Displaying 1101-1110 of 1142 results.
Oíche na hIdirbhliana
Created : 25 May 2017, 10:44 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Bhí ócáid speisialta againn sa scoil ar an 24 Bealtaine - an lá a chríochnaigh daltaí na hIdirbhliana ar scoil. Bhí cur i láthair ag daltaí éagsúla faoi rudaí a bhí déanta acu i rith na bliana. Sheinn and grúpa ar fad an t-amhrán The Star of the County Down agus Hail, Rain or Sunshine. Bronnadh duaiseanna ar dhaltaí go raibh éachtaí déanta acu. Bronnadh Dalta na Bliana ar Stiofán Ó Conchúir - ardfhear, a Stiofáin!
Comhghairdeachas le foireann caide Lios Póil/Abhainn na Scáil faoi 14!
Created : 25 May 2017, 10:41 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Bhuadar Craobh an Chontae faoi 14 i gcoinne Fhionnúig. An scór a bhí ann ná 4:6 le 1:13. Tá mórán dár ndaltaí ar an bhfoireann seo. Comhghairdeachas libh!
Lúthchleasaíocht
Created : 25 May 2017, 10:35 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Tá Craobh na Mumhan buaite ag Peter Paul Sauerland sa Léim Ard agus tá an chéad áit buaite ag Katelyn Reid i gCaitheamh Meáchain agus an dara háit buaite aici i gCaitheamh na Sleá.
Foireann caide Chorca Dhuibhne in uachtar!
Created : 22 May 2017, 11:55 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Tá go leor dár ndaltaí ó PCD ar fhoireann caide Chorca Dhuibhne agus bhuadar an roinn 1A faoi 16 Contae. An scór a bhí ann ná 5:5 le 1:8.
Ceiliúradh in Óstán na Sceilge
Created : 22 May 2017, 11:49 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Bhí bronnadh againn do dhaltaí a bhain gradaim uile-Éireann amach i rith na bliana. Bhí gradaim bainte amach san iriseoireacht (Press Pass), sa chaid (Corn McGirr), sa cheol (Scléip), sa rince (Scléip) agus sna lúibíní san Oireachtas. Bhronn Marc Ó Sé na boinn uile=Éireann ar an bhfoireann caide agus bhronn Antoinette Nic Gearailt, Uachtarán an ACCS, gradaim ar na buaiteoirí eile. Ba é Micheál Ó Sé fear an tí agus bhí tuismitheoirí, múinteoirí agus daoine muinteartha i láthair ag an ócáid ana-thaitneamhach seo. Comhghairdeachas libh go léir.
Lá oscailte i UCC, Bl5,
Created : 17 May 2017, 12:33 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Lá oscailte do Bhliain 5 i UCC.
Ciarraí, Seaimpíní na Mumhan, faoi 17
Created : 17 May 2017, 12:27 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Bhí Deividas Uosis, Gearóid Ó Leidhinn, Franz Sauerland agus Tomás Ó Dubháin, ag imirt aréir ar fhoireann bhuacach Chiarraí faoi 17 i gcoinne Corcaigh i dTrá Lí. An scór a bhí ann ná 0-15 le 0-10.
Lúthchleasaíocht – Craobh na Mumhan Thuiadh, Bealtaine 2017
Created : 15 May 2017, 12:27 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Rás sealaíochta, Bl 1 agus Bl 2.
Lúthchleasaíocht – Craobh na Mumhan Thuaidh, Bealtaine 2017
Created : 12 May 2017, 2:51 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Seo mar a d’éirigh lenár ndaltaí: Katelyn Reid, Bliain 2: An chéad áit caitheamh meáchain (shot putt) agus caitheamh an oird (Hammer) agus an dara háit i gcaitheamh na teisce (discus) agus caitheamh na sleá (javelin) Peter Paul Sauerland, Bliain 6: An chéad áit léim ard agus an dara háit léim fhada Finn Daibhís: Bliain 1: Tríú háit léim fhada Comhghairdeachas lenár lúthchleasaí ar fad!
Ciarraí, Seaimpíní na Mumhan, cailíní faoi 14
Created : 08 May 2017, 11:32 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Bhí Siobhán Ní Chuanaigh, Bliain 1, ag imirt inné ar fhoireann bhuacach Chiarraí faoi 14 i gcoinne Corcaigh i Mala. An scór a bhí ann ná 1-12 le 0-8. Go n-éirí leo sa chéad chluiche eile! Maith thú, a Shiobhán!