Displaying 1081-1090 of 1142 results.
Píóga Úll déanta ag an rang ATF!
Created : 29 Sep 2017, 11:39 AM
Archived : 29 Nov 2017, 12:00 AM
Seoladh an leabhair Nuair a Bhíos Óg, 6.30pm Benner's anocht
Created : 29 Sep 2017, 11:37 AM
Archived : 29 Nov 2017, 12:00 AM
Tá leabhar álainn curtha le chéile ag daltaí na Pobalscoile, ina gcuireadar agallaimh ar dhaoine aosta sa phobal mar gheall ar a n-óige. Tá sé lán de scéalta suimiúla agus greannmhara agus é ar díol ar phraghas speisialta €10 anocht. Seolfar an leabhar in Ostán Benner's ar a 6.30pm anocht, Dé hAoine 29 Meán Fómhair. Na daltaí a chuir an leabhar le chéile ná Niamh de Brún, Sadhbh Ní Bhrosnacháin, Ciara Ní Bhruic agus Doireann Ní Choileáin. Togra speisialta a bhí ar siúl acu agus iad san Idirbhliain anuraidh a bhí i gceist.
Sinéad Ní Uallacháin,
Created : 29 Sep 2017, 9:40 AM
Archived : 29 Nov 2017, 12:00 AM
Aoichainteoir na seachtaine -Sinéad Ní Uallacháin, Aisteoir agus Láithreoir le Ráidió na Gaeltachta
Comóradh ar shaol Thomáis Ághais - caint ó Mhicheál Ó Móráin
Created : 26 Sep 2017, 11:46 AM
Archived : 29 Nov 2017, 12:00 AM
Labhair Micheál Ó Móráin leis an scoil ar fad faoi shaol Thomáis Ághais, fear ó Lios Póil a fuair bás ar son saoirse na hÉireann ar an 25 Meán Fómhair 2017. Ag an gcomóradh léigh daltaí ó Lios Póil an dán Carry My Cross for Ireland agus chanamar go léir Amhrán na bhFiann. Bhí ócáidí ceiliúrtha ar siúl ar fud an chontae agus ceann speisialta i Lios Póil ag an deireadh seachtaine ina raibh daoine muinteartha leis ag glacadh páirte ann.
Feirm go Forc
Created : 28 Sep 2017, 10:15 AM
Archived : 28 Nov 2017, 12:00 AM
Go n-éirí le Feirm go Forc i Féile Bídh an Daingin. Beidh stainín acu trasna ó Global Village ag díol Burgair Hereford i rith an deireadh seachtaine.
An tAthair Pádraig Ó Murchú ar cuairt ón gCóiré Theas!
Created : 26 Sep 2017, 12:17 PM
Archived : 28 Nov 2017, 12:00 AM
Tá an tAth Pádraig Ó Murchú ag maireachtaint sa Chóiré Theas le 49 bliain. Labhair sé le daltaí mar gheall ar an saol sa tír sin. Bhuail sé le Bliain 3 agus le Bliain 5 ar an 19 Meán Fómhair.
Sparánacht an Bhlaoscaoid
Created : 26 Sep 2017, 11:53 AM
Archived : 28 Nov 2017, 12:00 AM
Seic €1000 bronnta ar Róisín Ní Bheaglaoi agus seic €750 bronnta ar Fhaolán Dáibhéis le haghaidh a saol ollscoile. Guímid gach rath orthu.
Sparánacht ó Chomhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne fachta ag Faolán Dáibhéis agus Jack Ó Grifín
Created : 26 Sep 2017, 11:48 AM
Archived : 26 Nov 2017, 12:00 AM
Comhghairdeachas leo!
Fleadh Ceoil na hÉireann
Created : 11 Sep 2017, 12:13 PM
Archived : 26 Nov 2017, 12:00 AM
Bhuaigh Máirtín Ó Cathasaigh an chéad áit i dtrí chomórtas: Amhránaíocht as Béarla; Scéalaíocht agus Rince Céilí. Fuair sé an dara háit san Amhránaíocht as Gaolainn. Tá Máirtín ina bhall de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus beidh ceolchoirm i Halla na Feothanaí ar an 18 Deireadh Fómhair 2017.
Mionúir Chiarraí
Created : 19 Sep 2017, 11:52 AM
Archived : 22 Nov 2017, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Deivadas Uosis, Cathal Feirtéar, Franz Sauerland agus Mark Ághas a dhein éacht sa Chluiche Ceannais Dé Domhnaigh. Táimid ana-bhródúil asaibh!