Displaying 751-760 of 839 results.
Ócáid Cheiliúrtha do Phádraig Firtéar
Created : 24 May 2018, 11:36 AM
Archived : 24 Jul 2018, 12:00 AM
Bhí ócaid ana-speisialta againn sa scoil Dé Máirt, 22 Bealtaine in omós dar bPríomhoide Pádraig Firtéar atá ag éirí as i mbliana. Dheineamar an t-eagrúchán ar fad faoi rún agus fuair sé preab nuair a chonaic sé an stáitse amuigh sa chlós agus na daltaí agus na múinteoirí ar fad,a chlann féin agus daoine eile ón bpobal agus ón mBord Bainistíochta amuigh ag fanacht leis, Sheinn na daltaí píosa ceoil nua-chumtha don ócáid agus labhair Sadie Ní Ghrifín agus Eoin Ó Muircheartaigh ar son na ndaltaí agus labhair Donncha Ceilleachair ar son na foirne. Labhair an leas-phríomhoide, Elaine Ní Loingsigh chomh maith. Dhein Bliain 1 bronnadh ar Phádraig. Bhí píosa potadóireachta déanta acu sa rang ealaíne dó. Cuireadh crann amuigh sa ghairdín agus nochtadh leac a bhí déanta go speisialta don ócáid ag gabháil buíochais leis as an 43 bliain atá caite aige leis an oideachas. Go n-éirí go geal leat agus tú ar scor, a Phádraig!
Tuismitheoirí/Parents
Created : 22 May 2018, 3:34 PM
Archived : 22 Jul 2018, 12:00 AM
Oíche cheiliúrtha na hIdirbhliana, Dé Céadaoin, 23-5-2018 @ 7.00. Éide scoile go hiomlán le bheith ar na scolairí go léir. TY award night, Wednesday, 23-5-2018 @7.00pm. Full uniform to be worn by all students.
Tuismitheoirí/Parents
Created : 22 May 2018, 3:26 PM
Archived : 22 Jul 2018, 12:00 AM
Fáiltímid roimh milseoga don ócáid Slán leis an Ardteist. Is féidir iad a thabhairt isteach ar scoil an tráthnóna Déardaoin san. Míle buíochas. Éide scoile go hiomlán le bheith ar na scolairí go léir. Any parents who wish to bring desserts to Slán leis an Ardteist are welcome to do so. They can be brought into the school that Thurs evening. Many thanks. Full uniform to be worn by all students.
Tuismitheoirí/Parents
Created : 21 May 2018, 11:55 AM
Archived : 21 Jul 2018, 12:00 AM
Ar son daltaí na séú bliana, ba mhaith linn cuireadh a thabhairt díbh chuig Aifreann deireadh na bliana i Séipéal Naomh Muire, Déardaoin, 24 Bealtaine @ 2.15i.n. Beidh cóisir agus bronnadh na nduaiseanna ar siúl i Halla na Pobalscoile tar éis an Aifrinn. On behalf of the 6th year students we would like to invite you to the End of year Mass in St. Mary`s Church, Dingle on the 24th May @ 2.15pm. Following the mass there will be a celebration and presentation in the school hall
Buíochas as urraíocht
Created : 14 May 2018, 10:35 AM
Archived : 14 Jul 2018, 12:00 AM
Táimid ana-bhuíoch do Sheán Ó Móráin a thug urraíocht don fhoireann peile sinsearach do Chorn Uí Ógáin.
Tuismitheoirí/Parents
Created : 10 May 2018, 2:49 PM
Archived : 10 Jul 2018, 12:00 AM
Scolairí bhliain 2, rang Teicneolaíocht Ábhar Adhmad. Tá €10 le íoc chun na hoifige maidir le tionsnamh Adhmadóireachta roimh an Aoine, 18 Bealtaine, 2018. 2nd year students, Woodwork class, €10 to be paid at the office for woodwork project by Friday 18th May, 2018.
Tuismitheoirí/Parents
Created : 03 May 2018, 3:07 PM
Archived : 03 Jul 2018, 12:00 AM
Níl anseo ach nóta gairid ag cur in iúl duit go bhfuil míolta beaga i ngruaig daltaí sa scoil faoi láthair. This is just a short note informing you that some of our students have head lice in their hair at present.
Tuismitheoirí/Parents
Created : 03 May 2018, 12:49 PM
Archived : 03 Jul 2018, 12:00 AM
Tá eadaí in easnamh ó Seo na hIdirbhliana. Cinntigh le do mhac / iníon gur thugadar thar nais gach rud. Some items of clothing are still missing from TY show. Ensure with your son / daughter that they returned all items.
Gradaim Press Pass arís i mbliana - Pobalscoil Chorca Dhuibhne abú!
Created : 27 Apr 2018, 12:41 PM
Archived : 27 Jun 2018, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Síomha Ní hAiniféín, James Ó Dubháin agus Conn Ó Riagáin Bhuaigh James an chéad áit sa rannóg Nuachta, tháinig Conn Ó Riagáin sa dara háit sa rannóg chéanna agus ba í Síomha buaiteoir an chomórtais ina iomláine. Bail ó Dhia orthu agus ar na múinteoirí iontacha atá acu, Bean Uí Chiardhubháin agus an Máistir Ó Dálaigh. Nár laga Dia sibh! www.independent.ie/irish-news/education/somhas-first-is-a-double-for-school-36849827.html presspass.ie/pp/wp-content/uploads/Overall-winner-2018.pdf
Oscailt Oifigiúil - Ár mBaile Coiteann
Created : 25 Apr 2018, 2:49 PM
Archived : 25 Jun 2018, 12:00 AM
Beidh an taispeántas ‘Ár mBaile Coiteann’ á oscailt go hoifigiúil Dé Céadaoin, 2 Bealtaine ag 6:30 i.n i bPobalscoil Chorca Dhuibhne ag Rachel Holstead, Áisitheoir Ealaíne, Ealaín na Gaeltachta. Tionscnamh comhoibríoch idir scoláirí ó Bhliain 2 agus an Idirbhliain, an Múinteoir Ealaíne Brenda Ní Fhrighill, an File Bríd Ní Mhoráin agus an Déantóir Priontaí Niall Naessens. Cuireann an tionscnamh seo roimhe aird a tharraingt ar na Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe trí mheán na filíochta agus na heitseála. Fiche seacht scoláire a bhí páirteach: ocht n-ealaíontóir déag ó Bhliain 2 agus naonúr file ón Idirbhliain agus ó Bhliain 2. Thar thréimhse dhá mhí, d’oibrigh na scoláirí le Bríd agus Niall chun dánta agus eitseáil a chruthú. Léirítear an proiséas a bhí i gceist leis an tionscnamh i scannán gairid. Tá an saothar seo ar taispeáint go buan i bPCD agus ar fáil mar thúsphointe eolais ar an oideachas forbartha do phobal na scoile ar fad. Deineadh an tionscnamh seo le cabhair fhlaithiúil ó: Éigse Éireann; Páirtíocht Chruthaitheach agus WorldWise Global Schools.