Displaying 681-690 of 1142 results.
An Fleiscín sa Ghaeilge
Created : 14 Feb 2022, 2:25 PM
Archived : 14 Apr 2022, 12:00 AM
Mar chúlra duit féin: Bíonn mearbhall ar dhaoine maidir leis an bhfleiscín sa Ghaeilge – cathain a úsáidtear é agus cathain nach ndéantar. Bhíodh gach saghas rud ceadaithe sa scríbhneoireacht fadó ach tá nósmhaireacht áirithe tagtha isteach sa scríbhneoireacht anois agus tá glacadh leis an méid thíos go forleathan. 1. Ní bhíonn fleiscín riamh idir ‘h’ agus guta: Dé hAoine go huafásach go hannamh 2. Bíonn fleiscín i gcónaí idir ‘n’ agus guta á n-ithe á n-ól á n-ullmhú
Sinéad Ní Mhuircheartaigh
Created : 14 Feb 2022, 1:29 PM
Archived : 14 Apr 2022, 12:00 AM
Ár mbuíochas le Sinéad Ní Mhuircheartaigh, iarscoláire dár gcuid, a thug cuairt ar dhaltaí ón Ardteist Fheidhmeach inniu agus a thaispeáin dóibh conas smideadh a chur ort i gceart. Bhaineadar an-taitneamh agus tairbhe as an rang.
Lá Fhéile Vailintín️
Created : 14 Feb 2022, 12:14 PM
Archived : 14 Apr 2022, 12:00 AM
Ba é San Vailintín naomhphátrún an grá. ️ Ní aon teora leis an ngrá️ Níl leigheas ar an ngrá ach pósadh️ Tá Rósanna lámhdhéanta as páipéar athchúrsála á ndíol ar scoil inniu️
Blitz Cispheil na mBuachaillí - Bliain 1
Created : 09 Feb 2022, 2:05 PM
Archived : 09 Apr 2022, 12:00 AM
Ní raibh an t-ádh leo i gcoinne Naomh Mhithíl, Lios Tuathail, 28 le 17. É sin ráite, bhí an bua acu i gcoinne Scoil Chuimsitheach Tairbeart, 28 le 13 agus i gcoinne An Tóchar, 18 le 16. Táid cáilithe chun imirt sna cluichí i Réigiún an Iardheiscirt. Comhghairdeachas libh a bhuachaillí!
Fócas ar Litearthacht
Created : 08 Feb 2022, 10:02 AM
Archived : 08 Apr 2022, 12:00 AM
An t-idirlíon (the internet) Ar an idirlíon (on the internet) Suíomh idirlín (tuiseal ginideach)
Lúthchleasaíocht, 2022
Created : 08 Feb 2022, 9:55 AM
Archived : 08 Apr 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas lenár lúthchleasaithe a ghlac páirt i gcomórtaisí difriúla san Aonach, i gCo. Thiobraid Árann i rith an deireadh seachtaine. Kieran Ó Catháin, a bhain an chéad áit amach sa chomórtas caitheamh méachain faoi 15. Malachaí Ó Ciardubháin, a bhain an séú háit amach sa rás 800m faoi 20. Comhghairdeachas libh!
Maitiú Ó Flathartha
Created : 05 Feb 2022, 11:30 AM
Archived : 05 Apr 2022, 12:00 AM
Go n-éirí le foireann iománaíochta Chill Mhaoile agus le Maitiú Ó Flathartha, iarscoláire dár gcuid, atá ag imirt leo sa Chraobh inniu. www.irishexaminer.com/sport/gaa/arid-40800489.html
Beidh lá eile ag an bPaorach!
Created : 04 Feb 2022, 5:56 PM
Archived : 04 Apr 2022, 12:00 AM
Níor éirigh lenár gcailíní sna cluichí cispheile inniu i gcoinne Meánscoil na Toirbhirte, Trá Lií, ach bhíodar an-mhaith agus bhí ana lá acu!
Bús Ceoil ag Scléip!
Created : 03 Feb 2022, 9:02 PM
Archived : 04 Apr 2022, 12:00 AM
D’éirigh go diail le daltaí na Pobalscoile i mBaile Átha Cliath inné. Comhghairdeachas leis na hiomaitheoirí go léir a ghlac páirt. Tá Craobh na hÉireann bainte amach ag na daltaí seo a leanas; Ceol Aonair- Sinsear: Kaylin Ni Ghealbháin ó Bhliain 6 a bhain an chéad áit amach. Slua-amhránaíocht: ‘Na Spéirmhnáibh’ a bhain an chéad áit amach. Adriana Dargyte, Ana Ní Bhrosnacháin, Aisling Ní Dhubhaigh, Aoife Ní Chinnéide, Aoibhinn Ni Ghealbháin, Caitlin Holden, Clare Ní Allaráin, Clíona Nic an tSúil, Córa Ní Shlattara, Ella Nic an tSíthigh, Emily Nic Gearailt, Isabel Holden, Kayla Getkate, Meadhbh Nic an Ultaigh, Orla Ní Chinnéide, Rachel Nic an Rí, Róisín Dalby, Sinéad Ni Mhuircheartaigh, Shannon Nic Gearailt & Yasmina Beaujouan, Bliain 4. Rince Cruthaitheach: Grúpaí - Sinsear: ‘Na Glee-caí’ a bhain an chéad áit amach. Ana Ní Bhrosnacháin, Aisling Ní Dhubhaigh, Aisling Ní Shúilleabháin, Aoife Ní Chinnéide, Aoibhinn Ní Ghealbháin, Caitlin Holden, Clíona Nic an tSúil, Ella Mic a tSíthigh, Isabel Holden & Kayla Getkate ó Bhliain 4. Rince Cruthaitheach: Grúpaí – Sóisear: Claire Piaras Ní Chíobháin, Mairéad Ní Dhubhaigh & Katie Ní Éanacháin ó Bhliain 2 a bhain an dara háit amach. Comhghairdeachas leo go léir! #PCDabú
Louise Ní Mhuircheartaigh
Created : 03 Feb 2022, 9:22 PM
Archived : 03 Apr 2022, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí le Louise Ní Mhuircheartaigh, iarscoláire dár gcuid, a bheidh ina leaschaptaen ar fhoireann Chiarraí i mbliana. Bail ó Dhia uirthi!