Displaying 1071-1080 of 1180 results.
Buaite ag na cailíní sóisear sa chaid!
Created : 17 Oct 2018, 2:54 PM
Archived : 17 Dec 2018, 12:00 AM
PCD 4-19
Baile an Mhuilinn 0-6
Comhghairdeachas libh!
Rugbaí i dTrá Lí
Created : 12 Oct 2018, 12:51 PM
Archived : 12 Dec 2018, 12:00 AM
Tá an fhoireann imithe ar aghaidh go dtí an gcéad bhabhta eile - comhghairdeachas leo!
Lá na dTeangacha Eorpacha
Created : 12 Oct 2018, 12:50 PM
Archived : 12 Dec 2018, 12:00 AM
Bhí Tráth na gCeist ar siúl sa scoil ar an 26 Meán Fómhair chun Lá na dTeangacha Eorpacha a cheiliúradh. Bhí ana-chleachtadh ann. Comhghairdeachas leis na buaiteoirí.
Tuismitheoirí: Coimeádaíg súil ar an bhFéilire Scoile/ Parents: Keep an eye on the School Calendar
Created : 08 Oct 2018, 12:32 PM
Archived : 08 Dec 2018, 12:00 AM
Cuirtear eolas suas go rialta faoi imeachtaí spoirt agus eile.
It is updated regularly with information on school events.
Iar-scoláire ar cuairt chugainn
Created : 05 Oct 2018, 10:52 AM
Archived : 05 Dec 2018, 12:00 AM
Bonn uile-Éireann mionúr ag gach duine sa tseomra seo!
Seo é Marc Ó Conchúir leis an bPríomhoide, Éamonn Mac Muiris agus an 7 dalta atá ar phainéal buacach Mhionúir Chiarraí faoi láthair. Tá Marc ina chónaí san Astráil anois agus é ag imirt Australian Football le Geelong Cats. D'imir Marc sa chluiche ceannais in 2014 agus 2015. Ba é an captaen é in 2015 agus fuair sé Laoch na hImeartha an bhliain sin. Go n-éirí leis ar an aistear ar ais go dtí an Astráil.
Páidí Mhárthainn ag prapáil don Oireachtas le daltaí na scoile
Created : 05 Oct 2018, 10:44 AM
Archived : 05 Dec 2018, 12:00 AM
Táimid ana-bhuíoch don amhránaí sean-nóis, Páidí Mhárthainn, as teacht isteach agus cabhrú leis na daltaí atá ag ullmhú don Oireachtas.
Buaite ag na cailíní sinsear sa chaid!
Created : 05 Oct 2018, 10:42 AM
Archived : 05 Dec 2018, 12:00 AM
Bhuaigh PCD ar Phobalscoil Inbhear Scéine inné. An scór a bhí ann ná 4-17 le 1-5.
Cispheil na gCailíní faoi 19
Created : 03 Oct 2018, 12:51 PM
Archived : 03 Dec 2018, 12:00 AM
Babhta 1, Corn na Scoile
Coláiste na Toirbhirte, Droichead na Bandan 17
Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean 36
Turas eiceolaíochta Bhliain 6
Created : 28 Sep 2018, 10:23 AM
Archived : 28 Nov 2018, 12:00 AM
Chuaigh na ranganna eolaíochta i mBliain 6 ar thuras eiceolaíochta i rith na seachtaine. Is iad Mara Beo a threoraigh na turasanna. Chuadar síos go Sláidín agus go dtí ionad Mhara Beo féin.
Duais ghrianghrafadóireachta buaite ag Liam Ó hÓgáin
Created : 24 Sep 2018, 12:37 PM
Archived : 24 Nov 2018, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Liam a bhuaigh duais ón Kerryman as grianghraf a thóg sé aimsir an tsneachtaigh.