Displaying 731-740 of 1142 results.
Físeáin na Seachtaine
Created : 06 Dec 2021, 10:46 PM
Archived : 07 Feb 2022, 12:00 AM
Cathair na bhFionnúrach agus Cogar '21 mar fhíseáin na seachtaine a thugann léargas mhaith ar éagsúlacht an tsaoil anseo i gCorca Dhuibhne agus an Ghaolainn mar pháirt lárnach de. twitter.com/MOLSCEAL/status/1466374404313604099?s=20 twitter.com/MOLSCEAL/status/1460558049735753733?s=20
Cispheil na mBuachaillí faoi 16
Created : 02 Dec 2021, 2:15 PM
Archived : 06 Feb 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas leis an dá fhoireann faoi 16 a bhuaigh ar Scoil Chuimsitheach an Tóchair, 32 le 20 agus 34 le 14. PCD abú!
Cispheil na mBuachaillí
Created : 30 Nov 2021, 3:51 PM
Archived : 30 Jan 2022, 12:00 AM
Bua iontach ag foireann cispheile na mbuachaillí sinsearacha inniu, 48 le 21. Bhíodar ag imirt i gcoinne Phobalscoil Naomh Peadar, An Pasáiste Thiar, Corcaigh. Tá siad cáilithe don mBabhta Leathcheannais Uile Éireann anois. Comhghairdeachas libh!
Comhghairdeachas Katie!
Created : 30 Nov 2021, 3:03 PM
Archived : 30 Jan 2022, 12:00 AM
Tá Katie Ní Éanacháin BL 2 cáilithe d'Oireachtas na Cruinne sa Rince Gaelach. Tháinig sí sa tríú háit in Oireachtas na Mumhan ar an Satharn. Comhghairdeachas Katie!
Seanfhocal na Seachtaine
Created : 26 Nov 2021, 3:14 PM
Archived : 26 Jan 2022, 12:00 AM
Seachtain scoile lán de cheol, amhránaíocht, rince, díospóireacht agus spóirt gan trácht ar obair dhian dhaltaí ó Bhliain 5 agus 6 agus iad i mbun glantachán na ngluaisteáin inniu! Gach dalta mar a oiltear agus an lacha ar an uisce! Every pupil as he is trained and a duck takes to water!
Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain., Samhain 25,2021
Created : 26 Nov 2021, 12:30 PM
Archived : 26 Jan 2022, 12:00 AM
Bua ag na foirne díospóireachta aréir. Comhghairdeachas libh agus le bhur múinteoirí. Tá an dá fhoireann ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile do Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain.
Aoi-chainteoir, Bl4
Created : 26 Nov 2021, 12:28 PM
Archived : 26 Jan 2022, 12:00 AM
John 'Diony' Ó Conchúir ó Target Nutrition ag caint le Bl4.
Siúlóid #2 - go dtí an Cnoc Maol Mór
Created : 26 Nov 2021, 12:22 PM
Archived : 26 Jan 2022, 12:00 AM
Bhí ana-lá faoin dtor ag Bl4 inné.
Scléip na Mumhan
Created : 25 Nov 2021, 3:10 PM
Archived : 26 Jan 2022, 12:00 AM
Bhí ana-lá againn inné ag Scléip na Mumhan i gCorcaigh. Bhí an caighdeán ana-ard agus ba cheart a bheith ana-bhrodúil as na daltaí go léir ó PCD a ghlac páirt. vimeo.com/650096608 Tá cuid mhaith buaiteoirí ag dul ar aghaidh go Craobh na hÉireann. Torthaí Réamhbhabhta Scléip i Mainistir Fhear Maí, 24 Samhain 2021! Rince Cruthaitheach: Grúpaí - Sóisear : Katie Ní Éanacháin, Mairéad Ní Dhubhaigh & Claire Piras Ní Chíobháin, Bliain 2 Rince Cruthaitheach: Grúpaí – Sinsear: ‘Na Glee-caí’, Aoife Ní Chinnéide, Ana Ní Bhrosnacháin, Aisling Ní Dhubhaigh, Aisling Ní Shúilleabháin, Aoibhinn Ní Ghealbháin, Caitlin Holden, Clare Ní Allaráin, Ella Nic a tSíthigh, Isabel Holden & Kayla Getkate, ó Bhliain 4 Slua-amhránaíocht : ‘Na Spéirmnaibh’, Adriana Dargyte, Aoife Ní Chinnéide, Ana Ní Bhrosnacháin, Aisling Ní Dhubhaigh, Aoibhinn Ní Ghealbháin, Caitlin Holden, Clare Ní Allaráin, Clíona Nic a tSúil, Córa Ní Shlattara, Ella Nic a tSíthigh, Emily Nic Gearailt, Isabel Holden, Kayla Getkate, Kila Masset, Orla Ní Chinnéide, Sinéad Ní Mhuircheartaigh, Róisín Dalby, Rachel Nic an Rí, Shannon Nic Gearailt & Yasmina Beaujouan ó Bhliain 4 Ceol Uirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol - Sóisear: Méabh Ní Dhúbhda, Bliain 3. Ceol Uirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol – Sinsear: Kaylin Ní Ghealbháin, Bliain 6. Grúpa Amhránaíochta sa stíl Pop/Rac/Rap, le féintionlacan – Sóisear: ‘Na Dwaynes’; Aoife Nic Gearailt, Josh Lynskey, Kiernan Ó Moráin, Seán Mac Ginnea & Tadhg Ó Conaill, Bliain 3. Comhghairdeachas leo go léir!
Aivaras Uosis, Bl 5
Created : 08 Nov 2021, 11:47 AM
Archived : 26 Jan 2022, 12:00 AM
Aivaras Uosis, Bl 5 i bPobalscoil Chorca Dhuibhne, roghnaithe ar fhoireann Cispheile uile Éireann faoi 18 bliana d'aois. ireland.basketball/20211123054022-head-coach-kelleher-selects-ireland-u18-men-s-panel . Comhghairdeachas Aivaras!