Displaying 711-720 of 1142 results.
Cispheil na mBuachaillí faoi 19- Comhghairdeachas!
Created : 16 Jan 2022, 6:15 PM
Archived : 16 Mar 2022, 12:00 AM
Bua iontach ag foireann cispheile na mbuachaillí faoi 19 inniu, 46 le 32 . Táid cáilithe chun imirt sa chluiche ceathrú ceannais sa tSraith Uile-Éireann i dTamhlacht! Comhghairdeachas libh! PCD’s win today, 46 to 32, means they have qualified for the All Ireland League quarter final. They will have another day out in the National Stadium Tallaght!
Cispheil na mBuachaillí.
Created : 12 Jan 2022, 12:13 PM
Archived : 14 Mar 2022, 12:00 AM
Beidh cluiche ag an bhfoireann faoi 19 i gcoinne Bhéarra i mBaile Chaisleán Bhéarra ar an Domhnach beag seo @2:00i.n. Go n-éirí libh!
Díospóireacht Uí Chadhain
Created : 13 Jan 2022, 2:29 PM
Archived : 13 Mar 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas leis na foirne díospóireachta a ghlac páirt sa Chraobh Réigiúnach de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain i Luimneach inné. Níor éirigh leis an bhfoireann sinsir. Beidh an fhoireann shóisir ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann. Táimid an-bhródúil astu.
Díospóireachtaí
Created : 12 Jan 2022, 2:48 PM
Archived : 12 Mar 2022, 12:00 AM
Go n-éirí go geal leis na foirne díospóireachta a bheidh ag glacadh páirt sa Chraobh Réigiúnach de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain i Luimneach tráthnóna.
Iarscoláirí dár gcuid ag imirt le UCC inniu!
Created : 12 Jan 2022, 2:46 PM
Archived : 12 Mar 2022, 12:00 AM
Beidh Conchúir Ó Géibheannaigh, iarscoláire dár gcuid, ina chaptaen ar fhoireann chaide UCC i gComórtas Chorn Sigerson 2022. Tá Niall agus Dylan Ó Géibheannaigh agus Cillian ó Failbhe ar an bhfoireann chomh maith! Comhghairdeachas agus go n-éirí go geal libh i mbliana.
Maitiú Ó Flathartha
Created : 12 Jan 2022, 12:51 PM
Archived : 12 Mar 2022, 12:00 AM
Tá Craobh Idirmhéanach na Mumhan buaite ag foireann iománaíochta Chill Mhaoile. Bhí Maitiú Ó Flathartha, iarscoláire dár gcuid, ag imirt leo. Comhghairdeachas libh.
Resolution Fitness
Created : 12 Jan 2022, 12:11 PM
Archived : 12 Mar 2022, 12:00 AM
Tá daltaí ón Ardteist Fheidhmeach ag freastal ar ionad aclaíochta Resolution Fitness le tamall anuas agus iad ag baint an-taitneamh agus tairbhe as. Buíochas le George & Mark.
Cispheil na mBuachaillí faoi 19.
Created : 10 Jan 2022, 10:19 AM
Archived : 10 Mar 2022, 12:00 AM
Cé nár éirigh lenár mbuachaillí faoi 19 sa Chluiche Ceannais, Réigiún an Iardheiscirt, i gcoinne Scoil na mBráithre, An tAonach, ar an Aoine seo caite, 59 le 46. Táid fós cáilithe chun imirt sa tSraith Uile-Éireann. Beidh cluiche idir PCD agus Scoil Phobail Bheara ar siúl an tseachtain seo chugainn. Go n-éirí libh!
Cispheil na mBuachaillí faoi 19
Created : 07 Jan 2022, 12:13 PM
Archived : 10 Mar 2022, 12:00 AM
Beidh Cluiche Ceannais, Réigiún an Iardheiscirt ar siúl inniu i gColáiste Chiaráin, Cromadh, Co. Luinmeach ag 12:45 i.n. Beidh siad ag imirt i gcoinne Scoil Naomh Mícheál, Lios Tuathail nó Scoil na mBráithre, An tAonach a bheidh ag imirt sa chluiche leathcheannais roimh ré. Seo a leanas painéal na Pobalscoile: Patrick Mac Sandair 6 Eli Buchanan 6 Alex Buchanan 5 Aivaras Uosis 5 Jack Ó Curráin 5 Luke Ó Conchúír 5 Kiernan Ó Móráin 3 James Ó Néill 3 Pádraig Mac Gearailt 3 Diarmuid Ó Séaghdha 3 Sean De Róiste 3
Cailíní PCD ar phainéal Chiarraí faoi 14.
Created : 07 Jan 2022, 11:46 AM
Archived : 07 Mar 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Hayley Ní Fhlaithearta, Sadhbh Ní Shlattara agus Éabha Ní Shiúrdáin ó Bhliain 2 agus Sibéal Ní Shéaghdha ó Bhliain 1 atá roghnaithe ar phainéal Chiarraí faoi 14 i mbliana. Go n-éirí go geal leo. Táimid ana-bhródúil astu.