Displaying 1251-1260 of 1275 results.
An Duais Gaeilge sa Chomórtas Fiontraíochta buaite ag scoláirí i mBliain 4!
Created : 03 Apr 2017, 11:54 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Comhghairdeachas leis na scoláirí Sadhbh Ní Bhrosnacháin, Doireann Ní Choileáin, Niamh de Brún agus Ciara Ní Bhruic agus leis na múinteoirí an Máistir Mac Cárthaigh agus Bean Uí Éanacháin.
Cailíní ó PCD ag imirt do Chiarraí
Created : 27 Mar 2017, 11:58 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Comhghairdeachas leis na cailíní ó PCD atá ag imirt do Chiarraí. Ar an bpainéal sinsir tá Eibhlís Ní Chíobháin agus sna mionúir tá Séilí Ann Ní Loingsigh agus Niamh Ní Ghrifín. Ag imirt faoi 16 tá Ceití Ní Luing, Niamh Ní Chonchúir agus Ali Ní Mhathúna. Tá gaisce a dhéanamh acu!
Corn uile-Éireann Paul McGirr, Craobh Shóisir A, buaite ag PCD!
Created : 27 Mar 2017, 11:45 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Comhghairdeachas ó chroí le foireann bhuacach caide PCD na mbuachaillí. Dheineadar gaisce arís, bail ó Dhia orthu. Cluiche den scoth a bhí ann i bPáirc an tSeabhaic agus an scór a bhí ann ná PCD 2-20 agus Coláiste Naomh Pádraig, Machaire Rátha 4-13. D'imir an dá fhoireann nótáilte ar fad agus bhí gach duine ar bís nuair a chuaigh an cluiche go dtí am breise. B'iad ár ndaltaí féin a d'ardaigh an craobh abhaile leo agus is mór an fháilte a cuireadh rompu in Abhainn an Scáil, Baile an tSagairt agus an Daingean le tinte cnámh ar lasadh ar an mbóthar dóibh. Bhí mór-shiúl timpeall an Daingin againn ansin leis an mbanna ceoil Fífe agus Druma agus cuireadh an fhoireann in aithne don slua istigh ar scoil. Nár laga Dia iad!
Is féidir féachaint siar ar an gcluiche ar shuíomh idirlín na scoile.
Buíochas lenár n-urraitheoirí as éadaí spóirt a chur ar fáil don gcluiche ceannais
Created : 27 Mar 2017, 11:31 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Buíochas le John Moran as na geansaithe agus le Bernard Ó Súilleabháin, Jimmy Bambury agus Seán Ó Súilleabháin as na culaitheanna spóirt. Bhí ana-chuma orthu!
Gradam Press Pass - TG4
Created : 21 Mar 2017, 11:59 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Cluiche Ceannais, Corn Paul Mc Girr, Dé Sathairn, 25 Márta, 2:00 i.n.
Created : 21 Mar 2017, 8:40 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Páirc chaide Hawkfield, An Droichead Nua, Co. Chill Dara. PCD i gcoinne St Pat's, Maghera. Guímíd gach rath ar an bhfoireann agus ar na traenálaithe, Éamonn Mac Muiris agus Máirtín Ó Fráithille. PCD abú!
Cluiche leathcheannais caide buaite ag PCD!
Created : 11 Mar 2017, 3:32 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Pobalscoil Chorca Dhuibhne 1:16
Naomh Attracta ó Shligeach. 1:12.
Bhí cluiche iontach ann le PCD ag teacht aniar aduaidh ar Naomh Attracta sa dara leath. PCD abú
Beidh an Cluiche Ceannais i gCorn Paul McGirr, i gcoinne St Pat's Maghera, ar siúl ar an 25 Márta. Áit le socrú fós.
3 dhuais Press Pass buaite ag PCD!!
Created : 10 Mar 2017, 5:12 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Comhghairdeachas le Tomás Ó hUallacháin, Kate Ní Dhubháin agus Ciara Ní Bhruic Bhuaigh Kate Ní Dhubháin an chéad áit sa rannóg Nuachta, tháinig Ciara Ní Bhruic sa dara háit sa rannóg chéanna agus ba é Tomás Ó hUallacháin buaiteoir an chomórtais ina iomláine agus an phríomhdhuais aige ag dul abhaile dó. Ba iad an tOllamh John Horgan (iar-Ombudsman an Phreasa) agus an tAire Stáit Finian McGrath a bhronn an duais ar Thomás. An t-ábhar a bhí san alt ag Tomás ná an turas a thug Tomás Mac an tSaoir ar a rothar trasna Mheiriceá chun airgead a bhailiú don Dónal Walsh Foundation. Tá sé dochreidte gur éirigh le triúr scoláirí ón scoil chéanna duaiseanna chomh hard leis sin a bhaint amach sa chomórtas. Bail ó Dhia orthu agus ar na múinteoirí iontacha atá acu, Bean Uí Chiardhubháin agus an Máistir Ó Dálaigh. Nár laga Dia sibh!
Corn an Fhriúnnaigh buaite ag PCD!
Created : 08 Mar 2017, 3:56 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Bhuaigh PCD i gcoinne Choláiste Bhréanainn i gCill Airne inniu, 8 Márta. Comhghairdeachas lenár n-imreoirí ar fad!
Comórtas Fiontraíochta buaite ag grúpa ón Idirbhliain!
Created : 01 Mar 2017, 11:49 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Comhghairdeachas le Ciara Ní Bric, Sadhbh Ní Bhrosnacháin, Doireann Ní Choileáin agus Niamh de Brún atá ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile den gcomórtas Fiontraíochta. Chuireadar leabhar le chéile darb ainm 'Nuair a Bhíos Óg' ina bhfuil agallaimh le seanóirí ó Chorca Dhuibhne agus iad ag cur síos ar a gcuimhní ón uair a bhíodar óg.