Displaying 811-820 of 875 results.
Comórtas Certified Irish Angus Beef
Created : 16 Mar 2018, 1:03 PM
Archived : 16 May 2018, 12:00 AM
Ghlac Méabh Nic Gearailt, Hanna Ní Laoithe agus Amy Finn páirt i gcomórtas speisialta i mBaile Átha Cliath. Bhíodar in iomaíocht le timpeall 30 scoil eile. Roghnófar 5 scoil ar deireadh agus bronnfar 5 ghamhain Angus ar na scoileanna san. Déanfar an bronnadh i mí Dheireadh Fómhair ag an gComórtas Treabhdóireachta. Táimid ar fad ag súil le dea-scéala an tseachtain seo chugainn nuair a dhéanfar an cinneadh!
Fiontar i dTrá Lí
Created : 16 Mar 2018, 12:59 PM
Archived : 16 May 2018, 12:00 AM
Tá roinnt daltaí ó Bhliain 1 & 4 imithe go Trá Lí inniu chun páirt a ghlacadh i gcomórtas Fiontraíochta. Go n-éirí go geal leo!
Corn Ruiséal
Created : 12 Mar 2018, 8:01 PM
Archived : 12 May 2018, 12:00 AM
PCD v Scoil Idirmheánach Chill Orglan i gCill Orglan ag 1pm.
Agallaimh LCVP - Bliain 6
Created : 08 Mar 2018, 10:45 AM
Archived : 12 May 2018, 12:00 AM
Beidh agallaimh ag daltaí Bhliain 6 LCVP Déardaoin 15 Márta idir 9.30am-4pm. Is cuid riachtanach den obair chúrsa iad na hagallaimh seo agus beifear á dtaifead. Leaving Cert LCVP interview will be held on Thursday 15 March between 9.30am-4pm. This is a compulsory part of the portfolio work and they will be recorded.
Corn Uí Mhuirí
Created : 10 Mar 2018, 3:05 PM
Archived : 10 May 2018, 12:00 AM
PCD 2:13, CBS 1:10 PCD abú
Tuismitheoirí/Parents
Created : 09 Mar 2018, 8:40 AM
Archived : 09 May 2018, 12:00 AM
Beidh Tástálacha Ábaltachta do bhliain 5 , Dé Luain, 12/3/2018. Aptitude Tests for 5th years will be held on Monday, 12/3/2018.
Ár mBaile Coiteann
Created : 08 Mar 2018, 10:53 AM
Archived : 09 May 2018, 12:00 AM
Tá daltaí ó Bhliain 2 agus 4 ag obair ar thogra speisialta i gcomhar le Poetry Ireland agus Creative Engagement. Tá siad ag féachaint ar an 17 Sprioc Domhanda atá ann, trí mheán na filíochta agus na heitseála. Tá obair iontach cruthaithe acu faoi stiúir an fhile Bríd Ní Mhóráin agus an t-ealaíontóir Niall Naessens. Tá scánnán coimisiúnaithe ag Poetry Ireland a léireoidh an próiseas seo agus beidh sé á láinseáil i mí an Aibreáin, le cúnamh Dé.
Tusimitheoirí / Parents
Created : 08 Mar 2018, 3:07 PM
Archived : 08 May 2018, 12:00 AM
Beidh réamhscrúduithe béil Spainnise ag bliain a 6 maidin Dé Satharn an 10ú Márta sa scoil.. Tá sé tábhachtach a bheith i láthair ag an am cuí. Mock oral Spanish exam for 6th year students will be held in the school on Saturday morn. 10th March 2018. Its very important to attend at given time.
Junk Kouture - babhta ceannais réigiúnach!
Created : 08 Mar 2018, 10:56 AM
Archived : 08 May 2018, 12:00 AM
Go n-éirí go geal le Maxim Ó Súilleabháin, Clodagh Ní Shiúrdáin agus Síomha Ní Ainiféin Dé hAoine 9 Márta agus iad ag dul go hOllscoil Luimnigh don mbabhta ceannais réigiúnach do Junk Kouture. Aquaria an teideal atá ar an bhfeisteas atá cruthaithe acu. Táimid an-bhródúil astu!
Tuismitheoirí/Parents
Created : 08 Mar 2018, 10:45 AM
Archived : 08 May 2018, 12:00 AM
Beidh scrúduithe cainte trialacha sa Ghaeilge ag bliain a 6, ar an Mháirt an 13ú Márta i rith am scoile. Tá sé tábhachtach a bheith i láthair ag an am cuí. Next Tuesday March 13th Leaving Cert Students will have their Mock Oral Irish Exams in School during school time. Its very important to attend at given time.