Displaying 1181-1190 of 1275 results.
Cuntóirí Teanga ar fáil do dhaltaí / Language Assistants available to students
Created : 17 Sep 2018, 10:42 AM
Archived : 17 Nov 2018, 12:00 AM
Tá an t-ádh orainn beirt Chuntóirí Teanga a bheith ar fáil sa scoil chun cabhrú le daltaí lena gcuid Gaolainne. Tá siad ar fáil dóibh siúd ar bheagán Gaolainne chomh maith le cainteoirí líofa go dteastaíonn uathu a gcuid Gaolainne a shaibhriú. Cuir ceist san oifig nó ar Aoife Ní Chonchúir chun am a shocrú leo.
We are fortunate that we have two Language Assistants in the school to help students with their Irish. They are available to all students no matter what level of Irish they have - whether they have very little Irish or are fluent speakers who want to enrich their language skills. If you'd like to make an appointment with them just ask Aoife Ní Chonchúir or ask in the school office.
Club Obair Bhaile saor in aisce / Free Homework Club! Bliain 1 & 2
Created : 17 Sep 2018, 10:35 AM
Archived : 17 Nov 2018, 12:00 AM
Tá an Club Obair Bhaile ag tosnú an tseachtain seo chugainn do Bhliain 1 & 2. Beidh duine ann chun cabhrú má tá aon fhadhb ag daltaí leis an obair bhaile agus chun tacú leo an obair bhaile a dhéanamh as Gaeilge, má tá gá acu leis sin. Bíonn an club ar siúl ón 4.15pm - 5.15pm. Tá na foirmeacha á dtabhairt amach do na daltaí inniu agus tá siad le bheith thar n-ais san oifig Dé Céadaoin.
The Homework Club for 1st and 2nd years is starting again next week. An assistant will be there to help students with their homework and to support them in doing their homework through Irish, if they need it. The Club runs from 4.15pm-5.15pm. Students will receive their forms today and they must be returned to the office by Wednesday.
Ceardlanna Beochana (animation) le Mol Teic
Created : 06 Sep 2018, 2:39 PM
Archived : 06 Nov 2018, 12:00 AM
Beidh deich gcinn de cheardlanna beochana (animation) do dhéagóirí ar siúl ag Mol Teic i gCúilin sa Daingean Dé Sathairn 22 Meán Fómhair - 1 Nollaig. Beidh siad ag tógaint scéal éigin cáiliúil ó mhiotaseolaíocht na nGael agus ag déanamh scannán as. Má tá spéis agat ann, líon an fhoirm iarratais atá leis seo agus seol chuig info@dinglehub.com í.
Pdf-1
Buachaillí na Pobalscoile ag ceilliúradh anocht!.
Created : 02 Sep 2018, 9:37 PM
Archived : 02 Nov 2018, 12:00 AM
Craobh na hÉireann sna mionúir buaite acu! Conor Ó Flannúra, Ruaidhrí Ó Beaglaoich, Colm Ó Muircheartaigh, Seán Óg Ó Móráin, Cillian Ó Failbhe, Colin Ó Muircheartaigh agus Dylan Ó Géibheannaigh. Táimid an-bhródúil astu.
Cluiche ceannais na hÉireann sna mionúir
Created : 28 Aug 2018, 1:20 PM
Archived : 02 Nov 2018, 12:00 AM
Tá Ruaidhrí Ó Beaglaoich, Seán Óg Ó Móráin, Colin Ó Muircheartaigh, Cillian Ó Failbhe, Colm Ó Muircheartaigh, Dylan Ó Géibheannaigh agus Conor Ó Flannúra ag prapáil do Chraobh na hÉireann sna Mionúir. Guímid gach rath orthu amárach!
Cosc ar bhuidéil phlaisteacha!
Created : 28 Aug 2018, 11:52 AM
Archived : 29 Oct 2018, 12:00 AM
Tá Coiste Timpeallachta againn sa scoil agus is é sprioc na bliana seo ná fail réidh le buidéil phlaisteacha ón uair go ndéanann plaisteach oiread díobhála don domhan. Ní bheidh buidéil uisce á ndíol sa cheaintín a thuilleadh. As seo amach, iarrtar ar gach éinne buidéal fadsaolach a thabhairt ar scoil. Bídís líonta agaibh ag teacht. GRMA as an gcomhoibriú.
In order to help reduce our use of plastic, students are asked to bring their own reuseable water bottle to school. Don't forget to fill it up at home before coming to school. From now on bottled water won't be sold in the canteen.
Fáilte mhór thar n-ais!
Created : 28 Aug 2018, 1:05 PM
Archived : 28 Oct 2018, 12:00 AM
Fáiltímid roimh ár ndáltaí ar fad thar n-ais ar scoil agus cuirimid fáilte speisialta roimh ár ndaltaí nua i mBliain 1 - tá súil againn go mbeidh bliain ana-mhaith agaibh anseo. Fearaimid fáilte roimh ár bPríomhoide nua, Éamonn Mac Muiris, agus na múinteoirí nua-cheaptha atá linn i mbliana!
An lá scoile
Created : 28 Aug 2018, 12:01 PM
Archived : 28 Oct 2018, 12:00 AM
Tosnaíonn ranganna ar scoil ar a 9am agus críochnaíonn siad arís ar a 4pm seachas Dé hAoine nuair a chríochnaíonn an lá scoile ar a 1.15pm.
Classes start at school at 9am and finish at 4pm except for Fridays when the school day finishes at 1.15pm.
Scléip na Mumhan
Created : 24 Nov 2017, 12:56 PM
Archived : 24 Jan 2018, 12:00 AM
Comhghairdeachas le gach duine a ghlac páirt i Scléip na Mumhan inniu agus an fhoireann a bhí leo: Denise, Lucy, Dónal & Máire.
Bhí ana-lá acu agus ag dul ar aghaidh go Craobh na hÉireann i mBÁC ar 31 Eanáir 2018 tá:
Slua-amhránaíocht Bliain 5(Aine, Ally, Aibhín, Annie, Ciarán, Clodagh, Dearbhla, Liarosa, Liobhán, Orla, Mairtín, Triona, )
Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sóisear; Michael Holden & Katarina Nic Roibeard
Amhránaíocht Chomhaimseartha le féintionlacan (Grúpaí) – ‘Togra’ Annie, Máirtín, Ciarán, Tríona & cairde, Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Comhghairdeachas leo go léir.
Scoláireachtaí Quercus á mbronnadh ar iar-scoláirí PCD
Created : 21 Nov 2017, 12:07 PM
Archived : 22 Jan 2018, 12:00 AM
Bronnfar scoláireachtaí ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, ar Nicole Ní Dhubhshláine agus Brian Ó Beaglaoich ar an Déardaoin 23 Samhain. Comhghairdeachas leo beirt!