Displaying 1261-1270 of 1275 results.
Gradam Press Pass
Created : 28 Feb 2017, 10:19 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Tá triúr scoláire idirbhliana ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne ar an ngearrliosta don nGradam Press Pass. Comhghairdeachas leis na daltaí ar fad thíos a mbronnfar gradam orthu ar an 10 Márta ag searmanas san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath. Foilseofar na haltanna agus na grianghraif a bhuaigh ar www.presspass.ie tar éis an 10 Márta. Ciara Ní Bhruic, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean Kate Ní Dhubháin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean Tomás Ó hUallacháin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean Aoife Foley, St Mary's Secondary School, Maigh Chromtha Caitríona Ní Chonaill, Coláiste Ghobnatan, Baile Mhic Ire Carley Mannion, Coláiste Iognáid, Gaillimh Clodagh O'Leary, FCJ Secondary School, Bun Clóidí Colm Breslin, Pobalscoil na Tríonóide, Eochaill Emma McGoey, Meánscoil Mhuire, Longfort Jack Farrell, Causeway Comprehensive School Mark O'Donnell, St Columbas Comprehensive, Na Gleannta Natahsa Holmes, Presentation Secondary School, Cluain Dara Niamh O'Dowd, FCJ Secondary School, Bun Clóidí Síofra O’Dwyer, Scoil Mhuire, Bun Chranncha Sorcha Nic an tSionnaigh, Laurel Hill Coláiste FCJ, Luimneach Thomas Sims, Scoil Dara, Cill Choca
Drámaráma ar siúl i Halla na Scoile, 1 & 2 Márta
Created : 28 Feb 2017, 10:07 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Dé Céadaoin: 12:00 i.n.: Seó Drámaráma 1. Léiriú san iarnóin. Is do na bunscoileanna amháin é seo. 7:30 i.n. - Seó Drámaráma 2. Oscailte do chách Déardaoin 7.30pm: Seó Drámaráma 3. Oscailte do chách
Díospóireacht as Spáinnis
Created : 10 Feb 2017, 12:55 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Tá an fhoireann seo ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile. Go n-éirí libh.
Craobh an chomórtais SIANSA i dTiobraid Árann
Created : 10 Feb 2017, 12:42 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Go n-éirí go geal le grúpa Ceoil Uirlise (sinsear) i gCraobh an chomórtais SIANSA i dTiobraid Árann, Dé Sathairn, Feabhra 11, 2017 - Máirtín Ó Cathasaigh, Ciarán Mac Gearailt, Tríona Ní Shúilleabháin, Aibhin Starr Ní Bheaglaoich, Eoghan Mac Gearailt agus Liam Ó Beaglaoich
Treoirchomhairleoireacht: Scoláireachtaí Quercus
Created : 03 Feb 2017, 12:21 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Bhí Brendan Tuohy inár láthair inniu ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh chun treoir a chur ar dhaltaí i mBliain 6 maidir le foirmeacha iontrála don Scoláireacht Quercus a líonadh isteach. Baineann na scoláireachtaí le ana-chuid réimsí éagsúla buanna - ceol, rince, spórt, acadúlacht, fiontraíocht ina measc. Táimid ana-bhuíoch do Bhrendan as a chuid comhairle.
Fáilte roimh an Aire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne
Created : 03 Feb 2017, 10:23 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Fearaimid fíor-chaoin fáilte roimh an Aire Stáit Gaeltachta chuig ár scoil inniu. Is mór againn tacaíocht na Roinne Gaeltachta i gcónaí agus sinn ag cur ár gcultúr agus ár dteanga chun cinn.
Bús ceoil ag Scléip!
Created : 03 Feb 2017, 10:19 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
D'éirigh go diail le daltaí PCD i gCluain Tarbh i mBÁC. Comórtas ceoil, rince agus cruthaitheachta is ea Scléip. Bhuaigh Ben Mac Eoin an chéad áit sa Cheol Aonair Comhaimseartha (Sóisear) agus bhuaigh Clodagh Ní Shúilleabháin sa chomórtas Rince Cruthaitheach Aonair (Sinsear). Táimid ana-bhródúil astu agus as na daltaí ar fad ón scoil a ghlac páirt!
Comórtas Fiontraíochta, Bliain 4
Created : 26 Jan 2017, 2:12 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Beidh 4 scoil ag glacadh páirte sa chraobh réigiúnach den gComórtas Fiontraíochta i bPCD ar an Luan 27 Feabhra. Is iad san PCD, Coláiste Íde, Béal Átha an Ghaorthaidh agus An Rinn.
Díospóireacht Uí Chadhain
Created : 21 Dec 2016, 11:49 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Comhghairdeachas leis na foirne díospóireachta a ghlac páirt sa chraobh réigiúnach de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain le déanaí. Tá an fhoireann sinsir ag dul ar aghaidh go Craobh na hÉireann ag deireadh mhí Eanáir 2017.
Corn Uí Shúilleabháin
Created : 26 Oct 2016, 3:11 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
PCD 2-12 Cill Airne 1-16