Displaying 1091-1100 of 1180 results.
Cosc ar bhuidéil phlaisteacha!
Created : 28 Aug 2018, 11:52 AM
Archived : 29 Oct 2018, 12:00 AM
Tá Coiste Timpeallachta againn sa scoil agus is é sprioc na bliana seo ná fail réidh le buidéil phlaisteacha ón uair go ndéanann plaisteach oiread díobhála don domhan. Ní bheidh buidéil uisce á ndíol sa cheaintín a thuilleadh. As seo amach, iarrtar ar gach éinne buidéal fadsaolach a thabhairt ar scoil. Bídís líonta agaibh ag teacht. GRMA as an gcomhoibriú. In order to help reduce our use of plastic, students are asked to bring their own reuseable water bottle to school. Don't forget to fill it up at home before coming to school. From now on bottled water won't be sold in the canteen.
Fáilte mhór thar n-ais!
Created : 28 Aug 2018, 1:05 PM
Archived : 28 Oct 2018, 12:00 AM
Fáiltímid roimh ár ndáltaí ar fad thar n-ais ar scoil agus cuirimid fáilte speisialta roimh ár ndaltaí nua i mBliain 1 - tá súil againn go mbeidh bliain ana-mhaith agaibh anseo. Fearaimid fáilte roimh ár bPríomhoide nua, Éamonn Mac Muiris, agus na múinteoirí nua-cheaptha atá linn i mbliana!
An lá scoile
Created : 28 Aug 2018, 12:01 PM
Archived : 28 Oct 2018, 12:00 AM
Tosnaíonn ranganna ar scoil ar a 9am agus críochnaíonn siad arís ar a 4pm seachas Dé hAoine nuair a chríochnaíonn an lá scoile ar a 1.15pm. Classes start at school at 9am and finish at 4pm except for Fridays when the school day finishes at 1.15pm.
Scléip na Mumhan
Created : 24 Nov 2017, 12:56 PM
Archived : 24 Jan 2018, 12:00 AM
Comhghairdeachas le gach duine a ghlac páirt i Scléip na Mumhan inniu agus an fhoireann a bhí leo: Denise, Lucy, Dónal & Máire. Bhí ana-lá acu agus ag dul ar aghaidh go Craobh na hÉireann i mBÁC ar 31 Eanáir 2018 tá: Slua-amhránaíocht Bliain 5(Aine, Ally, Aibhín, Annie, Ciarán, Clodagh, Dearbhla, Liarosa, Liobhán, Orla, Mairtín, Triona, ) Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sóisear; Michael Holden & Katarina Nic Roibeard Amhránaíocht Chomhaimseartha le féintionlacan (Grúpaí) – ‘Togra’ Annie, Máirtín, Ciarán, Tríona & cairde, Pobalscoil Chorca Dhuibhne Comhghairdeachas leo go léir.
Scoláireachtaí Quercus á mbronnadh ar iar-scoláirí PCD
Created : 21 Nov 2017, 12:07 PM
Archived : 22 Jan 2018, 12:00 AM
Bronnfar scoláireachtaí ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, ar Nicole Ní Dhubhshláine agus Brian Ó Beaglaoich ar an Déardaoin 23 Samhain. Comhghairdeachas leo beirt!
Seachtain Feasachta LGBTI
Created : 21 Nov 2017, 12:03 PM
Archived : 22 Jan 2018, 12:00 AM
Mhaisigh daltaí an scoil le póstaeir agus ealaín ildaite i rith ár seachtain feasachta LGBTI. Bhí lá gan éide scoile againn ar an Aoine 17 Samhain agus tháinig na blianta difriúla isteach le dathanna áirithe ar a gcuid éadaigh. Thógamar grianghraifeanna deasa dóibh. Is aoibhinn linn go bhfuilimid ar fad mar chuid de scoil atá oscailte, tacúil agus cóir.
Ceolchoirm na Nollag le Seo Linn!
Created : 14 Nov 2017, 12:06 PM
Archived : 14 Jan 2018, 12:00 AM
Beidh an grúpa ceoil cáiliúil Seo Linn, anseo sa scoil Déardaoin, 21 Nollaig, chun ceolchoirm a dhéanamh don scoil ar fad roimh shaoire na Nollag. Beidh costas timpeall €4 ar gach dalta.
Laochra na Cispheile
Created : 14 Nov 2017, 12:00 PM
Archived : 14 Jan 2018, 12:00 AM
Tá gaisce a dhéanamh ag cailíní PCD sa chispheil ag leibhéal náisiúnta agus táimid ana-bhródúil astu. Bhí Niamh Ní Chonchúir ag imirt le Team Kerry sa Chorn Náisiúnta Idirmheánach i gcoinne Oranmore Maree na Gaillimhe agus bhí Clodagh Ní Shiúrdáin ag imirt le Team Kerry faoi 18 sa Chorn Náisiúnta i mBaile Átha Cliath. Nár laga Dia sibh, a chailíní.
Muireann Nic Amhlaoibh
Created : 14 Nov 2017, 11:54 AM
Archived : 14 Jan 2018, 12:00 AM
Tháinig an ceoltóir agus an t-amhranaí cáiliúil, Muireann Nic Amhlaoibh, ó Dhún Chaoin, ar cuairt go dtí an scoil. Bhuail sí le grúpa daltaí ó Bhliain 4 agus le Bliain 5 ar fad, Dé hAoine 10 Samhain. Labhair sí faoina saol mar cheoltóir agus chan sí amhrán óna dlúthdhiosca nua dúinn.
Blitz Caide do Chailíní Bhliain 1 & 2 Samhain 8, 2017
Created : 09 Nov 2017, 3:32 PM
Archived : 09 Jan 2018, 12:00 AM
i dTrá lí