Displaying 821-830 of 839 results.
Taispeántas Cócaireachta le Mark Murphy sa scoil
Created : 07 Dec 2017, 1:07 PM
Archived : 07 Feb 2018, 12:00 AM
D'eagraigh Cumann na dTuismitheoirí an taispeántas cócaireachta seo agus d'éirigh ana-mhaith ar fad leis. Dhéan Mark dinnéar na Nollag agus beidh sé ina inspioráid againn ar fad i mbliana!
Corn Dunloe - Bhuaigh PCD!
Created : 07 Dec 2017, 1:04 PM
Archived : 07 Feb 2018, 12:00 AM
Comhghairdeachas lenár n-imreoirí a bhuaigh an cluiche in aghaidh Mainistir na Féile i dTrá Lí Dé Máirt. An scór a bhí ann ná, 6:17 le 5:11.
Díospóireachtaí Uí Chadhain
Created : 07 Dec 2017, 1:02 PM
Archived : 07 Feb 2018, 12:00 AM
Bhuaigh an fhoireann sóisir an babhta díospóireachta i Luimneach inné agus beidh siad ag dul ar aghaidh go dtí an Craobh Náisiúnta. Comhghairdeachas le Naoise Mac Gearailt, Sibéal Ní Ógáin agus Luke Mac Diarmada! Míle comhghairdeachas leis, leis an bhfoireann sinsear nach mbeidh ag dul ar aghaidh an babhta seo ach a thug sár-thaispeántas uathu - Siobhán Ní Neachtain, Tríona Ní Shúilleabháin agus Pádraig Ó hAiniféin.
Ceolchoirm Other Voices
Created : 01 Dec 2017, 1:42 PM
Archived : 06 Feb 2018, 12:00 AM
Ar siúl sa scoil óna 12.15-1.10pm. Beidh dhá ghrúpa ann - Roe agus Tall Trees. Canfaidh grúpa ón scoil, Togra, an t-amhrán a chumadar féin anuraidh agus a bhuaigh an comórtas Scléip le déanaí.
Feirm go Forc
Created : 28 Sep 2017, 10:10 AM
Archived : 28 Nov 2017, 12:00 AM
Go n-éirí le Feirm go Forc i bhFéile Bídh an Daingin. Beidh stainín acu trasna ó Ghlobal Village ag díol Burgair Hereford.
Sabháilteacht Idirlín (Internet Safety)
Created : 11 Nov 2016, 12:42 PM
Archived : 26 Sep 2017, 5:34 AM
Seomra 121, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Dé Máirt Samhain 15, 2016 Bl 3 9.40 - 10.20 r.n. Bl 6 10.20 - 11.00 r.n, Bl 2 11.15-- 11.55 r.n. , Bl 5 agus ATF 12.35 - 1.15 i.n. , Bl 4 2.00 -2.35 i.n., Bl 1 3.10- 3.45 i.n. Tuismitheoirí ag 7.00 i. n. an oíche sin
Cluiche Ceannais, Corn Paul McGirr, Dé Sathairn 25 Márta, 2pm.
Created : 20 Mar 2017, 12:27 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Páirc chaide Hawkfield, An Droichead Nua, Co. Chill Dara. PCD i gcoinne St Pat's, Maghera. Guímíd gach rath ar an bhfoireann agus ar na traenálaithe, Éamonn Mac Muiris agus Máirtín Ó Fráithille. PCD abú!
Imeachtaí an deireadh seachtaine
Created : 09 Mar 2017, 11:40 AM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Go n-éirí go geal lenár bpeileadóirí agus lenár n-iriseoirí an deireadh seachtaine seo agus iad gnóthach, idir an comórtas Press Pass i mBÁC agus an cluiche leathcheannais caide i gcoinne Phobalscoil St Attracta ó Shligeach. Guimid gach rath orthu.
Drámaráma
Created : 14 Feb 2017, 3:01 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Ar an 1ú agus 2ú Márta beidh daltaí na hidirbhliana ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag léiriú seó ilsiamsa i Halla na Pobalscoile ag a 7.30in. Bainfidh idir óg agus aosta taitneamh as an seó seo. Beidh ticéidí ar fáil ar an oíche. An costas a bheidh ar thicéad ná €10 do dhaoine fásta agus €5 do dhaltaí/scoláirí, €20 do chlann (2 tuismitheoirí, 2 leanbh/scoláirí). Tá súil againn go mbeidh sibh ann agus go dtabharfaidh sibh tacaíocht dúinn!
Peil na gCailíní, Bliain 1 & 2. Ar siúl i dTrá Lí. Bus ag fágaint 10.20a.m.
Created : 23 Jan 2017, 12:30 PM
Archived : 08 Sep 2017, 5:56 AM
Ar siúl i dTrá Lí. Bus ag fágaint 10.20a.m.