Displaying 1171-1180 of 1275 results.
Páidí Mhárthainn ag prapáil don Oireachtas le daltaí na scoile
Created : 05 Oct 2018, 10:44 AM
Archived : 05 Dec 2018, 12:00 AM
Táimid ana-bhuíoch don amhránaí sean-nóis, Páidí Mhárthainn, as teacht isteach agus cabhrú leis na daltaí atá ag ullmhú don Oireachtas.
Buaite ag na cailíní sinsear sa chaid!
Created : 05 Oct 2018, 10:42 AM
Archived : 05 Dec 2018, 12:00 AM
Bhuaigh PCD ar Phobalscoil Inbhear Scéine inné. An scór a bhí ann ná 4-17 le 1-5.
Cispheil na gCailíní faoi 19
Created : 03 Oct 2018, 12:51 PM
Archived : 03 Dec 2018, 12:00 AM
Babhta 1, Corn na Scoile
Coláiste na Toirbhirte, Droichead na Bandan 17
Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean 36
Turas eiceolaíochta Bhliain 6
Created : 28 Sep 2018, 10:23 AM
Archived : 28 Nov 2018, 12:00 AM
Chuaigh na ranganna eolaíochta i mBliain 6 ar thuras eiceolaíochta i rith na seachtaine. Is iad Mara Beo a threoraigh na turasanna. Chuadar síos go Sláidín agus go dtí ionad Mhara Beo féin.
Duais ghrianghrafadóireachta buaite ag Liam Ó hÓgáin
Created : 24 Sep 2018, 12:37 PM
Archived : 24 Nov 2018, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Liam a bhuaigh duais ón Kerryman as grianghraf a thóg sé aimsir an tsneachtaigh.
Irish Pilgrimage Trust - deiseanna do dhaoine óga dul go Lourdes
Created : 24 Sep 2018, 12:33 PM
Archived : 24 Nov 2018, 12:00 AM
www.irishpilgrimagetrust.com/
Tá an Irish Pilrimage Trust ag ullmhú anois d’Oilithreacht na Cásca 2019 go Lourdes. Tá fáilte roimh iarratais ó/ar son leanaí agus daoine óga le riachtanais speisialta chun dul ina dteannta. An bhfuil aithne agat ar dhuine óg nó duine i do chlann go ndéanfadh sé maitheas dóibh dul leis an Irish Pilrimage Trust?
Cuireann an Irish Pilrimage Trust fáilte roimh iarratais ó dhaoine óga le
• Míchumas foghlama (aois 11-30)
• Míchumas fisiceach (aois 11-30)
• Breoiteacht tromchúiseach suas go dtí aois 11 agus tuismitheoir nó caomhnóir ina dteannta ag taisteal mar chlann
• Tá spásanna ar fáil leis do dhaoine nach bhfuil sna grúpaí thuas ach a bhfuil deacrachtaí acu sa tsaol nó go raibh deacrachtaí acu sa tsaol agus go mbeadh maitheas ann dóibh grá agus áthas a bhraistint i Lourdes
• Má tá a thuilleadh eolais uait, tabhair cuairt ar shuíomh idirlín an Irish Pilrimage Trust ag an nasc atá leis seo
The Irish Pilgrimage Trust are now preparing for their Easter 2019 Pilgrimage to Lourdes. They welcome applications from / on behalf of children and young people with special needs to join them. Do you know a young person or a member of your family who might benefit from travelling with The Irish Pilgrimage Trust?
The Trust welcomes applications from young people who have
• A Learning Disability (aged 11-30)
• A Physical Disability (aged 11-30)
• A serious illness up to aged 11 accompanied by a parent or guardian who travel in a Family Group
• There are also places available for those who do not fall under the above categories but who would benefit from the experience of love and joy that Lourdes brings due to past or current challenging circumstances in their lives
• Please visit the Irish Pilgrimage Trust website on the link attached for further details
Airgead bailithe ag Neasa Ní Mhathúna d'Ospís Chiarraí
Created : 17 Sep 2018, 12:49 PM
Archived : 17 Nov 2018, 12:00 AM
D'éirigh le Neasa agus a cairde €10,000 a bhailiú d'Ospís Chiarraí trí spéirthumadóireacht a dhéanamh agus Oíche Bingó a eagrú anseo sa scoil. Ana-éacht déanta aici. Buíochas le gach éinne as an dtacaíocht.
Siúlóid ar Chosán na Naomh
Created : 17 Sep 2018, 12:44 PM
Archived : 17 Nov 2018, 12:00 AM
Chuaigh daltaí na hIdirbhliana ar shiúlóid treoraithe Dé Céadaoin seo caite ar Chosán na Naomh ó Shéipéillín Ghallaruis, suas go Cill Maoilchéadair agus tharais an chnoic go dtí Corráilí. Chonaiceadar Caisleán Ghallaruis agus Fotharach an tSeansailéara, Cathair Deargáin, láithreacha eile Críostaíochta agus réamh-Chríostaíochta. D'éirigh leo ar fad dul trí Chró na Snáthaide! Stopamar ag uaigh Thomáis Ruiséil a cuireadh sa reilig i gCill Mhaoilchéadair sa bhliain 1918.
Daltaí gnóthach i rith an tsamhraidh
Created : 17 Sep 2018, 12:37 PM
Archived : 17 Nov 2018, 12:00 AM
Is mó rud a bhíonn ar bun ag daltaí PCD. Seo blaiseadh de na saghas rudaí a bhí ar siúl ag cuid acu i rith an tsamhraidh: Cispheil i mBiarritz, Caitheamh na Sleá, Fleadh Ceoil na hÉireann, Caid, Ardú Meáchain agus a thuilleadh nach iad.
Mionúir Chiarraí sa scoil!
Created : 17 Sep 2018, 12:29 PM
Archived : 17 Nov 2018, 12:00 AM
Bhí ócaid againn sa scoil le déanaí chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár seachtar dalta a bhí ar phainéal Mhionúir Chiarraí a bhuaigh an Cluiche Ceannais i mbliana.
Is é seo an 5ú huair as a chéile go bhfuil an cluiche ceannais buaite ag Mhionúir Chiarraí agus bhí daltaí ó PCD ar gach ceann de na foirne sin. Chugam aniar sibh!