Displaying 1221-1230 of 1275 results.
Sparánacht ó Chomhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne fachta ag Faolán Dáibhéis agus Jack Ó Grifín
Created : 26 Sep 2017, 11:48 AM
Archived : 26 Nov 2017, 12:00 AM
Comhghairdeachas leo!
Fleadh Ceoil na hÉireann
Created : 11 Sep 2017, 12:13 PM
Archived : 26 Nov 2017, 12:00 AM
Bhuaigh Máirtín Ó Cathasaigh an chéad áit i dtrí chomórtas: Amhránaíocht as Béarla; Scéalaíocht agus Rince Céilí. Fuair sé an dara háit san Amhránaíocht as Gaolainn. Tá Máirtín ina bhall de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus beidh ceolchoirm i Halla na Feothanaí ar an 18 Deireadh Fómhair 2017.
Mionúir Chiarraí
Created : 19 Sep 2017, 11:52 AM
Archived : 22 Nov 2017, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Deivadas Uosis, Cathal Feirtéar, Franz Sauerland agus Mark Ághas a dhein éacht sa Chluiche Ceannais Dé Domhnaigh. Táimid ana-bhródúil asaibh!
Cluiche Ceannais na hÉireann
Created : 15 Sep 2017, 5:15 PM
Archived : 15 Nov 2017, 12:00 AM
Ciarraí agus Maigh Eo abú!!!!
Cluiche Ceannais na hÉireann
Created : 15 Sep 2017, 9:30 AM
Archived : 15 Nov 2017, 12:00 AM
Go n-éirí le Deividas Uosis, Cathal Feirtéar, Franz Sauerland agus painéal mhionúir Chiarraí ar an Domhnach i bPáirc an Chrócaigh.
Turas ag ceiliúradh torthaí an Teastais Shóisearaigh
Created : 14 Sep 2017, 12:50 PM
Archived : 14 Nov 2017, 12:00 AM
Chuamar go dtí an Cheathrú i nDún Chaoin, an áit atá an seanabhaile a tógadh do Ryan's Daughter (Kirrary). Chuamar as san go dtí Ionad an Bhlaoscaoid agus bhí greim le n-ithe againn. D'fhéachamar ar scannán nua, álainn faoin mBlaoscaod agus na daoine a mhair ann.
Fáilte mhór roimh Bhliain 1!
Created : 11 Sep 2017, 12:17 PM
Archived : 14 Nov 2017, 12:00 AM
Dála an scéil, tá trí chúpla againn i mBliain 1 i mbliana - rud neamhghnáthach! Is iad sin, Luke agus Nell Ní Ghrifín, Paige agus Samuel Gibson Ó Máille agus Isabel agus Susan Ní Ghráinne.
Scéalta Spóirt
Created : 11 Sep 2017, 12:25 PM
Archived : 11 Nov 2017, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Dara Mac Gearailt a bhí ar an bhfoireann rugair faoi 18 a bhuaigh an cluiche ar an Satharn. Comhghairdeachas le Barra Ó Súilleabháin, iar-scoláire, a d'imir sa chluiche ceannais iomána faoi 21 le Ciarraí agus bhuadar an cluiche! Go n-éirí le Deividas Uosis, Cathal Feirtéar, Franz Sauerland agus painéal mhionúir Chiarraí ar an Domhnach i bPáirc an Chrócaigh.
Craobhchomórtas Cispheile na hEorpa 2017
Created : 13 Aug 2017, 3:33 PM
Archived : 11 Nov 2017, 12:00 AM
Go n-éirí go geal le foireann Cispheile na hÉireann, cailíní faoi 18, sa chluiche ceannais i mBaile Átha Cliath inniu ar a 6:00i.n. Is féidir féachaint ar an gcluiche beo ar YouTube.
An Ghaelbhratach - Ócáid bhronnta i mBaile Átha Cliath
Created : 01 Jun 2017, 12:24 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Chuaigh beirt ón gCoiste Gaolainne ó PCD go Baile Átha Cliath Dé Luain 29 Bealtaine in éineacht le daltaí ó Choláiste Íde agus ón nGaelcholáiste i dTrá Lí agus bhí ana-lá ar fad ann. Ba é Eoin Mac Diarmada ó RTÉ fear an tí agus bhí Clíona Ní Chíosáin ann mar aoí speisialta (an t-aisteoir ón gclár Aifric). Bhí an banna ceoil Seo Linn ag seinnt ann agus bhain na héinne ana-thaitneamh as an lá. Má tá aon dalta go bhfuil spéis acu a bheith ar an gCoiste Gaolainne an bhliain seo chugainn, abair le Aoife Ní Chonchúir é. Beidh fáilte romhat!