Displaying 1151-1160 of 1275 results.
Bronnadh na mBonn in Óstán an Rós i dTrá Lí
Created : 19 Nov 2018, 12:15 PM
Archived : 19 Jan 2019, 12:00 AM
Bronnadh bonn na Mumhan ar thriúr cailíní ó PCD a shroich an cluiche ceannais i mbliana do Chiarraí faoi 16. Is iad sin Rachel Ní Chonchúir, Mairéad Ní Chíomháin agus Lisa Nic Gearailt. Bronnadh Geansaí Chiarraí orthu leis - an geansaí a chaitheadar agus iad ag imirt sa chluiche ceannais.
Seachtain Seas an Fód i gcoinne bulaíocht LADT (LGBTI)
Created : 19 Nov 2018, 12:09 PM
Archived : 19 Jan 2019, 12:00 AM
D'éirigh go hiontach leis an tseachtain feasachta LGBTI. An tseachtain seo caite, thóg gach scoil ar fud na tíre seasamh i gcoinne bulaíocht homafóbach, trasfhóibeach agus défhóibeach a mbíonn ar a lán daoine óga LADT (LGBTI) cur suas leis. Táimidne meáite ar sheasamh maith a thógaint anseo i bPobalscoil Chorca Dhuibhne mar is scoil sinn atá bródúil as an eiteas cuimsitheach atá againn. Dhein na daltaí i mBliain 4 jab iontach ag eagrú maisiúcháin agus lá gan éide scoile ina raibh ar gach duine sa scoil dath ar leith a chaitheamh. Bhí díolachán cupchístí ar dhathanna difriúla ann chomh maith!
Corn Uí Mhuirí
Created : 15 Nov 2018, 9:47 AM
Archived : 15 Jan 2019, 12:00 AM
PCD v Coláiste de la Salle, Maigh Chromtha. PCD abú!!
Buaite ag na cailíní sóisear sa chaid!
Created : 15 Nov 2018, 9:24 AM
Archived : 15 Jan 2019, 12:00 AM
PCD v Neidín. PCD abú!
Togra (banna ceoil ó PCD)
Created : 13 Nov 2018, 3:55 PM
Archived : 13 Jan 2019, 12:00 AM
Fuair Tógra cuireadh chun seinnt ag an ESB Creative Fest, a bhí ar siúl sa Google Foundry i mBaile Átha Cliath ar an 1 Samhain. Is tríd an scoil & TechSpace a fuaireadar an cuireadh. Na daltaí atá i Togra ná Ally Nic Mhathúna, Annie Lovisetto, Tríona Ní Shúilleabháin, Ciarán Mac Gearailt agus Máirtín Ó Cathasaigh. Ghlacadar páirt sa phreasócáid an oíche roimhré & bhíodar mar aoicheoltóirí ar an lá agus sheinneadar os comhair os cionn 300 duine a bhí i láthair ag glacadh páirt i gceardlanna agus ag glacadh le duaiseanna/gradaim. Bhí TechSpace agus na héinne a bhí i láthair an-tógtha leo. Ba iad an chéad ghrúpa riamh a chan as Gaolainn ag an ócáid agus an chéad dream in Google. Táim ana-bhródúil astu!
Comórtas Ceannaireachta Rotary / Rotary Leadership Competition
Created : 13 Nov 2018, 3:39 PM
Archived : 13 Jan 2019, 12:00 AM
Tá an comórtas seo buaite ag Naoise Mac Gearailt, Bliain 4! Ar aghaidh leis go Strasbourg! Comhghairdeachas le Naoise agus le Bean Uí Chiardhubháin. Nár laga Dia sibh!
Taispeántas Billy Casey ar siúl sa scoil an tseachtain seo!
Created : 12 Nov 2018, 12:43 PM
Archived : 12 Jan 2019, 12:00 AM
Beidh boinn agus geansaí Chiarraí chomh maith le cur síos ar shaol caide Bhilly Casey ar taispeáint sa scoil ar feadh seachtaine. Ba ó Lios Póil é Billy agus thosnaigh sé ag imirt caide agus é ar scoil sa Mhainistir sa Daingean sna 1930aidí. Bhí sé ag imirt don scoil, don nDaingean agus do Chiarraí chomh maith. Tá fáilte roimh chách bualadh isteach.
Cork Pops 2018
Created : 09 Nov 2018, 11:53 AM
Archived : 09 Jan 2019, 12:00 AM
Duais TechSpace buaite ag daltaí
Created : 07 Nov 2018, 4:35 PM
Archived : 07 Jan 2019, 12:00 AM
Comhghairdeas le Tommy Finn & James Ó Dubháin a bhuaigh duais náisiúnta le déanaí ag an ESB Creative Tech Fest Rinne siad gearrscannán Gaeilge sa rang TechSpace i mbliain a 4, bunaithe ar mháthair le Tommy agus ar an obair a dhéanann sí. Bhuadar an Duais Físiúil toisc gur léirigh siad ábhar bríomhar agus nuálaíocht ina gcuid oibre!
Corn Uí Mhuirí
Created : 26 Oct 2018, 1:20 PM
Archived : 26 Dec 2018, 12:00 AM
Comhghairdeas le buachaillí sinsir PCD a bhuaigh in aghaidh Sciobairín ar an 23/10/20018