouture.com Cliceáil ar 'Register Here' Cliceáil ar 'Voter Log in and Registration' Cláraigh nó logáil isteach Cliceáil ar 'Click here to get Voting' Cuardaigh 'Cinematic' i Réigiún an Deiscirt Ag bun an phictiúr, cliceáil ar 'Vote' Ar an Aoine, úsáid do 'Super Friday Votes', trí rudaí áirithe a chur i gcrích i rith na seachtaine Go raibh míle! Go n-éirí leis sa chéad bhabhta eile!
Turas ealaíne go IMMA i mBaile Átha Cliath
Created : 12 Feb 2019, 12:11 PM
Archived : 12 Apr 2019, 12:00 AM
Thug an rang ealaíne i mBliain 1 turas ar an dánlann IMMA i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Fuaireadar turas timpeall na dánlainne agus bhí deis acu ceisteanna a chur mar gheall ar an dtaispeántas a bhí ann.
iWish i gCorcaigh
Created : 12 Feb 2019, 12:08 PM
Archived : 12 Apr 2019, 12:00 AM
Chuaigh cailíní ó Bhliain 4 agus 5 go dtí UCC go dtí ócáod eolaíochta a bhfuil sé mar aidhm aige cailíní a mhealladh go dtí cúrsaí STEM. Bhí ana-lá acu.
Corn Uí Mhuirí, cluiche leathcheannais
Created : 04 Feb 2019, 12:12 PM
Archived : 04 Apr 2019, 12:00 AM
Bhuaigh PCD le pointe amháin ar Naomh Prionsias, Baile an Róistigh, Dé Sathairn i Staid an Ghearaltaigh. Beidh siad ag imirt sa chluiche ceannais i gcoinne Coláiste Bhréanainn, Cill Airne, 23 Feabhra. PCD abú!
Toradh Chluiche Ceannais na Mumhan ,Cailíní
Created : 04 Feb 2019, 12:10 PM
Archived : 04 Apr 2019, 12:00 AM
Fuair Scoil Mhuire, Mainistir na Corann, an ceann is fearr orainn Déardaoin seo caite i dTuar na Fola. An scór a bhí ann ná 1:12 le 1:09. D'ímir cailíní PCD go hiontach ar fad. Beidh lá eile ag an bPaorach.
Gradam na nGardaí Síochána
Created : 04 Feb 2019, 12:07 PM
Archived : 04 Apr 2019, 12:00 AM
Bronnadh gradam ar Chiarán Mac Gearailt as na héachtaí atá déanta aige agus an barr feabhais a bhain sé amach sa cheol, san aisteoireacht, san amhránaíocht agus an obair dheonach a dhein sé. Nár laga Dia é!