Displaying 671-680 of 1142 results.
Comhghairdeachas le Miriam Ní Shúilleabháin!
Created : 28 Jan 2022, 10:24 AM
Archived : 04 May 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí le Miriam Ní Shúilleabháin a bhain an chéad áit amach i gcomórtas léitheoireachta Fraincise uile-Éireann, roinn sinsearach. Comhghairdeachas chomh maith leis na daltaí seo thíos a cuireadh ar an ngearrliosta: Laoise Ní Fhallúin Ní hIceadha, Sibéal Ní Ógáin Liam Ó hÓgáin Tréaslaím leis na hiarrathóirí ar fad ón bPobalscoil a chur isteach ar an gcomórtas seo, molaim go hard bhur gcuid oibre. Félicitations Miriam, bravo!
Soilse, Ceamara, Aicsean!
Created : 02 Mar 2022, 12:54 PM
Archived : 30 Apr 2022, 12:00 AM
Soilse, Ceamara, Aicsean! Iriseoirí na Pobalscoile ag baint súp as an gCúrsa 'Iriseoirí An Lae Amárach'
Seanfhocal na Seachtaine - Céadaoin an Luaithrigh.
Created : 02 Mar 2022, 12:50 PM
Archived : 30 Apr 2022, 12:00 AM
Aoine an Chéasta is mór an céasadh bainne a ól, Domhnach Cásca is mór an náire a bheith gan feoil, Céadaoin an Luaithrigh bainfí an chluas den té a íosfadh feoil.
Lá na bPancóga i bPCD !
Created : 01 Mar 2022, 4:28 PM
Archived : 29 Apr 2022, 12:00 AM
Is maith an t-anlann an t-ocras! Lá na bPancóga i bPCD. Bhí ana lá againn sa tseomra Eac Bhaile inniu. Bainíg súp as na !
Seachtain na Gaolainne!
Created : 01 Mar 2022, 1:21 PM
Archived : 29 Apr 2022, 12:00 AM
Seachtain na Gaeilge, 1-17 Márta Cé go bhfuil tús curtha le Seachtain na Gaolainne inniu, tá sé do nós againn sa Phobalscoil fanacht go dtí an tseachtain dár tús 7ú Márta chun imeachtaí/gníomhaíochtaí a eagrú sa scoil. Dhá shúil Dhá chluas Dhá lámh Dhá chos.... Dhá theanga Gan dabht!
Céadaoin an Luaithrigh
Created : 01 Mar 2022, 1:16 PM
Archived : 29 Apr 2022, 12:00 AM
Beidh an sagart sa scoil amárach do Chéadaoin an Luaithrigh. Rachaidh sé timpeall ó rang go rang chun an luaithreach a thabhairt d'aon dalta nó múinteoir go dteastaíonn sé uathu.
Máirt na hInide / Lá na bPancóga
Created : 01 Mar 2022, 12:21 PM
Archived : 29 Apr 2022, 12:00 AM
Máirt na hInide Bíonn fleadh agus féásta ins gach tigh an oidhche sin. Máirt na hInide ag tabhairt slán le fódhluistí go deire an Charghaois. Deintear pancóga ins gach tigh agus bíonn ana spórt ag muinntir an tighe á n-ithe. Bíonn faínne ins gach pancóigh diobh agus an duine a gheibheann is é is luatha pósfar. Ní creidimíd an méad sin ámhthach, mar is minic a fuair cailín naoi mbliadhan an faínne!! www.duchas.ie/en/src?q=M%c3%a1irt+na+hInide&t=CbesTranscript&ct=CL
Rásanna Trastíre, Feabhra 2022
Created : 17 Feb 2022, 11:47 AM
Archived : 17 Apr 2022, 12:00 AM
Ghlac daltaí na Pobalscoile páirt sna Rásanna Trastíre Déardaoin seo caite. Seo a leanas na daltaí a ghlac páirt iontu: Bl.1- Kieran Ó Catháin agus Aodhán Ó Súilleabháin. Bl. 2 - Sadhbh Ní Shlattara, Hannah Nic Gearailt agus Aisling Ní Chinnéide. Tháinig foireann na gcailíní sa 5ú háit ar an iomlán. Bhí Ellie de hÓra, Hannah Ní Ghrainbhíl agus Abigail Pigóid sa rás chomh maith. D’éirigh an-mhaith le Ned Ó Riain, Denis Ó Conchúir agus Tiarnan Ó Loinsigh. Thángadar sa 12ú, 14ú agus 16ú háit faoi seach. Tá Ned agus Denis cáilithe do Chluichí na Mumhan. Thángadar sa 5ú háit mar fhoireann ar an iomlán. Bl.4 - Oscar Ó Donnagáin, Ciarán Mac Domhnaill agus Ciarán Ó Céilleachair Bl.5 - Nicholas Mescher, Kieran Ó Céilleachair, Malachaí Ó Ciardubháin (17ú háit) Antaine Ó Séaghdha (18ú háit) agus David Ó Catháin (20ú háit). Bhain Malachaí, Antaine agus David an 5ú háit amach mar fhoireann. Comhghairdeachas libh go léir!
Físeán na Seachtaine
Created : 16 Feb 2022, 12:16 PM
Archived : 16 Apr 2022, 12:00 AM
Tá foirne ban caide i gCiarraí Thiar ag dul ó neart go neart agus seisear ón bPobalscoil roghnaithe d'fhoirne contae faoi 14 agus Mionúr Chiarraí ó Chumann Caide Ban Chorca Dhuibhne.Treise libh! Foireann Mionúr Chiarraí: Caoimhe Nic Eoin Bliain 5, Neasa Ní Dhufaigh Bliain 5, Kayla Getkate Bliain 4. Foireann fé 14 Chiarraí: Sibéal Ní Shéaghdha Bliain 1, Éabha Ní Shiúrdáin Bliain 2, Sadhbh Ní Shlattara Bliain 2. Comhghairdeachas libh a chailíní! fb.watch/bbqJfRORrh/
Seachtain Leighis
Created : 14 Feb 2022, 3:31 PM
Archived : 14 Apr 2022, 12:00 AM
Tá daltaí na hIdirbhliana ag glacadh páirt i 'Seachtain Leighis', atá á reáchtáil go fíorúil ag An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.