Displaying 951-960 of 1142 results.
Ciarraí Abú!
Created : 30 Aug 2019, 12:41 PM
Archived : 30 Oct 2019, 12:00 AM
Go n-éirí le painéal agus banistíocht Chiarraí ar an nDomhnach, go mór mhór ár n-iarscoláirí Brian Ó Beaglaoich, Tomás Ó Sé, Tom Ó Súilleabháin, Paul Geaney, Mikey Geaney, Conor Geaney agus le Tommy Griffin. Ciarraí abú!
Cailíní PCD ag imirt chaide i Meiriceá! / PCD girls off to play football in USA
Created : 28 Aug 2019, 9:53 AM
Archived : 28 Oct 2019, 12:00 AM
Tá Mairéad Ní Chíobháin, Leah Getkate, Orla Ní Dhufaigh, Neasa Ní Dhufaigh agus Caoimhe Nic Eoin agus imreoirí eile do chuid Acadamh Caide Chiarraí faoi 15 agus 17 bliana d’aois ag caitheamh 5 lá i bhfochair St Brendan's Gaelic Football Club i mBostún, Meiriceá. Beidh siad ag traenáil ann agus ag imirt cluichí agus gan amhras ag féachaint ar Chiarraí ar an dteilifís Dé Domhnaigh sula dtagann siad abhaile. Bainigí súp as an deis iontach a chailíní! Mairéad Ní Chíobháin, Leah Getkate, Orla Ní Dhufaigh, Neasa Ní Dhufaigh and Caoimhe Nic Eoin from PCD along with other players from the under 15 and 17 Kerry Football Academy are on their way to Boston to train and to play with St Brendan's Gaelic Football Club. Naturally, they'll be watching the Kerry Dublin match on TV on Sunday before their return flight home. Enjoy this wonderful opportunity girls!
Comhghairdeas Liam!
Created : 19 Jul 2019, 6:25 AM
Archived : 19 Sep 2019, 12:00 AM
Bronnadh Sparánacht Ghradaim Ceoil Tg4 ar Liam Ó Beaglaoich ag Scoil Samhraidh Willie Clancy le déanaí.
Bhuail daltaí PCD le Tomás Mac a tSaoir ag aerfort Bhaile Átha Cliath ar maidin!
Created : 24 May 2019, 5:27 PM
Archived : 24 Jul 2019, 12:00 AM
Bhí daltaí na hIdirbliana ar an slí go dtí an Spáinn chun píosa don gCamino a shiúl agus bhí Tomás ar a shlí abhaile tar éis dó rothaíocht síos tríd ilchríoch na hAfrice!! 
Cinematic i Cannes!
Created : 15 May 2019, 3:29 PM
Archived : 15 Jul 2019, 12:00 AM
Tá Maxim Ó Súilleabháin agus an múinteoir Brenda Friel chomh maith le buaiteoirí eile ón gcomórtas Junk Kouture ag Féile Scannánaíochta Cannes, thall sa bhFrainc faoi láthair. Ná breá dóibh! Tá Cinematic ag cur muintir Cannes faoi dhraíocht!/ Maxim in France!
An Tionól Scoile
Created : 15 May 2019, 3:25 PM
Archived : 15 Jul 2019, 12:00 AM
Bhí ana-lá ag Bliain 1 inné ag an Tionól Scoile. Tháinig Bliain 1 Gaelcholáiste Chiarraí i dTrá Lí agus Bliain 1 ón Aonad Gaeilge i gColáiste na Sceilge i gCathair Saidhbhín chugainn anseo i bPCD. Chaitheadar ar fad an lá le chéile ag imirt cluichí sa ghort, tráth na gceist agus céilí sa Halla. Bhíodar ar fad tar éis a bheith ag scríobh litreacha go dtína chéile i rith na bliana sa rang Gaolainne agus bhí seans acu inné bualadh le chéile.
Go n-éirí le Kayla sa Blitz!
Created : 09 May 2019, 3:11 PM
Archived : 09 Jul 2019, 12:00 AM
Go n-éirí le Kayla Getkate agus foireann Chiarraí faoi 14 sa blitz caide i mBeannchar, Uíbh Fhailí an deireadh seachtaine seo. Best of luck to Kayla and her Under 14 Kerry teammates at the blitz this weekend in Offaly. www.facebook.com/KerryLadiesFootball/videos/526088177797386/
Bhuaigh Maxim An Phríomhdhuais do Junk Kouture 2019 le Cinematic! Maxim was the overall winner of Junk Kouture 2019!
Created : 07 May 2019, 7:39 PM
Archived : 07 Jul 2019, 12:00 AM
Bhuaigh Maxim 3 dhuais ag an gcraobh Uile Éireann do Junk Kouture: Scoláireacht go Limerick School of Art and Design, an duais Réigiúnach agus An Phríomhdhuais. Mar chuid de sin tá sé féin agus an múinteoir Brenda Ní Fhrighill ag dul go Cannes Film Festival sa Fhrainc!! Tá an scoil agus é féin ag fáil duais airgid chomh maith.
Ciarraí ABÚ
Created : 04 May 2019, 10:39 AM
Archived : 04 Jul 2019, 12:00 AM
Guimid gach rath ar Siobhán Ní Chuanaigh agus foireann Chiarraí i gCluiche Ceannais na Mumhan faoi 16 inniu.
Maxim Ó Súilleabháin, buaiteoir an chomórtais Junk Kouture ina iomláine agus scoláireacht go LSAD!
Created : 02 May 2019, 5:10 PM
Archived : 03 Jul 2019, 12:00 AM