Displaying 1231-1240 of 1275 results.
Ócáid Dheireadh na Bliana do Bhliain 1, 2, 3 agus 5
Created : 01 Jun 2017, 12:13 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Bronnadh duaiseanna ar dhaltaí go raibh lán-tinreamh acu, a bhí rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt, a bhí go diail chun comhoibriú agus go leor leor cúiseanna eile.
Ócáid Slán le Bliain 6
Created : 01 Jun 2017, 12:11 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Bhí Aifreann speisialta againn sa tseipéal agus ina dhiaidh sin bhí ócaid ana-dheas againn i Halla na Scoile agus bronnadh gradaim agus duaiseanna ar scoláirí. Bronnadh Dalta na Bliana ar Phádraig Ó hÓgáin. Dia leat, a Phádraig!
Físeán anseo ón Togra Ceoil a dhein daltaí PCD le Muireann Nic Amhlaoibh. Amhrán nua-chumtha acu!
Created : 01 Jun 2017, 11:53 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Oíche na hIdirbhliana
Created : 25 May 2017, 10:44 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Bhí ócáid speisialta againn sa scoil ar an 24 Bealtaine - an lá a chríochnaigh daltaí na hIdirbhliana ar scoil. Bhí cur i láthair ag daltaí éagsúla faoi rudaí a bhí déanta acu i rith na bliana. Sheinn and grúpa ar fad an t-amhrán The Star of the County Down agus Hail, Rain or Sunshine. Bronnadh duaiseanna ar dhaltaí go raibh éachtaí déanta acu. Bronnadh Dalta na Bliana ar Stiofán Ó Conchúir - ardfhear, a Stiofáin!
Comhghairdeachas le foireann caide Lios Póil/Abhainn na Scáil faoi 14!
Created : 25 May 2017, 10:41 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Bhuadar Craobh an Chontae faoi 14 i gcoinne Fhionnúig. An scór a bhí ann ná 4:6 le 1:13. Tá mórán dár ndaltaí ar an bhfoireann seo. Comhghairdeachas libh!
Lúthchleasaíocht
Created : 25 May 2017, 10:35 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Tá Craobh na Mumhan buaite ag Peter Paul Sauerland sa Léim Ard agus tá an chéad áit buaite ag Katelyn Reid i gCaitheamh Meáchain agus an dara háit buaite aici i gCaitheamh na Sleá.
Foireann caide Chorca Dhuibhne in uachtar!
Created : 22 May 2017, 11:55 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Tá go leor dár ndaltaí ó PCD ar fhoireann caide Chorca Dhuibhne agus bhuadar an roinn 1A faoi 16 Contae. An scór a bhí ann ná 5:5 le 1:8.
Ceiliúradh in Óstán na Sceilge
Created : 22 May 2017, 11:49 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Bhí bronnadh againn do dhaltaí a bhain gradaim uile-Éireann amach i rith na bliana. Bhí gradaim bainte amach san iriseoireacht (Press Pass), sa chaid (Corn McGirr), sa cheol (Scléip), sa rince (Scléip) agus sna lúibíní san Oireachtas. Bhronn Marc Ó Sé na boinn uile=Éireann ar an bhfoireann caide agus bhronn Antoinette Nic Gearailt, Uachtarán an ACCS, gradaim ar na buaiteoirí eile. Ba é Micheál Ó Sé fear an tí agus bhí tuismitheoirí, múinteoirí agus daoine muinteartha i láthair ag an ócáid ana-thaitneamhach seo. Comhghairdeachas libh go léir.
Lá oscailte i UCC, Bl5,
Created : 17 May 2017, 12:33 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Lá oscailte do Bhliain 5 i UCC.
Ciarraí, Seaimpíní na Mumhan, faoi 17
Created : 17 May 2017, 12:27 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Bhí Deividas Uosis, Gearóid Ó Leidhinn, Franz Sauerland agus Tomás Ó Dubháin, ag imirt aréir ar fhoireann bhuacach Chiarraí faoi 17 i gcoinne Corcaigh i dTrá Lí. An scór a bhí ann ná 0-15 le 0-10.