Displaying 1141-1150 of 1275 results.
Ag bailiú do Chernobyl
Created : 07 Dec 2018, 10:11 AM
Archived : 07 Feb 2019, 12:00 AM
Tá comórtas greannmhar curtha ar bun ag Éabha Ní Neachtain agus Treasa Ní Bhriain ó Bhliain 5 chun airgead a bhailiú do Chernobyl. Beidh ar gach múinteoir pictiúr a thabhairt isteach doibh féin nuair a bhíodar beag (caithfidh sé a bheith istigh i gcomhair Dé Luain). Íocfaidh daltaí agus múinteoirí €2 chun buille faoi thuairim a thabhairt faoi cé atá sna pictiúirí agus an múinteoir ceart a mheaitseáil leis an bpictiúr ceart! Tacaíg leis an bhfeachtas seo!
Feachtas bailithe airgid do Rugbaí na Scoile
Created : 07 Dec 2018, 10:05 AM
Archived : 07 Feb 2019, 12:00 AM
Bhí díolachán cístí ag buachaillí Bhliain 1-3 am sosa agus am lóin Dé Céadaoin. Tá siad ag díol ticéadaí faoi láthair, €1 an líne agus tá duaiseanna maithe le buachtaint. Tá duais ann don díoltóir is fearr!
Bráisléidí na Nollag ag Clodagh
Created : 06 Dec 2018, 10:21 AM
Archived : 06 Feb 2019, 12:00 AM
Tá bráisléidí deasa á ndíol ag Clodagh Ní Shlataire i gcomhair na Nollag. €5 an ceann atá orthu agus tá siad beagnach ar fad díolta faoin dtráth seo! Ana-bhean gnó is ea í, bail ó Dhia uirthi.
Díospóireachtaí Uí Chadhain
Created : 06 Dec 2018, 10:19 AM
Archived : 06 Feb 2019, 12:00 AM
D'éirigh leis an bhfoireann sóisear sna Díospóireachtaí inné. Beidh siad ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann ag deireadh mhí Eanáir. Bail ó Dhia orthu! Maidir leis an bhfoireann iontach sinsir - ní raibh faic eatarthu féin is an fhoireann a bhuaigh orthu. Tréaslaímid leo as an dtaispeántas thar barr a dheineadar inné.
Corn Uí Shúilleabháin
Created : 06 Dec 2018, 10:14 AM
Archived : 06 Feb 2019, 12:00 AM
Bhí cluiche Corn Uí Shúilleabháin ar siúl inné agus bhuaigh PCD le dhá phointe. Beidh siad ag dul ar aghaidh go dtí an babhta ceannais. Dáta le cinntiú. Go n-éirí leo!
Other Voices
Created : 06 Dec 2018, 10:11 AM
Archived : 06 Feb 2019, 12:00 AM
Bhí ana-bhaint ag PCD leis an bhféile Other Voices i mbliana. Ar an Aoine 30 Samhain, tháinig Dáithí Ó Drónaí isteach chugainn chun ceolchoirm a chur ar siúl dúinn.
Bhí grúpa timpeall 27 dalta ó Bhliain 4, 5, 6 ag obair don bhFéile i rith an deireadh seachtaine agus anuas air sin bhí ár gceoltóirí féin páirteach sa Music Trail. Bhí an grupa Togra ag seinnt i Murphy's Ice Cream ar an Satharn agus bhí an grúpa traid Ceoltóirí Duibhneach ar an Trail chomh maith. Tá oiread seans linn a bheith ag marachtaint sa Daingean, áit chultúrtha, cheolmhar, gan trácht ar an mbua agus an talann atá ag ár ndaltaí féin!
Scléip ar Scoil!
Created : 20 Nov 2018, 3:25 PM
Archived : 20 Jan 2019, 12:00 AM
Bhí cur i láthair ceoil agus rince do Bhliain 1 ar siúl tráthnóna inniu. Go n-éirí libh amárach ag Scléip na Mumhan. #oideachasceoil #bíagceol
Cispheil na gCailíní, Cadettes
Created : 20 Nov 2018, 12:00 PM
Archived : 20 Jan 2019, 12:00 AM
Coláiste Mhuire Inis 34- PCD 33
Mí-ádh le 3 soicind fágtha! Tá seans fós acu ar an Déardaoin an cluiche leathcheannais a shroichint!
Cispheil na gCailíní, Sinsear
Created : 20 Nov 2018, 11:58 AM
Archived : 20 Jan 2019, 12:00 AM
Corn na Scoileanna faoi 19,
Coláiste Mhuire, Inis 23 -PCD 46
PCD Abú!
Tuismitheoirí / Parents: Íocaíochtaí scoile ag teastáil / Payments due
Created : 19 Nov 2018, 12:33 PM
Archived : 19 Jan 2019, 12:00 AM
Bliain 1 - tá íocaíocht €12 le déanamh do ghleacaíocht. First Years - gymnastics payment of €12 to be made.
Bliain 2 - tá táillí le híoc ar leabhartha agus gleacaíocht. Second Years - school books and gymnastics payment to be made.
Bliain 3 - tá táillí leabhartha le híoc. Third Years - school books payment due.
Bliain 5 - tá íocaíocht €13 le déanamh don Aonach Gairmeacha. A payment of €13 is needed for the Careers Fair.
Má bhaineann rugbaí leat, tá íocaíocht €10 le déanamh ansin don mbus. If your child plays rugby, the cost is €10 for the bus.
Míle buíochas as iad a íoc tríd an Aip. Is Scoil Glas sinn agus cabhraíonn sé seo an timpeallacht a chaomhnú. We would appreciate it if you made these payments using the School App as part of our Green School Policy