Displaying 721-730 of 1142 results.
Buaiteoirí chomórtas na Spáinnise sa dara bliain.
Created : 20 Dec 2021, 2:18 PM
Archived : 20 Feb 2022, 12:00 AM
Robyn Ní Chaoinnealáin Ciarán Ó Rodaigh Comhghairdeachas libh!
Cispheil na mBuachaillí faoi 19 ag dul ó neart go neart
Created : 17 Dec 2021, 9:52 AM
Archived : 17 Feb 2022, 12:00 AM
Bhí bua iontach ag foireann cispheile na mbuachaillí Faoi 19 inné i Luimneach. 60-22 an scór a bhí ann. Bhí sé deas gur bhuail ár n-iar scoláirí agus iar-imreoirí isteach chun tacú leo. Tá siad sa choláiste i Luimneach! Seo linn anois go Tamhlacht do Chluiche Ceannais Chorn na Scoile, Faoi 19 C i gcoinne Ghaelcholáiste Cheatharlach. Beidh sé ar siúl ar an 17ú Eanáir, 2022. Beidh siad ag imirt inniu chomh maith i Halla PCD i gcomórtas eile, bail ó Dhia orthu! Cluiche leathcheannais Réigiún an Iardheiscirt atá á imirt acu inniu i gcoinne Scoil Chuimsitheach Tairbirt. Go n-éirí leo.
Lá Geansaí na Nollag
Created : 13 Dec 2021, 11:51 AM
Archived : 17 Feb 2022, 12:00 AM
Bhí Lá Geansaí na Nollag againn ar scoil Dé hAoine seo caite chun airgead a bhailiú do Focus Ireland. Míle buíochas leis an héinne as an tacaíocht. €575 bailithe!
Bua iontach ag foireann cispheile na mbuachaillí sinsearacha inniu.
Created : 16 Dec 2021, 3:18 PM
Archived : 16 Feb 2022, 12:00 AM
Comhghairdeas ó chroí libh!
Caid na gCailíní Sóisear
Created : 15 Dec 2021, 4:04 PM
Archived : 15 Feb 2022, 12:00 AM
Tá cluiche acu amárach. Pobalscoil Inbhear Scéine v PCD. Go n-éirí libh!
Cailíní PCD ar phainéal mionúir Chiarraí
Created : 15 Dec 2021, 10:50 AM
Archived : 15 Feb 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Caoimhe Nic Eoin, Neasa Ní Dhufaigh agus Kayla Getkate atá roghnaithe ar phainéal Mionúir Chiarraí. Go n-éirí go geal leo. Táimid ana-bhródúil astu.
Buachaillí faoi 19 Cispheil ag imirt amárach
Created : 15 Dec 2021, 10:48 AM
Archived : 15 Feb 2022, 12:00 AM
Go n-éirí le Foireann Cispheile na mBuachaillí Faoi 19 amárach i gCluiche Leathcheannais na hÉireann. PCD V Coláiste Cistéirseach Ros Cré in Ollscoil Luimnigh.
Tom Ó Súilleabháin - All Star!
Created : 15 Dec 2021, 10:45 AM
Archived : 15 Feb 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí le Tom O Sullivan, iarscoláire dár gcuid, a bhuaigh Gradam All-Star sa chaid le déanaí. Peileadóir iontach ab ea é agus é linn anseo sa Phobalscoil agus tá an gradam sin tuillte go maith aige, bail ó Dhia air!
Crios dubh sa Taekwondo fachta ag Edie Hall!
Created : 13 Dec 2021, 11:49 AM
Archived : 13 Feb 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí le Edie i mBliain 5! Is 'blackbelt' anois í, bail ó Dhia uirthi!
Cispheil na gCailíní faoi 19 & 16
Created : 13 Dec 2021, 11:46 AM
Archived : 13 Feb 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas leis an dá fhoireann a bhí ag imirt ar an Aoine. Bhí an bua ag an bhfoireann faoi 19. Bhuadar ar Mheánscoil na Toirbhirte, Trá Lí. Dhein an fhoireann faoi 16 gaisce - ní raibh ach ciseán amháin idir iad fein agus an fhoireann a bhuaigh orthu. Bheidh na cailíní faoi 19 ag dul go Coláiste Íde inniu chun imirt sa Derby mór áitiúil. Raghaidh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí Cluichí Ceannais Réigiún an Iar-dheiscirt a bheidh ar siúl i mBaile an Bhuinneánaigh maidin amárach. Go n-éirí le cailíní PCD!